Anois thar ariamh, a Chlann na Tuaithe…

Mhol ár gcolúnaí breis agus bliain ó shin go mbunófaí Clann na Tuaithe. Anois tá cás na tuaithe i mbun agus i mbarr gach véarsa ar chuid de na cláracha náisiúnta raidió agus teilifíse

fence-918535_1920

Feictear dom go bhfuil daoine údarásacha ag tabhairt aird sa deireadh ar an smaoineamh a dhúisigh mé i dTuairisc.ie os cionn bliana ó shin faoi bhunú eagraíocht dar teideal Clann na Tuaithe.

Mheabhraigh mé aríst é tar éis an olltoghcháin.

Níl mé ag maíomh ar bhealach ar bith gur mar gheall gur thosaigh mise ag caint mar sin atá sé ina lán béil anois ag na Tráchtairí Móra. Nílim go deimhin. Fás nádúrtha atá ann a tháinig as an toradh neamhchoitianta a bhí ar an olltoghchán.

Léirigh an toghchán go han-soiléir gur thug muintir na tuaithe droim láimhe don soiscéal a bhí ag Fine Gael, go háirithe, faoin mborradh a choinneáil ar siúl. Ní mórán níos fearr a bhí Fianna Fáil go deimhin, cé go bhfuil siad ag iarraidh a mhalairt a chur i gcéill anois.

Thogh muintir na tuaithe grúpa maith Teachtaí Dála a bhfuil leas na tuaithe go mór ar a gclár oibre. Níl an dá pháirtí mhóra in ann beag is fiú a dhéanamh díobh níos faide.

Teastaíonn siad go géar uathu anois.

Nuair a foilsíodh an t-alt is deireanaí sin i dTuairisc.ie shocraigh an clár raidió Cormac ag a Cúig díospóireacht a thosú faoin ábhar idir mé féin agus Breandán Mac Gearailt as Corca Dhuibhne. Ní raibh aon mheas mór ag Breandán ar mo scéal. B’fhearr leis a bheith ag caint ar na buanna iontacha atá ag Fianna Fáil déarfainn!

A mhalairt de dhearcadh a bhí ag fear eile as Ciarraí, an t-iarSheanadóir Joe O’Toole. Thacaigh seisean go láidir leis an smaoineamh.

Phléigh sé ar dhá chlár teilifise é agus scríobh sé alt ina thaobh san Irish Times. D’úsáid sé an t-ainm Clann na Tuaithe fiú amháin.

Tharraing John Downing anuas an scéal san Irish Independent. Shíl seisean gur páirtí a bhí ar m’intinn agus go raibh mé ag cuimhneamh ar Chlann na Talmhan a bhí i gcomhrialtas idir 1948 agus 1951.

Bhí dul amú beag air ansin mar ní páirtí a bhí i gceist agamsa ar chor ar bith ach comhghuaillíocht.

Maidir le Clann na Talmhan tá difríocht mhór amháin idir an bunús a bhí leosan agus an bunús a bheadh le Clann na Tuaithe.

Eagraíocht feilméaraí ba ea Clann na Talmhan, feilméaraí beaga go mór mór. Chúngaigh sé sin an éifeacht a bhí acu.

Ní hamhlaidh a bheadh i gcás Chlann na Tuaithe; ar son na gceantar tuaithe ar fad a bheidís ag seasamh, sa gciall is leithne den téarma sin.

Thuigfeadh Clann na Tuaithe go bhfuil an talmhaíocht tábhachtach sa tír seo ach bheadh a fhios acu freisin nach taobh le feilméaraí atá an tuath; bheadh na bailte agus na sráidbhailte mar chúram orthu i gcónaí chomh maith.

Tá rud amháin cinnte agus is é sin nach ligfear cás na tuaithe i ndearmad go héasca go ceann tamall maith aríst má oibríonn na Teachtaí Dála a bhfuil mianach agus meon na tuaithe iontu go stuama agus go daingean.

Is fiú iad a ainmniú aríst: Denis Naughten, Michael Fitzmaurice, Danny Healy Rae, Michael Healy Rae, Noel Grealish, Michael Collins, Michael Harty, Seamus Healy, Mattie McGrath, Thomas Pringle, Seán Canney agus Kevin Boxer Moran.

Cruthú maith ar an tionchar atá acu cheana féin an chaoi a bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil ar a mbionda faoi láthair ag cur pleananna móra tuaithe os a gcomhair ag iarraidh iad a mhealladh.

Tá caint ar Aire Gnóthaí Tuaithe, ar Aire Gaeltachta a thabharfadh aire do chúraimí eile freisin, ar chóras ceart leathanbhanda, ar athbhreithniú a dhéanamh ar dhúnadh na n-oifigí poist agus mar sin de.

Tá aireachtaí á dtairiscint do chuid de na neamhspleáigh más fíor tuairiscí.

Cuimhnigh go raibh Joseph Blowick ina Aire agus Michael Donnellan ina Rúnaí Parlaiminte ag Clann na Talmhan sa gcomhrialtas sin a tháinig i gcumhacht i 1948.

Cheana féin, tá cás na tuaithe i mbun agus i mbarr gach véarsa ar chuid de na cláracha náisiúnta raidió agus teilifíse.

Rinneadh neart cainte faoi ar chlár Mharian Finucane Dé Domhnaigh.

Mhothófá go raibh iontas uirthi faoin méid cainte a bhí sé a tharraingt.

Bhí neart de pholaiteoirí móra Fhine Gael nár thuig é ach an oiread agus tá a méar ina mbéal anois acu.

Fág freagra ar 'Anois thar ariamh, a Chlann na Tuaithe…'

  • Padraic de Bhaldraithe

    An mbeadh duine ar bith sásta sainmhíniú a thabhairt ar ceárd is tuath ann níos mó? Tá an oiread sin athruithe le feiceáil sna ceantair sin a ndeirtí fúthu go raibh siad “faoin tuath” gur deacair a bheith soiléir faoin gciall atá leis an rangú sin níos mó.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Féach ar an sainmhiniú a tugadh sa tuarascáil a hullmhaíodh don rialtas faoi cheannas Phat Spillane — chuile áit taobh amuigh de na chúig chathair mhóra.