An traein go Helsinki, Budapest nó Liospóin

Cén fáth an dtógfá eitleán nuair is féidir bád nó traein a thógáil, a fhiafraíonn ár gcolúnaí

Amtrack

Nuair a bhí mé i Meiriceá le gairid shocraigh mé go gcuirfinn an chuid dheireanach de m’aistear díom ar bord traenach seachas ar bord eitleáin. Níorbh ar mhaithe leis an timpeallacht amháin é. Agus mo shaoire á pleanáil agam mheas mé go mbeinn tinn tuirseach, tar éis dom sé cinn d’eitiltí a chur díom in achar coicíse, de scuainí fada ag seicphointí slándála, de shuíocháin ina mbíonn duine sáinnithe agus den fhanacht thart fadálach a bhaineann le haerthaisteal. Lena chois sin theastaigh uaim rud beag scríbhneoireachta a dhéanamh, agus rith sé liom gur dheas sin a dhéanamh ar bord traenach.

Thabharfadh traein Amtrak, an Silver Star, síos ó Washington D.C. go Miami mé. Ocht n-uaire an chloig is fichead a thógfadh an turas ar fad agus dá bharr sin shocraigh mé an t-aistear a bhriseadh síos ina dhá chuid agus oíche amháin a chaitheamh i gcathair Columbia, South Carolina. US$174 san iomlán a chosain an dá thicéad sin orm, nó €152. Rinne mé cuardach ar shuíomhanna na n-aerlínte agus níor aimsigh mé margadh níb fhearr.

Ar bord liom, mar sin, ag Union Station i gcroílár Washington, cúpla bloc ón Capitol. Áit phlódaithe agus rud beag gioblach é an stáisiún céanna ach scuaine ag seicphointe slándála ní bhfaighidh tú ann. Ní raibh dul amú orm maidir leis an gcompord a bheadh agam ar bord na traenach ach an oiread: tá seomraí suite feicthe agam ar lú an spás atá le fáil iontu ná an spás sna suíocháin ar thraenacha Amtrak.

Síos trí fhoraoiseacha Virginia linn, agus síos ina dhiaidh sin trí bhailte beaga codlatacha i North Carolina, mar a bhfaca mé páistí agus seandaoine ina seasamh in aice leis an líne traenach tráth luí na gréine; ba léir gurbh é dul thart na traenach an rud ba shuimiúla a tharla sna bailte sin gach lá.

Faoin am gur thit an oíche bhí an carráiste ar fad dom féin agam. Bhí toirneach le cloisteáil os cionn thírdhreach rúndiamhrach an Deiscirt – nach raibh mé in ann a fheiceáil ach nuair a las an tintreach suas é – agus bhí an traein ag réabadh léi mar a bheadh i bhfolús. Shíl mé go gcuirfinn peann le páipéar, ach ní raibh aon rath orm. Ní ceal ábhar scríbhneoireachta é, ach ba é an chaoi gur bhain síorluascadh na traenach creathadh chomh mór sin as an mbord beag i gcúl an tsuíocháin os mo chomhair (agus as mo ghlúin, nuair a bhain mé triail aisti sin mar dhromchla scríbhneoireachta) nár éirigh liom ach cúpla nóta a bhreacadh síos i bpeannaireacht dhoiléir.

Tá barúil agam go n-éireodh níos fearr liom san Eoraip; bíonn traenacha na hEorpa níos socra ar a gcuid rotha ná cinn Mheiriceá. Is minic cheana a chuir mé an t-aistear idir Éirinn agus mo thír dhúchais, an Ísiltír, díom ar thraein agus bád; ní chosnaíonn ticéad ó Chalafort Átha Cliath go stáisiún Euston Londan ach caoga euro agus tá an luach ceannann céanna ar thuras ó stáisiún Liverpool Street go Harwich agus as sin go stáisiún ar bith san Ísiltír.

Ach ba mhaith liom dul níos faide i gcéin an chéad uair eile a bheidh mé san Eoraip. Ba ghearr gur thug mo chuid taighde ar an idirlíon chuig www.seat61.com mé, suíomh ar a roinneann ‘taistealaí traenach proifisiúnta’ as Sasana, Mark Smith, a thaithí phearsanta agus eolas praiticiúil agus suas chun dáta faoi thaisteal traenach fud fad na hEorpa leis an saol mór. Ba mhór an spreagadh é: b’fhéidir go dtógfaidh mé an traein go Helsinki, go Budapest nó go Liospóin an chéad uair eile a bheidh mé san Eoraip agus cá bhfios nach scríobhfainn gearrscéal faoin aistear, ar bord na traenach féin.

Fág freagra ar 'An traein go Helsinki, Budapest nó Liospóin'

  • padraig

    an-eolas ansin don taistealai, grmma

  • F Ó M

    Le déanaí, chun dul ó Londain go Páras, shocraigh mé ar eitilt, toisc go raibh an costas roinnt mhaith níos lú ná chun dul le Eurostar. Mo léan! Luíonn an smaoineamh go mór liomsa chomh maith, agus mé sa traein nó ag dul chun eitilte: ba chuí agus ba chóir cúrsaí taistil a bheith go maith le haghaidh rudaí mar seo leanas: bheith ag léamh, bheith ag scríobh, bheith ag obair ar ríomhaire glúine.

    Go rí-mhinic sa lá atá inniú ann (i Londain, i bPáras), ní féidir ach guthán cliste, a úsáid. Ach seo smaoineamh a rith liom: gur chóir féachaint chuig modhanna taistil, agus amanna taistil (an t-am den lá), srl., faoi cé chomh fada is a luíonn siad sin le rudaí mar iad siúd thuas-luaite a bheith á dhéanamh agam, agus mé ag taisteal.