An uair an chloig teilifíse is fearr dá bhfaca mé riamh

Tá Game of Thrones gob ar ghob leis na sraitheanna drámaíochta is fearr a bhí riamh ann

An uair an chloig teilifíse is fearr dá bhfaca mé riamh

Mhúchas an teilifís agus mé ag gnúsachtach agus ag osnaíl le sástacht. ‘B’in an uair an chloig teilifíse is fearr dá bhfaca mé riamh,’ a d’fhógraíos le bean an tí, agus mé ag tagairt don cheathrú gála de Game of Thrones.  D’ardaigh sí a ceann ón iPad. ‘Mór an trua ná fuileann tú chomh  moltach fúmsa,’ a dúirt sí go seanbhlastúil, searbhasach (mar is dual don Chorcaíoch). B’in a raibh air agus chrom arís ar an iontas is déanaí ón Daily Mail ar líne. Níor thugas de fhreagra uirthi ach an carúl beagfhoclach a bhíonn ag an gCiarraíoch agus é ag trácht ar chaid; ‘Yerra’.

Bhí gála na seachtaine seo chomh maith sin gur dhaingnigh sé mo thuairim go bhfuil an saothar seo i measc phlúr na drámaíochta teilifíse.

Tráth dá raibh bhínn leithscéalach, foighneach, mínitheach nuair a cheistítí mé faoi bhuanna na sraithe seo; mé ag iarraidh a chur abhaile ar chréatúr bocht éigin go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis ná nochtacht agus dragúin.

Tá deireadh na feide sroichte agam anois agus táim oiriúnach ar lucht an amhrais a fhógairt go dtí an leac is íochtaraí in Cabot Cove le Jessica Fletcher. Dar liom go bhfuil an tsraith seo anois gob ar ghob le The Sopranos agus The Wire mar an tsraith drámaíochta is fearr a bhí riamh ann.

Foréigean, gnéas, camastaíl, cathanna taibhsiúla, caint thíriúil, slaiseanna, comhchealga agus castaí gan choinne agus carachtair lárnacha á gcur de dhroim seoil gan aon leisce. Aisteoirí den scoth ag cur carachtar caithiseach, cruálach, cigilteach inár láthair.

Táimid faoi dhraíocht ag ceardaíocht na scéalaíochta; cloch á chur ar dhá chloch agus dhá chloch ar chloch ón gcéad lá. Anois atá an luach saothair á fháil ag an lucht féachana. Tá an séasúr seo tar éis luí amach air féin ó thaobh na n-iontas agus na maisiúchán. Ina theannta sin, tá dlús curtha faoin scéalaíocht mar go bhfuilimid ag tarraingt ar cheann scríbe agus go bhfuil an séasúr seo níos giorra.

Is diail mar atá na carachtair uile, a gcúlraí agus a bhfuil tarlaithe i séasúr eile á gcniotáil le chéile. An tseachtain seo mar shampla tháinig carachtar os ár gcomhair, Gendry, ná facamar ó shraith 3 in 2013. Ar shlí amháin glacadh leis go dtabharfaimis linn a scéal ar an bpointe, agus ar shlí eile cuireadh abhaile orainn an chúis lena bheith istigh arís.

Tá ráchairt dhochreidte ar an tsraith agus curiarrachtaí féachana á mbriseadh ar fud an domhain aici. Tá sé anois ar an tsraith is mó ráchairte riamh ar HBO, dream a thug leithéidí The Sopranos, The Wire agus Sex and The City dúinn. N’fheadar Dia ná duine cé mhéad íoslódáil mhídhleathach atá déanta ar an saothar. Ní féachaint fhánach a bhíonn anseo, ach andúiligh dhílse atá gafa le gach cor, casadh, ráfla agus scéilín cúlra. Agus ar ndóigh, ní féidir a bheith dall ach oiread ar an oidhreacht turasóireachta a bheidh anseo don Tuaisceart. É sin ar fad agus níl an ceann scríbe eachtrúil sroichte fós againn.

Fág freagra ar 'An uair an chloig teilifíse is fearr dá bhfaca mé riamh'