Anailís déanta ag ríomheolaí aitheanta ar na tvúiteanna a seoladh le linn Oireachtas na Samhna

Tá anailís déanta ag an ríomheolaí aitheanta Kevin Scannell ar na giolcacha Gaelacha a seoladh i gcaitheamh na seachtaine seo caite agus an giolc is rathúla aimsithe aige

Anailís déanta ag ríomheolaí aitheanta ar na tvúiteanna a seoladh le linn Oireachtas na Samhna

Ba é an físeán a scaip cuntas oifigiúil an Oireachtais de Chór Chúil Aodha ag an gceolchoirm ‘I gCuimhne Laochra’ an giolc is rathúla a seoladh faoin haischlib #OnaS16 le linn mhórfhéile na nGael an tseachtain seo caite.

Ba ag @OirnaGaeilge a bhí na trí ghiolc ba mhó a athghiolcadh agus is mó croíthe le linn na féile.

Thuill an físeán den Chór agus Mo Ghile Mear á chasadh acu 29 athghiolc agus 55 croí ar an suíomh meán sóisialta Dé hAoine.

Sna sála air sin bhí físeán eile, buaiteoir Chorn Uí Riada Caitlín Ní Chualáin as Indreabhán i nGaillimh, agus í ag canadh a tríú hamhrán ar stáitse an INEC i ndiaidh di an Corn a ghnóthú. Tugadh 27 athghiolc agus 55 croí don fhíseán sin.  

Sa tríú háit bhí grianghraf d’Uachtarán an Oireachtais, Ray Mac Mánais, ag oscailt Aonach an Oireachtais maidin Déardaoin sular chruinnigh na sluaite i gCill Airne. 16 athghiolc agus 31 croí a thuill an ceann sin.

Bhreathnaigh an tOllamh Scannell ar ghiolcacha Gaeilge faoi na haischlibeanna #OnaS16 agus #OnaS2016 agus níor áiríodh ach na hathghiolcacha agus na croíthe ó chuntais Ghaeilge. Is é sin le rá, cuntais a bhíonn i nGaeilge go minic agus atá ar liosta na ngiolcairí Gaeilge ar IndigenousTweets.com.

Seoladh 1,323 giolc faoi haischlibeanna an Oireachtais. Is laghdú an méid sin ar an 1,774 a seoladh le linn Oireachtas na bliana seo caite a reáchtáladh in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath. Tá méadú mór, mar sin féin, ar an méid cainte a dhéantar ar an Oireachtas ar na meáin shóisialta le blianta beaga anuas.

Níor seoladh ach 183 giolc faoin haischlib #OnaS11 nuair a bhí an tOireachtas ar siúl cúig bliana ó shin i gCill Airne.

Is léir go bhfuil glacadh níos forleithne anois leis an múnla sin haischlibe don fhéile agus go bhféadfadh sé go raibh i bhfad níos mó cainte faoi Oireachtas 2011 faoi haischlibeanna eile, leithéidí #Oireachtas2011 #OirnaSamhna agus go deimhin teachtaireachtaí nár cuireadh aon lipéad orthu ar chor ar bith.

Seoladh 546 giolc ó Leitir Ceannainn in 2012, 452 ó Chill Airne in 2013, 942 ón ionad céanna bliain ina dhiaidh sin agus 1,774 anuraidh.

Ba iad na cuntais ba bhisiúla le linn na féile i mbliana @ToghCon, cuntas a choinníonn súil ar chúrsaí polaitíochta agus sóisialta i dtoghcheantar Chonamara; @OirnaGaeilge, cuntas oifigiúil an Oireachtais, @OGCheanada, cuntas oifigiúil Oireachtas Cheanada agus @RTERnaG, cuntas oifigiúil Raidió na Gaeltachta.

I measc na n-ábhar agus na bhfocal eile a bhí i mbéal Ghaelphobal Twitter le linn na féile bhí ‘Corn Uí Riada’ ‘#Plé16’ ‘Gleneagle’ ‘Steip’ agus ‘Ródaí’.

Ba iad na daoine ba mhó i mbéal an phobail Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Chorn Uí Riada, Ray Mac Mánais, Uachtarán an Oireachtais, agus Caitlín Nic Aoidh, an láithreoir aimsire ar ‘bhuail’ splanc thintrí í ar TG4 Oíche Shamhna.

Chaith Mícheál Ó Meachair ‘súil ar an Oireachtas digiteach’ ar #OnaS15 anuraidh ar an iris Nós anseo.

Fág freagra ar 'Anailís déanta ag ríomheolaí aitheanta ar na tvúiteanna a seoladh le linn Oireachtas na Samhna'