An Tús Nua ó thuaidh? An seanscéal céanna agus meirg air

Bhris Arlene Foster an tsíleáil ghloine i dtús na bliana, bhí sí caithréimeach i dtoghchán an Tionóil ach ag druidim leis an Nollaig bhí sí faoi dhianbhrú agus Stormont ina chíor thuathail

An Tús Nua ó thuaidh? An seanscéal céanna agus meirg air

Arlene Foster. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Ba í seo an bhliain ar gealladh polaitíocht nua do mhuintir Thuaisceart Éireann faoin gCéad-Aire, ceannaire nua-thofa an DUP, Arlene Foster. Fuaireadar an t-athrú pearsan ar an 11 Eanáir 2016 nuair a tháinig Foster i gcomharbacht ar Peter Robinson ach dá lán, ní raibh ann as sin amach ach an seanscéal céanna agus meirg air.

Bhí An Tús Nua aontaithe ag an DUP, Sinn Féin agus an dá rialtas. Chomh maith le fuascailt ar an ngéarchéim faoin mbuiséad bhí dul chun cinn in ainm is a bheith ar na bacáin maidir le fadhbanna fadmharthanacha. Ina measc sin, bhí oidhreacht na dTrioblóidí, paráidí agus bratacha agus feachtas chun deireadh a chur le paraimíleatachas.

Ní hamháin nár deineadh dul chun cinn ar na ceisteanna stairiúla sin ach dhiúltaigh Arlene Foster as éadan d’iarracht a rinne an Príomh-Bhreitheamh dul i ngleic leis an bhfaillí ar 56 ionchoisne faoi bhás 95 duine. Rinne an Chéad-Aire Foster é sin as a stuaim féin, beag beann ar a comh-aire Martin McGuinness ó Shinn Féin a bhí báúil le moladh Sir Declan Morgan.

Ní dhearna an seasamh sin dochar ar bith d’Arlene Foster i dtoghchán an Tionóil sa Bhealtaine. Cuireadh i láthair na vótóirí í mar cheannaire ‘láidir’ aontachtach. Murab ionann agus a réamhtheachtaithe Peter Robinson agus Ian Paisley, bheadh Arlene in ann neamhaird a dhéanamh ar éilimh Shinn Féin, a dúradh. D’éirigh leis an DUP an 38 suíochán Tionóil a bhí acu a choinneáil, éacht a ceapadh a bheadh dodhéanta. Dá réir d’fhill Foster ar Stormont neartaithe sa DUP agus sa Tionól.

Tharla athrú stairiúil ar an bpolaitíocht i Stormont ina dhiaidh sin. Chuaigh an UUP agus an SDLP sa bhfreasúra in ionad glacadh le haireachtaí sa bhFeidhmeannas mar mhionpháirtithe. Den chéad uair, faoin Tús Nua bhí stádas oifigiúil ag freasúra. Ní raibh sa bhFeidhmeannas ansin ach an DUP agus Sinn Féin ó dhiúltaigh Alliance glacadh leis an Aireacht Cirt arís. Tar éis cur agus cúiteamh go leor, ceapadh an Teachta neamhspleách aontachtach Claire Sugden mar Aire Cirt.

Martin McGuinness. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Sa Mheitheamh ba é an DUP an t-aon mhórpháirtí i dTuaisceart Éireann a bhí ar son na Breatimeachta sa reifreann. Bhí na mionpháirtithe, an TUV agus UKIP, ar an taobh céanna leo agus roinnt d’ionadaithe an UUP cé go raibh an páirtí sin, go hoifigiúil ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach. Den chead uair riamh, bhí Sinn Féin i bhfabhar an Aaontais Eorpaigh. D’ainneoin an deighilt idir an dá pháirtí sa bhFeidhmeannas faoi Bhreatimeacht, d’éirigh le Arlene Foster agus Martin McGuinness easaontais a choinneáil faoi smacht agus é á rá go raibh ‘conradh neamhionsaithe’ eatarthu.

Sheas an conradh neamhfhoirmeálta sin, d’ainneoin an scannail faoi pharaimíleatach/pharaimíleataigh ón UDA a bheith gníomhach i scéim in oirthear Bhéal Feirste a fuair £1.7 milliún d’airgead poiblí. B’in ceann de na scéimeanna sóisialta i gceantair dhílseacha agus phoblachtacha a bunaíodh chun forbairt a chur chun cinn agus deiseanna fostaíochta a aimsiú i gceantair bhochta a bhíodh faoi chois ag paraimíleataigh. Mhair an t-aontas freisin, nó cuma an aontais ar aon nós, d’ainneoin ceisteanna faoi choinníollacha i bpríosún Mhaigh gCabraí. Theip ar iarrachtaí chun cultúr nua, iarchoimhlinte a chothú i measc na foirne ansin agus tá ráta féinmharaithe scanrúil i measc na bpríosúnach is leochailí.

Mhair an conradh neamhionsaithe fiú nuair a bhris an chonspóid faoin bpraiseach a rinneadh den scéim téite inathnuaite a bhunaigh Arlene Foster, mar Aire Fiontair in 2012. Cothaíodh guagacht, áfach, de réir mar a ghéaraigh an t-achrann faoin róchaiteachas £400 milliún ar an scéim nár chuir uasteorainn ar íocaíochtaí. Bhí cuid mhór de lucht tacaíochta Shinn Féin buartha agus feargach faoi thost an pháirtí nuair a bhí an freasúra, an SDLP go háirithe, ag bailiú tacaíochta chun an scéal a fhiosrú.

Nuair a chuaigh iar-aire an DUP, Jonathan Bell, agus Arlene Foster ar an teilifís ag bréagnú a chéile agus ag tabhairt aghaidh a gcraois ar a chéile, chinn Sinn Féin go raibh an dochar á bhí á dhéanamh don phróiseas polaitíochta dochosanta. Chomh luath is a d’éiligh siad go seasfadh Foster i leataobh mar Chéad-Aire fad is a bheadh an scannal á fhiosrú, bhí siad féin agus an DUP in adharca a chéile agus an próiseas polaitíochta ar anchaoi arís.

Murab ionann agus na blianta eile nuair a bhí Stormont i mbaol mar gheall ar fhoréigean nó easpa réitigh faoin stair, díol suntais ab ea é gur ‘ghnáthpholaitíocht’ faoi ndear géarchéim na Nollag 2016.

Níor lúide an tsáinn sin.

Fág freagra ar 'An Tús Nua ó thuaidh? An seanscéal céanna agus meirg air'

  • Muireann Ní Mhóráin

    Laoch caillte don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Aodán Mac Póilín ar Shlí na Fírinne. Liosta le háireamh a chuid éachtaí ar son na Gaeilge. Comhbhrón le hÁine Andrews agus a iníon.
    Muireann Ní Mhóráin.