‘Déanaimis iarracht níos mó ar son na Gaeilge’ – achainí an Uachtaráin i gColáiste na Rinne

Sheol an tUachtarán, Mícheál D. Ó hUiginn, Leabharlann de Hindeberg go hoifigiúil inné, mar ar dhein sé tathaint ar fhostaithe státchórais dearcadh níos dearfaí a bheith acu i leith na teanga náisiúnta. Dúirt sé go raibh 'oidhreacht luachmhar' ar fáil sa leabharlann nua

Michael DTá achainí déanta ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, ar phobal na tíre iarracht bhreise a dhéanamh an Ghaeilge a chleachtadh agus a úsáid agus Comóradh 1916 ag teannadh linn. 

Bhí sé ag labhairt i gColáiste na Rinne i bPort Láirge inné, áit ar cuireadh fáilte mhór roimhe nuair a d’oscail sé go hoifigiúil Leabharlann de Hindeberg sa Choláiste.

Ina chuid cainte, d’iarr an tUachtarán go speisialta ar fhostaithe an stáitchórais iarracht níos fearr a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid agus dúirt go gcaithfeadh dea-shampla teacht ón mbarr, ó na stáitseirbhísigh sinsearacha go háirithe. 

Ag oscailt na Leabharlainne dó, dúirt an tUachtarán “go dtabharfadh an Leabharlann seans don ghlúin nua teacht isteach ar an oidhreacht iontach luachmhar” atá againn ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh “litríocht na Gaeilge de”.  Mhol sé éagsúlacht an bhailiúcháin agus an t-éacht a deineadh an bailiúchán seo a chur le chéile; bailiúchán a ndéantar ceiliúradh ann ar theanga agus ar bhéaloideas na háite. Dúirt sé gur bailiúchán fíorluachmhar atá sa Leabharlann agus go mbeidh tarraingt scoláirí Gaeilge ar an áit ó chian is ó chóngar sna blianta amach romhainn.

Tá Leabharlann de Hindeberg suite sa phríomhfhoirgneamh ar thailte 25 acra Choláiste na Rinne agus tá bailiúchán de lámhscríbhinní agus de leabhair a d’fhag an Dr. Risteard de Hindeberg (1863 – 1916), duine de bhunaitheoirí an Choláiste, le huacht ann. Sagart, oideachasóir, ceoltóir, bailitheoir, agus scríbhneoir a raibh dlúthbhaint aige le gluaiseacht na Gaeilge ba ea an Dr. de Hindeberg. Chaith sé tamall i Sasana agus bhí sé ag obair sa Ghearmáin agus sna Stáit Aontaithe freisin. Ceapadh é ina Ollamh le Ceiltis i gColáiste Ollscoile Chorcaí i 1908. Dhein an Dr. de Hindeberg ardobair mar bhunaitheoir Choláiste na Rinne in 1909. D’fhág sé a leabhair agus a lámhscríbhinní luachmhara ag an gColáiste nuair a fuair sé bás i 1916. 

Faoi mar a dhein a uncail roimhe, dhein an Dr. Piaras de Hindeberg, S.J. a shaol a chaitheamh ag obair ar son na Gaeilge. Bhailigh sé na céadta uair an chloig de chaint agus d’amhráin ó lucht labhartha na Gaeilge sna Déise. Dhein an Dr. Míchéal Ó Drisleáin catalógú ar an méid a bhí bailithe ag Piaras agus tá giotaí éagsúla den saothar sin ar fáil ar dlúthdhiosca anois. Tá saibhreas ar leith ag baint le Leabharlann de Hindeberg, mar a bhfuil breis agus 6000 leabhar agus beagnach seacht gcéad uair an chloig de thaifeadtaí fuaime de Ghaelainn na nDéise. Tá an cnuasach seo ar an gcnuasach is mó de Ghaelainn na nDéise ar domhan.

Dúirt Bainisteoir an Choláiste, Liam Suipéil, gur onóir don Choláiste cúram a dhéanamh de chnuasach luachmhar de lámhscríbhinní, de leabhair agus de thaifidí na nDéise agus ba chúis áthais Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a bheith ag oscailt na leabharlainne seo mar gur duine é a thug a tcacaíocht i gcónaí don teanga agus do litríocht na nGael. Fear léannta é, leis, a d’fhéach le saíocht na nGael a chur chun cinn i gcónaí.

Dúirt sé go mbeidh ábhair na leabharlainne ar fáil do lucht taighde, mic léinn agus scoláirí ó chian is ó chóngar amach anseo.

Fág freagra ar '‘Déanaimis iarracht níos mó ar son na Gaeilge’ – achainí an Uachtaráin i gColáiste na Rinne'