Anois uair na cinniúna do Corbyn agus dá chur chuige

Má éiríonn ar chor ar bith le Corbyn sa ngearrthéarma, spreagadh mór a bheadh ann do pháirtí anseo a lorg a leanúint...

At the No More War event at Parliament Square in August. A Creative Commons stock photo.
James Corbyn

Tá ceannaire nua Phairtí an Lucht Oibre i Sasana, Jeremy Corbyn, ag tosú anois ag iarraidh an páirtí a choinneáil le chéile.

Cinnte, bhíothas ag tuar go mbeadh an bua aige sa rás ceannaireachta le tamall anuas, ach ní rabhthas ag súil le bua chomh rábach sin – beagnach 60% de na vótaí.

Mar sin féin, tá a lán daoine móra le rá sa bpáirtí ag diúltú comhoibriú leis an gceannaire nua agus táthar le cur leis na hionsaithe nimhneacha ina choinne a bhí le tabhairt faoi deara sna meáin i gcaitheamh an fheachtais.

Tá seachtar de chomhaireacht cúil an pháirtí i ndiaidh a fhógairt nach mbeidh siad ar fáil don chomhaireacht cúil nua, is tá an té a toghadh mar leascheannaire, Tom Watson, ag cur brú ar Chorbyn imeacht on múnla sóisialach a chuir sé chun cinn sa bhfeachtas agus glacadh le polasaithe d’eite dheis an pháirtí – go háirithe maidir le harmas núicléach.

Is léir go mbeidh an bhunaíocht i Sasana ag deanamh a ndíchill le féachaint chuige nach n-eireoidh leis an athnuachan ar an bpáirtí atá i gceist ag Corbyn.

Táthar ag rá, mar shampla, nach féidir bua a fháil i dtoghcháin parlaiminte na Breataine le polasaithe sóisialacha, ach deir na sóisialaithe nach fiú toghchán a bhuachaint mura bhfuil polasaithe nua ann. Más polaitíocht dTóraithe atá uait, a deir siad, caith do vótá do na Tóraithe.

Tá sé róluath á rá cé acu an éireóidh le Corbyn nó nach n-éireoidh, ach tá faitíos mór ar bhunaíocht na Breataine, agus orthu siúd in Éirinn a leanann an sampla sin.

Sa gcómhthéacs seo, cuireadh a lán daoine ag gáire nuair a ghabh Joan Burton, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre in Éirinn, comhghairdeachas leis as a bhua, mar in Éirinn tá Burton agus a páirtí ag troid go géar in aghaidh na gcineál polasaithe atá á gcur chun tosaigh ag Corbyn.

Ach más féidir le Corbyn é féin a dhainginiú mar cheannaire agus an páirtí a stiúradh ar bhóthar an tsóisialachais, beidh tionchar mór aige sin ar pholaitíocht na hEorpa fré chéile.

Cheana féin, tá lucht oibre na hEorpa ag casadh ón tseanpholaitíocht. Fiú má tá Syriza ag loiceadh ar phobal na Gréige tré ghéilleadh don Eoraip is don déine, ba chomhartha í céadbhua Syriza go raibh an pobal ag lorg rud eicínt difriúil.

Is é an dála céanna é le Podemos sa Spáinn, le Sinn Féin in Éirinn, agus anois le Corbyn sa mBreatain.

Ar ndóigh, cara mór le hÉirinn é Corbyn, fear a sheas riamh ar son shaoirse iomlán na hÉireann is athaontú ár dtíre. Thuill sé cuid mhaith cáineadh ó mheáin ‘oifigiúla’ na Breataine dá bharr.

Ach is in Albain, b’fhéidir, a chuirfear an triail is mó air.

Chaill Labour an-chuid tacaíochta in Albain mar gheall ar na polasaithe den eite dheis a cleachtaíodh le linn réimeas Tony Blair is Gordon Brown. Fuair an SNP (Páirtí Náisiúnta na hAlbain) cuid mhaith den tacaíocht sin, agus ní cosúil go fóill go bhfuil sé le cailliúint acu.

Ach an dtabharfadh Labour nua faoi Chorbyn dúshlún an SNP i measc an lucht oibre in Albain? Agus cá seasann is cá seasfadh Corbyn féin maidir leis an dara reifreann faoi neamhspleáchas atá á bheartú ag an SNP?

Tá Corbyn cineál teoranta sa mhéid atá ráite go fóill aige faoi sin, agus é den tuairim gur cinneadh do pharlaimint na hAlban agus do mhuintir na hAlban reifreann eile a reáchtáil. Deir sé go léireódh sé a dhearcadh faoi sa gcómhthéacs sin.

Idir an dá linn, an mbeidh sé in ann comhoibriú a chothú idir an dá pháirtí i Westminster? I ndeireadh na dála, tá sé féin agus an SNP ar aon tuairim maidir le cur i gcoinne na déine, cur i gcoinne Trident agus armas núicléach, agus nithe eile.

Agus céard faoi Labour in Éirinn?

Mura dtiocfaidh athrú mór ar na pobalbhreitheanna, tá treascairt mhór i ndán do Phairtí an Lucht Oibre abhus. Ach ina dhiaidh sin, nuair a dhéanfar iarracht an páirtí a thógáil in athuair, an ndéanfar iarracht sampla Chorbyn a leanacht nó an bhfuil an páirtí gafa ar fad ag múnla lucht na brabúsaíochta?

Ach má éiríonn ar chor ar bith le Corbyn sa ngearrthéarma, spreagadh mór a bheadh ann do pháirtí anseo a lorg a leanúint.

Ach má éiríonn le meáin na bunaíochta scoilt mhór a chothú sa bpáirtí faoi réimeas Chorbyn, treiseofár ar argóintí an dreama a deir nach bhfuil aon rogha eile ann don Eoraip.

Fág freagra ar 'Anois uair na cinniúna do Corbyn agus dá chur chuige'