‘Anailís ar Theip: an Ghaeilge agus Stát na hÉireann’ – Mac Síomóin i measc na gcainteoirí ag siompóisiam ar an Ómaigh

Beidh 1916: Pobal, Tír agus Teanga’ ar siúl ar an Ómaigh amárach agus go leor le plé, dar leis an lucht eagraithe

‘Anailís ar Theip: an Ghaeilge agus Stát na hÉireann’ – Mac Síomóin i measc na gcainteoirí ag siompóisiam ar an Ómaigh

Tomás Mac Síomóin. Pictiúr: www.portraidi.ie

Beidh siompóisiam ‘1916: Pobal, Tír agus Teanga’ ar siúl ar an Ómaigh an Satharn beag seo, an 24 Meán Fómhair.

I measc na gcainteoirí beidh an t-údar Tomás Mac Síomóin agus é ag caint ar an ábhar ‘Anailís ar Theip: an Ghaeilge agus Stát na hÉireann’.

Labhróidh an Dr Liam Campbell as Doire ar ‘Ghleann an Fheabhail, mar a bhí, mar atá, agus mar a bheidh’. Labhróidh an Dr Eda Sagarra, iarOllamh le Gearmáinis i gColáiste na Tríonóide, ar a hathair, Kevin O’Shiel, dlúthchara de chuid Mhíchíl Uí Choileáin.

Bhí Kevin O’Shiel ina chomhairleoir sinsearach ar chúrsaí dlí ag an Saorstát ag tús na 1920dí, bhí lámh aige sa chéad bhunreacht a bhí ag an Stát. B’eisean a rinne na cáipéisí dlí a dhréachtú agus an stát nua ag clárú le Conradh na Náisiún.   Ba as an Ómaigh d’O’Shiel, ach d’imigh sé leis go Baile Átha Cliath nuair a tháinig an chríochdheighilt i bhfeidhm.

Cuirfear clabhsúr leis an lá leis an dráma aonair le Noel Ó Gallchóir, Ó Pheann an Phiarsaigh.

Deir Dr Peadar Mac Gabhann duine de lucht eagraithe an tsiompóisiam:

“Sa ré sin, céad bliain ó shin, bhí an ghluaiseacht náisiúnta ag plé inbhuanaitheacht an gheilleagair, comhionannas deiseanna, comhtháthú sóisialta agus athbheochan na Gaeilge. Caithfimid plé a dhéanamh ar an gceist, an bhfuil aon fhuascailt ar cheann ar bith de na ceisteanna seo? Mura bhfuil, cad chuige?”

Cuirfear tús le himeachtaí an lae ag a dó a chlog agus tosóidh Ó Pheann an Phiarsaigh ag leathuair i ndiaidh a seacht. Is i nDún Uladh a bheidh na himeachtaí go léir.

– Beidh an siompóisiam saor in aisce, táille £5 ar an doras don dráma. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Kevin Goodwin (+44) 7747899249.

Fág freagra ar '‘Anailís ar Theip: an Ghaeilge agus Stát na hÉireann’ – Mac Síomóin i measc na gcainteoirí ag siompóisiam ar an Ómaigh'