Anois nó riamh ag na Leoin leochaileacha agus Gatland

Tá trí athrú déanta ag Warren Gatland ar an bhfoireann a chuirfidh sé chun páirce maidin amárach don dara cluiche in aghaidh na Nua-Shéalainne

Anois nó riamh ag na Leoin leochaileacha agus Gatland

Imreoir na Leon, Jonathan Davies. Pictiúr: INPHO/Photosport/Marty Melville

Ní féidir é a sheachaint ná a shéanadh, fuair na Leoin greadadh ó na All Blacks sa gcéad tástáil Dé Sathairn seo caite.

Bhí an bua le dúbailt scóir 30-15 ag foireann an bhaile, i gcluiche inar aimsíodh cúig úd ar fad, trí cinn do na All Blacks i gcomparáid leis an bpéire a d’aimsigh na Leoin. Ní mórán é sin, a deir tú, agus is fíor sin go cinnte, ach ba é an líon ard ciceanna pionóis a thug imreoirí an limistéir seo uathu an difríocht ba mhó idir an dá thaobh.

Is deacair a shamhlú go mbeidh na Leoin in ann an bhearna 15 pointe sin a shárú in imeacht seacht lá, go háirithe má chuireann tú san áireamh an painéal a roghnaigh a mbainisteoir Warren Gatland, rogha a thuill mórcháineadh. Cuimhnigh freisin nach raibh foireann lár na seachtaine in ann a bheith ach ar comhscór, 31 pointe an taobh, nuair a d’imir siad i gcoinne na Hurricanes maidin Dé Máirt.

Mar sin féin, is fíor gur éirigh leis na Leoin bagairt a dhéanamh ar líne úid na All Blacks. Ar bheagán toradh, faraor, a bhí a gcuid iarrachtaí seachas cúpla babhta.

Má éiríonn leo sin a chur ina cheart, agus níos tábhachtaí fós, má éiríonn leo maolú go mór ar na dearmaid bhunúsacha a rinne siad sa síneadh amach, sa gclibirt agus sa láimhseáil, is cinnte nach mbeidh siad gan seans.

Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuil údar spreagtha mór amháin ag na Leoin an Satharn seo, is é sin gurb é an cluiche seo an dara ceann i gcomórtas trí thástáil thar thrí dheireadh seachtaine agus ó tharla gur theip orthu sa gcéad tástáil, beidh a rás rite má chailleann siad an cluiche seo. Má tharlaíonn sin is cinnte go mbeidh an lucht leanta, atá dílis do na Leoin agus a d’íoc na mílte euro le tacú leo, ina ndíol trua mór, go háirithe iad siúd a bheas fós sa Nua-Shéalainn don tríú tástáil.

Feicfidh muid an leor é sin ar fad mar splanc agus spreagadh do na Leoin.

Tá trí athrú déanta ag Gatland ar an bhfoireann a chuir sé chun páirce don chéad tástáil.

Creideann sé go bhfuil chuile líne i measc a fhoirne treisithe aige, an dara roinn agus na leathchúil, áit a bhfuil Johnny Sexton ag cur chun páirce, ach go háirithe.

Ní hamháin go mbeidh lucht leanta

na Leon, iad siúd a thaistil go dtí an domhan ó dheas go mór mór, díomách má chailleann siad an dara cluiche as a chéile, tá baol mór ann freisin go scriosfar branda na Leon go hiomlán. Creideann go leor gurb é Gatland agus a dhearcadh  teoranta agus logánta is cúis leis sin.

Anois sin brú damanta, níl aon dabht faoi.

Fiú leis an spreagadh sin ar fad san áireamh, tá mise ag tuar bua eile do na All Blacks.

Ach nár bhreá liom dul amú a bheith orm?

Fág freagra ar 'Anois nó riamh ag na Leoin leochaileacha agus Gatland'