ANAILÍS: Níl scéal na Gaeltachta chomh duairc is a tuairiscítear sa Nuashonrú – Ó hÉallaithe

Ní hionann an tslat tomhais do dhaoine óga agus don daonra iomlán sa staidéar, rud a fhágann go bhfuil an léamh ann ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht ródhuairc, dar le Donncha Ó hÉallaithe

Clúdach

Abair go bhfuil comparáid le déanamh idir beirt luthchleasaithe, Seán agus Bertie, le fáil amach cé acu is sciobtha. Ritheann Seán 1,000 méadar agus tógann sé ceithre nóiméad air. An chéad lá eile, ritheann Bertie 1,000 slat agus ní thógann sé air ach 3 nóiméad 50 soicind. An féidir a rá go raibh Bertie níos tapúla ná Seán?  Ní féidir mar nach ionann 1,000 méadar a rith agus 1,000 slat a rith.

Le comparáid bhailí a dhéanamh idir dhá ghrúpa, ní mór a bheith cinnte go bhfuil an tslat tomhais chéanna á úsáid.  Sa Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, a foilsíodh le gairid, tá an chuma ar an scéal gur úsáideadh slat tomhais dhifriúl le comparáid a dhéanamh idir úsáid laethúil na Gaeilge i measc daoine óga (3 – 18bl.) agus úsáid laethúil na Gaeilge i measc an daonra iomlán.

Ba é an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2007) a rinne catagórú ar phobail Ghaeltachta, bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí laethúla (% CL) sa Daonáireamh a tógadh i 2002. Le haitheantas mar cheantar i gCatatóir A a fháil, leagadh síos go gcaithfeadh breis is 67% den daonra iomlán (3bl.+) na toghroinne a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Níor deineadh aon idirdhealú sa gcritéar sin – 67% de chainteoirí laethúla – idir cainteoirí laethúla taobh istigh nó taobh amuigh den chóras oideachais. Ag an am ní raibh an fhaisnéis ar fáil ón Daonáireamh a thabharfadh le fios cén céatadán den daonra a úsáideann Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Tá an t-eolas sin ar fáil anois ó Dhaonáirimh 2006 agus 2011, agus usáid á bhaint as sa Nuashonrú le céatadán de na daoine óga (3 – 18bl.) a úsáideann an Ghaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a thuairisciú do gach ceann de na 155 toghroinn sa Ghaeltacht oifigiúil.

Ar ndóigh, nuair a chuirtear as an áireamh na daoine óga a úsáideann Gaeilge sa scoil, ach nach n-úsáideann í taobh amuigh den scoil, tugann sé pictiúr níos cruinne dúinn ar láidreacht na teanga sa phobal.

Tógfaidh mé mo phobal féin mar shampla: an toghroinn ar a dtugtar Sailearna, clúdaíonn sé Ceantar an Chnoic, i gCois Fharraige, Conamara. De réir Dhaonáireamh 2011, bhí 81% den daonra iomlán i Sailearna ina gCainteoirí Laethúla (CL), ag úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil, bíodh sé taobh istigh nó/agus taobh amuigh den scoil.

Bhí an figiúr sin go maith os cionn an scoithphointe de 67% a bhí leagtha síos chun a bheith áirithe mar cheantar ‘Catagóir A’ sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007. Ach nuair a chuirtear as an áireamh na daoine, páistí scoile a bhformhór, a úsáideann Gaeilge ar scoil amháin, titeann céatadán na gcainteoirí laethúla go 64.5% i Sailearna, figiúr atá faoi bhun na tairsí de 67%. Faoi critéar amháin (% cainteoirí laethúla ag 67%+) bheadh Sailearna ina Chatagóir A gan stró ach faoin gcritéar eile (% cainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais), thitfeadh Sailearna faoi bhun 67% agus ó Chatagóir A go Catagóir B.

Catagóiriú na nDaoine Óga

Sa Nuashonrú sé an tslat tomhais a usáideadh do ‘Chatagóír A’ ná go mbeadh ar a laghad 67% den daonra iomlán ina gcainteoirí laethúla, bíodh sé sin taobh istigh nó taobh amuigh den chóras oideachais. Agus an tslat tomhais sin curtha i bhfeidhm fuarthas  amach go raibh 21 toghroinn i dteideal stádas mar cheantar ‘Catagóir A’ (tá an 21 ceantar sin liostáilte sa tábla thíos).

Ach nuair a bhí catagóiriú á dhéanamh sa Nuashonrú ar labhairt na Gaeilge i measc daoine óga na Gaeltachta, usáideadh slat tomhais níos déine. Maidir le daoine óga is cainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais (%CL Ø Oid) amháin a bhí i gceist.

Mar sin, tugadh isteach slat tomhais níos déine gan an scoithphointe de 67% a athrú dá réir.

Ní iontas ar bith é nach raibh “ach toghroinn amháin os cionn scoithphointe Chatagóir A nuair a chuirtear an anailís chatagóireach i bhfeidhm ar fhaisnéis na nGaeilgeoirí óga”, mar a deirtear sa Nuashonrú.

Ní dóigh liomsa, áfach, gur féidir an tátal sin a bhaint as na figiúirí daonáirimh don aoisghrúpa is óige. Tá an tátal sin bunaithe ar shlat tomhais níos déine a úsáid i gcás na ndaoine óga, ná mar a úsáideadh i gcás an daonra iomlán.

Go bunúsach seo an áit a bhfuil an fhadhb agamsa glacadh lena a bhfuil ráite faoi dhaoine óga sa Nuashonrú: tá critéar Chatagóir A (67%+) bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí laethúla (%CL) sa daonra iomlán, bíodh siad taobh istigh nó taobh amuigh den chóras oideachais, ach tá stádas na ndaoine óga (3 – 18bl.) á bhunú ar shlat tomhais níos déine – céatadán na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais (%CL Ø Oid).

Tuigim cén chúis ar usáideadh sa Nuashonrú an tslat tomhais níos déine – tugann sé léargas níos cruinne dúinn ar úsáid na Gaeilge sa phobal. Ach má athraítear an tslat tomhais, feictear domsa go gcaithfidh tú an scoithphointe a athrú chomh maith.

Ach an oiread le Bertie agus Seán, má bhí 1,000 slat le rith ag Bertie, is ceart nach mbeadh ach 914 méadar le rith ag Seán sara bhféadfaí comparáid shlán a dhéanamh idir na hamanna a thóg sé orthu an cúrsa a rith, óir ní hionann 1000 méadar agus 1000 slat.

Ar an gcaoi chéanna, ní hionann ‘67% de Chainteoirí Laethúla’ agus ‘67% de Chainteoirí Laethúla taobh amuigh den chóras oideachais’.

Ag baint úsáide as modh matamaiticiúl ar a dtugtar an anailís ar chúlchéimniú líneach (linear regression analysis), déanaim amach gurb ionann mar scoithphointe 56% i gcás ‘na gCainteoirí Laethúla Taobh Amuigh den Chóras Oideachais’ (%CL Ø Oid) agus 67% i gcás na gcainteoirí laethúla i measc an daonra iomlán (%CL).

(Mar eolas, seo é an gaol idir an dá ghrúpa a fuaireas do na toghranna i gCatagóir A: Y = 0.53X + 20.85 áit a bhfuil Y = % Cainteoirí Laethiúla taobh amuigh den oideachas agus X = % Cainteoirí Laethúla, is cuma an taobh istigh nó taobh amuidh den chóras oideachais iad.)

Mar sin, má chuirtear an scoithphointe nua don slat tomhais níos déine (%CL Ø Oid) 56% – i bhfeidhm ar chéatadán na gCainteoirí Laethúla Taobh Amuigh den Chóras Oideachais i measc an daonra iomlán (3bl.+) sa Ghaeltacht, bheadh tú fágtha le 20 toghroinn i gCatagóir A in áit an 21 atá sa Nuashonrú. (Féach colún II sa tábla).  Is é Dún Lúiche an toghroinn a thitfeadh faoi bhun an scoithphointe.

Ar an gcaoi chéanna, má chuirtear an scoithphointe nua – 56% – i bhfeidhm ar chéatadán na ndaoine óga atá ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil (colún 3 sa tábla thuas), tá tú fágtha le 12 Toghroinn i gCatagóir A, seachas toghroinn amháin mar a tuairiscíodh sa Nuashonrú agus an 67% á úsáid mar scoithphointe ag na húdair. (Tá na toghroinn seo marcáilte sa tábla thíos *.)

Ar an mbonn sin ní ghlacaim leis an drochscéal sa Nuashonrú nach bhfuil ach toghroinn amháin fágtha sa Ghaeltacht ina bhfuil an t-aos óg ag freagairt do stádas Chatagóir A.

Bheadh scéal eile ar fad againn dá gcuirfeadh an Nuashonrú an critéar céanna i bhfeidhm ar an daonra iomlán is a cuireadh i bhfeidhm ar dhaoine óga – is é sin go gcaithfeadh 67%+ de dhaoine a bheith ina gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais chun go mbainfí stádas ‘Catagóir A’ amach. (Féách colún 2 sa tábla).

Dá ndéanfaí sin, in áit an 21 toghroinn a luaitear sa Nuashonrú i gCatagóir A ní bheadh fágtha ach trí chinn, – sin Cill Chuimín (Na Minna, An Tulach, Ros a’ Mhíl), An Crompán (An Cheathrú Rua) agus Cill Chuáin (Feothanach i gCorca Dhuibhne).

 Screen Shot 2015-06-12 at 11.31.05

Fág freagra ar 'ANAILÍS: Níl scéal na Gaeltachta chomh duairc is a tuairiscítear sa Nuashonrú – Ó hÉallaithe'

  • Juncaí an Dóchais

    Gan moltaí gan fís gan treoir, ceapaim go bhfuil sé ciallmhar glacadh le piollaí Ui hÉallaithe agus, sea, níl scéal na Gaeltachta chomh duairc sin ar an bpointe.

  • Darragh Ó Náraigh

    Tá neart plé faoi thuairisc an dochtúra Conchúir Uí Ghiollagáin, agus is deas an rud é súil eile a fheiceáil ar an ábhar seo,ach go háirithe ainilís eolaíoch. An suimiúil ar fad, agus ábhar machnamh dúinn go léir.

  • Cormac O Grada

    Maith thu, a Dhonncha