An traein-seanchas a chuireann soir sinn

FRIOTAL - Mór an feall mar atá praiseach déanta de logainmneacha áirithe sna fógraí dátheangacha ar bhusanna agus ar thraenacha

4/9/2014 Trains Stations

Cuid thábhachtach d’armlón intleachtach na Gaeilge is ea logainmneacha na tíre. Cad chuige a mbacfadh duine le Gaeilge a fhoghlaim? Toisc gurb í an Ghaeilge eochair na hoidhreachta, a deirimid, agus tá a fhianaise sin in ainm do bhaile féin. Chuir Heaney i bhfriotal go deas cliste é:

To be at home
In my own place and dwell within
Its proper name.

Mór an feall, mar sin, mar atá praiseach déanta de logainmneacha áirithe sna fógraí dátheangacha ar bhusanna agus ar thraenacha.

Admhaím go bhfuil aisteachas ag baint le cuid de na logainmneacha nua i mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Téim féin ag gáire nuair a chluinim ‘Timpeallán na Bó Deirge’ agus ‘Duga na Canálach Móire’.

Is mó is cosúil le samplaí i leabhar gramadaí iad ná le logainmneacha ach, ar ndóigh, níl neart air sin. Ainmneacha stairiúla a bheith mícheart a chuireann isteach ormsa.

Tá sráidbhaile beag deas de chuid Fhine Gall a bhfuil ‘Lusca’ air. De réir an tseanchais bhí fear naofa ina chónaí san áit san aimsir fadó, fear nach raibh aird aige ar shócúil ná ar thithe. In uaimheanna agus i bpluaiseanna faoi thalamh a bhíodh sé ina chónaí.

Uaidh sin, a deirtear, a tugadh ‘Lusca’ ar an áit (seomra faoi thalamh). Deir daoine eile gur tagairt d’áit adhlactha an naoimh atá san ainm. Scéilín deas, cibé ar bith: cuid bheag de dhinnseanchas na Gaeilge. Is é a chluin na paisinéirí nuair a bhaintear an stáisiún traenach amach ná ‘An Ros agus Lúsca.’

Tá an prácás sin neadaithe chomh daingean sin in intinn daoine go ‘gceartaítear’ an té a deir ‘Lusca.’ An chéad stop eile ná ‘Na Sceirí’. Is fiú an turas a dhéanamh díreach le fuaimniú an ainm a chluinstin.

Is é an ‘í fada’ is faide dá raibh riamh in Éirinn ná in Albain é, ‘í fada’ a shíneann leath bealaigh go Droichead Átha. Déanann na páistí scoile aithris air: ‘Na Sceireeeeee’. Níor theip riamh air gáire a bhaint as na hoibrithe traochta ag filleadh ó oifigí na cathrach.

Uaireanta eile, tá an t-ainm Béarlaithe níos gaire don fhuaimniú dúchasach ná mar atá an leagan ‘Gaeilge’. Agus mura gcreideann tú sin uaim, tabhair sciuird ar Chluain Saileach. ‘Clonsilla’ a deirtear i mBéarla. Rud éigin cosúil le ‘Cluain Sáileach’ a deir bolscaire Iarnród Éireann. Dá mbeadh ‘silla’ i ndeireadh an ainm aige ní bheadh sé ródhona ar fad.

Deis amú atá ann: in áit dul i gcion ar dhaoine agus iad a chur ag smaoineamh ar dhinnseanchas a gceantair féin, is amhlaidh a chuirtear ag gáire iad, nó ag tochas a gcinn.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.