An tUachtarán agus an Taoiseach – dhá dhearcadh éagsúla ar ár gcás

Dúirt Enda Kenny go mbreathnaítear ar Éirinn mar thír ina bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. Arsa an tUachtarán: ná breathnaigh orainn mar eiseamláir.

31/3/2013 Easter Rising Commemorations

Ní hionann cás na hÉireann agus cás na Gréige, a dúirt Enda Kenny sa Dáil Dé Máirt, nuair a d’iarr Ruth Coppinger ón bPáirtí Sóisialach air fáilte a chur roimh thoghadh an chéad rialtais frithdhéine san Eoraip.

Dúirt an Taoiseach go raibh súil aige gur i dteannta a chéile a thabharfadh an rialtas nua agus ceannairí na hEorpa aghaidh ar fhadhbanna na tíre. Ach dúirt sé go raibh difríocht mhór idir geilleagar na hÉireann agus geilleagar na Gréige.

Breathnaítear ar Éirinn, a dúirt sé, mar thír ina bhfuil dul chun cinn dáiríre á dhéanamh. Dar leis go ndúradh le linn chomhdháil Davos (níor inis an Taoiseach a dúirt) go raibh cúrsaí abhus leochaileach, agus nár chóir a bheith bogásach. Ach dúirt sé freisin go raibh “athruithe” ar fhiacha na hÉireann ar fiú €50bn iad bainte amach ag an rialtas.

Ar ndóigh, ní foláir don rialtas béim a chur ar ár bhfolláine eacamaíochta, a choinníonn an ráta úis a íocann an rialtas ar iasachtaí íseal (1.1 faoin gcéad, i gcomparáid leis an ráta – thart ar a naoi faoin gcéad.

Ach an bhfágann béim ar fhorbairt agus ar fhás na hÉireann fadhbanna as an áireamh? Cuimhnigh ar a ndúirt an Taoiseach i gcomparáid le ráiteas a rinne an tUachtarán i gcomhthionól parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an lá céanna.

Bhí “íobairt mhór” déanta ag muintir na hÉireann, arsa an t-uachtarán i Strasbourg le hionadaí ón Tuirc. Bhí praghas ard íoctha ag saoránaigh na tíre atá thar lear anois.

Thagair an t-uachtarán do mheon a dhéanann measúnú eacnamaíochta gan daoine a chur san áireamh. Ní mar ghluaisteán gan tiomanaí ba chóir breathnú ar Éirinn, a dúirt sé, ná ar na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm sa tír.

“I don’t think it is helpful to be using Ireland as some kind of exemplar.”

Thug toradh olltoghcháin na Gréige cúis dóchais do mhuintir na Gréige. D’fhéadfá “réabhlóid dhaonlathach” a thabhairt air, mar a thug Enda Kenny ar an olltoghchán abhus i 2011. Ach baineann an chodarsnacht idir a léamhsan agus léamh an uachtaráin ar ár gcás le bunfhadhb nár réitigh an rialtas fós: conas faoiseamh a fháil ar ár bhfiacha (costas bliantúil: €7bn) ainneoin neartú gheilleagar na hÉireann?

Dúshlán fileata

maxresdefault
Yanis Varoufakis

D’fhill an t-eacnamaí Gréagach Yanis Varoufakis ar a thír dhúchais chun a bheith páirteach sa bhfeachtas a chuir Siriza i mbun rialtais. Bhí sé fostaithe mar ollamh ollscoile sna Stáit Aontaithe go dtí gur ceapadh é Dé Máirt mar Aire Airgeadais.

Is mar seo a d’fháiltigh sé ar twitter roimh fhógairt na dtorthaí:

“Yesterday Greek democracy raged against the dying of the light. Europe and the World should join us.” [Twitter: @yanisvaroufakis ]

Is i ndán a scríobh an file Dylan Thomas ‘Do not go gentle into that good night’ atá fréamh a achainí, go háirithe sna línte tosaigh: ‘Do not go gentle into that good night / Old age should burn and rave at close of day / Rage, rage against the dying of the light.

Is cinnte go mbeidh comhrá suimiúil nó dhó ag Yanis, an tAire Airgeadais, le Michael Noonan.

– Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'An tUachtarán agus an Taoiseach – dhá dhearcadh éagsúla ar ár gcás'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Tá an léamh ceart ag an tUachtarán, mór an trua gur tugadh másla do le déanaí.