‘An tóin tite as tionscal na teilifíse Gaeilge’ – imní léirithe ag léiritheoirí neamhspleácha teilifíse

Tá ‘ísle brí’ agus ‘frustrachas’ i measc léiritheoirí neamhspleácha earnáil na teilifíse Gaeilge agus Gaeltachta agus iad buartha faoina bhfuil i ndán don tionscal

‘An tóin tite as tionscal na teilifíse Gaeilge’ – imní léirithe ag léiritheoirí neamhspleácha teilifíse

Tá “an tóin tite as tionscal na teilifíse Gaeilge” dar le duine de na léiritheoirí is mó rath in earnáil neamhspleách na teilifíse sa Ghaeltacht.

20 bliain i ndiaidh bhunú TG4 tá imní léirithe ag léiritheoirí Gaeltachta faoina bhfuil i ndán do thionscal na teilifíse Gaeilge.

Dúirt Seán Ó Cualáin, ón gcomhlacht léirithe Sónta atá lonnaithe i gConamara, le Tuairisc.ie go bhfuil “go leor frustrachais” le brath i measc léiritheoirí teilifíse na Gaeilge toisc go mbíonn na rátaí a íoctar leo “chomh híseal sin go bhfuil sé deacair forbairt a dhéanamh ar smaointe”.

“Tá go leor léiritheoirí ag iarraidh morgáistí a íoc, amhail go leor daoine eile, agus tá an infheistíocht a dhéantar i dteilifís na Gaeilge an-íseal ar fad.

“Feictear dom go bhfuil ísle brí ar gach léiritheoir Gaeilge, tá sé deacair do chuid tallainne féin a fhorbairt gan a bheith ag plé le cláracha Béarla. Níl fadhb agamsa leis sin, ach tá rogha déanta ag go leor léiritheoirí gan bacadh níos mó le Gaeilge ar chor ar bith. Tá srianta airgid ar TG4 agus dá bharr sin tá srianta airgid ar léiritheoirí Gaeilge. Tá ísle brí agus frustrachas ar go leor daoine san earnáil,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cualáin gurb í ceist an mhaoinithe “an cheist mhór” agus nach bhfuil cás láidir a dhóthain á dhéanamh “go mbeadh na rátaí céanna ag léiritheoirí Gaeilge is atá ann i saol an Bhéarla”.

“Cén fáth a mbeadh sé sásúil go bhfuil an buiséad Gaeilge níos ísle ná buiséad an Bhéarla? Caithfidh roinnt den fhreagracht teacht ó TG4, caithfear a thuiscint go bhfuil siad ag brath ar an earnáil phríobháideach, ach is ceist do RTÉ freisin an laghdú atá tagtha ar líon na gclár Gaeilge a bhíonn ag an gcraoltóir sin,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go raibh ról ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt na hearnála 20 bliain ó shin, agus go bhfuil “ról tábhachtach ann fós dóibh mar atá i dtionscail eile sa Ghaeltacht”.

Caithfear plean 10-15 bliain a chur le chéile don earnáil, dar le hÓ Cualáin.

“B’fhéidir nach bhfuil dóthain cumarsáide idir na dreamanna éagsúla atá ag plé léi. Ba cheart go mbeadh caint leanúnach ann eadrainn uile go léir. Má thógann tú Ros na Rún agus an t-ábhar spóirt as an gcuntas, ní chaitear ach airgead fíorbheag ar léiritheoirí Gaeltachta agus Gaeilge,” a dúirt sé.

Tá imní chomh maith ar Ó Cualáin faoina “laghad daoine óga atá ag teacht isteach san earnáil” agus faoi thodhchaí an tionscail.

Tá an imní chéanna ar chuid mhaith dá chuid comhghleacaithe in earnáil neamhspleách na teilifíse Gaeilge.

Dúirt léiritheoir eile le Tuairisc.ie go bhfuil “rudaí in ísle brí” agus go bhfuil sé an-deacair slí bheatha a bhaint amach as a bheith ag plé le cláir Ghaeilge.

“Nuair a thosaigh TG4 i dtosach breathnaíodh ar léiritheoirí mar ‘scairshealbhóirí’, bhí múnla réasúnta nua acu agus iad ag brath ar an earnáil phríobháideach, ach tá an lá sin imithe. Níl aon stádas faoi leith ag duine ar bith, is cuma tú ag plé leis le 25 bliain nó cúig bliana.

“Níl aon cheist faoi ach go bhfuil ísle brí orainn. Deir gach duine anois ‘déanfaidh mé rud éigin i mBéarla’ ach dáiríre cuireann tú d’fhuinneamh isteach i rud a bhfuil spéis agat ann agus is i gcláir Ghaeilge a chuireann go leor léiritheoirí spéis,” a dúirt léiritheoir nach raibh ag iarraidh a ainm a thabhairt.

Dúirt sé go raibh “dhá leibhéal imní ann” – ar ‘leibhéal amháin’ bhí imní air “mar Ghael” agus ar ‘leibhéal’ eile bhí imní air “mar léiritheoir”. Tá staid na hearnála ina húdar imní dó “ar an dá leibhéal,” a dúirt sé.

“Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta á ligean síos ag na cláir a dhéanann TG4 agus an pobal sin á chailleadh ag TG4 dá bharr. Tá TG4 an-fhaiteach roimh rud ar bith a bhfuil blas ‘cúise’ air.

Déarfainnse go bhfuil fadhbanna móra ansin, agus iad ag iarraidh a bheith ag déanamh na rudaí céanna le stáisiúin eile ach gan an oiread céanna airgid acu. Tá an croí-lucht féachana á chailleadh le deich mbliana,” a dúirt sé.

Dar le hIrial Mac Murchú, stiúrthóir an chomhlachta Nemeton atá lonnaithe i nGaeltacht Phort Láirge, go bhfuil earnáil na teilifíse Gaeilge “ag crosbhóthar” agus go bhfuil “an t-am tagtha don earnáil sa Ghaeltacht bogadh ar aghaidh agus deiseanna nua agus margaí nua a lorg”.

Tá Nemeton ar cheann de na comhlachtaí teilifíse is mó rath in Éirinn a bhuí leis na conarthaí spóirt ar éirigh leo a fháil ó TG4. Anuas air sin, tá cláir déanta ag Nemeton do stáisiúin eile teilifíse in Éirinn, i Sasana agus i Meiriceá. Ach tuigeann Mac Murchú d’imní a chomhghleacaithe in earnáil na Gaeilge.

“Tá a fhios againn go léir ag an bpointe seo nach bhfuil dóthain oibre ann le go mbeadh earnáil fholláin, rathúil sa Ghaeltacht.  Má theastaíonn uainn leanúint orainn agus deiseanna a fháil, caithfimid féachaint ar rudaí nua.

“Dá mbeadh a dhá oiread airgid ag TG4, ní athródh faic, mar tá an tionscal féin ag athrú. Tá daoine anois beag beann ar an mbealach a thagann na pictiúirí chucu.

“Beidh iliomad comhlachtaí agus craoltóirí ag lorg ábhar éagsúil seachas an seanmhúnla a bhíodh ann – trí nó ceithre mhórchraoltóir ag lorg sraitheanna le coimisiúnú. Tá gá le teacht ar bhealaí nua chun ár gcuid oibre a léiriú agus chun custaiméirí nua a fháil a chraolfaidh an t-ábhar sin,” a dúirt sé.

Mar sin féin, dúirt Mac Murchú go bhfuil sé “dóchasach go maith” faoina bhfuil i ndán do Nemeton.

“Bheinnse dóchasach go maith. Tá muide tar éis teacht ar chliaint i Meiriceá agus i Sasana agus go leor áiteanna eile. Níl margadh na Gaelainne sách mór do na comhlachtaí go léir atá ag iarraidh feidhmiú sa Ghaeltacht a thuilleadh. Is cuma liom ábhar ná teanga an chláir a fhad is atá sé á léiriú trí Ghaeilge ag an bhfoireann atá lonnaithe anseo sa Ghaeltacht.

“Is cinnte gur údar imní é aon lagú a thagann ar shaol na teanga. Formhór ár gcuid oibre is do TG4 é agus táimid an-bhuíoch as na conarthaí atá buaite againn agus táimid níos fearr as ná go leor comhlachtaí eile. Ní maith liom a bheith ag déanamh an bhéil bhoicht an t-am go léir, is cuma cé mhéad gearán a dhéanaimid ní chuirfear breis airgid ar fáil do TG4,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Murchú go bhféadfaí “níos mó clár ar bhuiséad níos lú” nó “níos lú clár ar bhuiséad níos mó” a dhéanamh ach nach raibh aon súil aige go mbeadh aon airgead breise á chur isteach san earnáil sna blianta amach romhainn.

Bhí Niamh Ní Bhaoill ón gcomhlacht Sibéal Teo i gCorca Dhuibhne ag obair le TG4 nuair a bunaíodh an stáisiún ar dtús agus feictear di nach bhfuil aon “bhorradh ná aon fhás” i gceist in earnáil na teilifíse Gaeilge ó na chéad laethanta sin nuair a bhí “go leor fuinnimh san earnáil agus i ngach uile dhuine a bhí ag plé léi”.

“Is i laghad atá líon na gcomhlachtaí léiriúcháin sa Ghaeltacht ag dul. Níl an earnáil sláintiúil agus níl aon chinnteacht ann do léiritheoirí ó bhliain go bliain. Tá sí an-lag agus tá sé an-deacair feidhmiú ar an gcaoi sin.

“Bhí mé ag cruinniú léiritheoirí le deireanas agus cuireadh go leor frustrachais in iúl ann. Dá ndéanfaí roinnt infheistíochta i bhforbairt na hearnála bheadh sé go maith, ach fós féin, an mbeidh an teilifís féin ann mar ardán i gceann deich mbliana? Tá an saol ag athrú agus caithfidh léiritheoirí athrú leis,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Bhaoill go mbíonn na dúshláin a bhíonn roimh earnáil na teilifíse i gcoitinne níos measa fós i gcás léiritheoirí atá ag saothrú ar imeall na hearnála mar atá léiritheoirí na Gaeilge.

“An fhadhb is mó atá ann ná nach bhfuil an t-airgead ar fáil. Níl an t-airgead ag TG4 le caitheamh ar léiritheoirí neamhspleácha, agus ní hé go bhfuil siad á choinneáil dóibh féin. Níl ach méid áirithe ann do chomhlachtaí.

“Go dtí seo, tá mise ag coinneáil orm ar an múnla traidisiúnta. Táim ag plé le comhlacht an-bheag, fostaím daoine de réir mar a bhíonn siad ag teastáil. Ba bhreá liom cinnteacht a bheith ann,” a dúirt sí.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar TG4 faoi ábhar an ailt seo.