AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair

Béal Feirste Thoir Triúr ón DUP, beirt ón Alliance agus duine amháin ón UUP a bhí anseo. Tá ceithre dhuine dhéag san iomaíocht do na cúig shuíocháin agus is é an Ceann Comhairle, Robin Newton ón DUP, is mó atá i mbaol. Bhí Newton i dtrioblóid mhór sular thit Stormont, vótáil móramh na dteachtaí ar […]

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH:  Sciurd ar na toghcheantair

Béal Feirste Thoir

Triúr ón DUP, beirt ón Alliance agus duine amháin ón UUP a bhí anseo. Tá ceithre dhuine dhéag san iomaíocht do na cúig shuíocháin agus is é an Ceann Comhairle, Robin Newton ón DUP, is mó atá i mbaol. Bhí Newton i dtrioblóid mhór sular thit Stormont, vótáil móramh na dteachtaí ar son rún mímhuiníne ann ann ach tharrtháil an DUP é le veto in aghaidh an rúin.

Bhí 36.7% de na vótaí ag an DUP – sin 2.2 cuóta i mbliana. Dá réir, ceaptar gur ceann de thrí shuíochán an DUP a bheidh i mbaol. Chomh maith le Newton tá Joanne Bunting ag cosaint a suíocháin agus tá David Douglas ag cosaint an tsuíocháin a bhí ag a athair, Sammy. Ta ceannaire an Alliance, Naomi Long agus a comhghleacaí Chris Lyttle ag iarraidh a suíocháin féin a choinneáil. Mhéadaigh siad a sciar den vóta anuraidh go 28.7%, sin 1.7 cuóta agus mar cheannaire nua beidh súil ag Long a vóta a mhéadú. Is é Andy Allen ón UUP an Teachta eile atá anseo. Bhí 11% den vóta aige an uair dheiridh agus ba cheart go bhfaigheadh sé aistrithe; is eisean an t-aon ionadaí amháin atá ag an UUP i mBéal Feirste agus ba mhór an tubaiste a bheadh ann don pháirtí sin an suíochán seo a chailliúint. Is anseo atá cónaí ar cheannaire an UUP, Mike Nesbitt, a dúirt go n-aistreodh sé a vóta chuig an SDLP, ach níl seans ar bith ar bhua ag an SDLP. Seans gur cailliúint a bheidh anseo don DUP, ach tá an UUP i mbaol chomh maith.

Béal Feirste Thuaidh

Triúr ón DUP, beirt ó Shinn Féin agus duine amháin ón SDLP a bhí anseo. De réir uimhríochta, ó tharla nach bhfuil ann feasta ach cúig shuíochán, d’fhéadfadh aon cheann de na trí pháirtí sin a bheith i mbaol.

Tá Nelson McCausland, Paula Bradley agus William Humphrey ón DUP ag cosaint na suíochán a bhuadar le 35% den vóta; is ionann sin agus 2.2 cuóta. Tá Gerry Kelly agus Carál Ní Chuilín, Sinn Féin, ag cosaint a suíochán féin. Bhí 28.7% den vóta acu agus b’ionann sin agus 1.7 cuóta an geábh seo. Ba í Nicola Mallon, SDLP, an séú teachta agus bhí 11% den vóta aici, 0.7 de chuóta. Le déanaí sheol an UDA piléar sa phost chuici i ngeall ar a seasamh láidir ina n-aghaidh. Bhí 7% ag Alliance, 5% ag an UUP agus 3.5% ag Pobal Roimh Bhrabach.

Tá trí dhuine dhéag san iomaíocht agus é deacair patrún na n-aistrithe a mheas. An ndéanfaidh scannal an RHI dóthain damáiste don DUP gurbh iadsan a chaillfidh mar go mbeidh drogall ar pháirtithe eile aistriú chucu an t-am seo? Mura mbeidh méadú ar a vóta féin, ní bheadh riar a gcáis ag Sinn Féin, ach an oiread, cheal aistrithe. An fearr an seans ar aistrithe a bheidh ag Nicola Mallon, SDLP, ná Carál Ní Chuilín, Sinn Féin? Nó an mbeidh cóir na gaoithe leis an Alliance, rud a d’athródh an scéal ar fad?

Máirtín Ó Muilleoir

Béal Feirste Theas

Dhá shuíochán a bhí ag an DUP anseo agus ceann an pháirtí ag an SDLP, Sinn Féin, an Alliance agusComhaontas Glas. Seo an toghcheantar is mó éagsúlachta ó thaobh ionadaíochta de sa chathair. Chaith os cionn dhá thrian de na vótóirí sa cheantar seo vóta in éadan Breatimeachta anuraidh, agus vótáil 7,000 níos mó sa reifreann ná mar a rinne i dtoghchán an Tionóil an mhí roimhe sin.

Tá 14 iarrthóir sa rás do na cúig shuíochán, an seisear a toghadh anuraidh san áireamh. Is í an cheist mhór anseo, an mbeadh beirt an DUP – Emma Little Pengelly agus Christopher Stalford – in ann a suíocháin a choinneáil le 1.3 cuóta, nó 22% den vóta, mar a bhí acu anuraidh. Bhí 14% den vóta ag aontachtaithe eile eatarthu (UUP, TUV, PUP agus neamhspleách), ach ní cheaptar go mbeidh iarrthóir nua an UUP in ann a theacht i dtír ar an vóta sin.

Tá Claire Hanna an SDLP ag cosaint a suíocháin agus comhiarrthóir in éineacht léi, Naomh Gallagher. Bhí 20% den vóta ag SDLP anuraidh, sin breis agus cuóta. Tá súil ag Paula Bradshaw suíochán Alliance a choinneáil; bhí 16.4% aici anuraidh – an-ghar don chuóta nua. Meastar go mbeidh Máirtín Ó Muilleoir, Sinn Féin, sábháilte. Toghadh eisean anuraidh le 14.2% de na vótaí – sin 0.9 den chuóta. Ba í Claire Bailey a fuair suíochán Chomhaontas Glas le 9.6% de na vótaí; ní bheadh ansin ach 0.6 den chuóta nua. Ní haon ribín réidh é an suíochán seo a chosaint ach faigheann na Glasaigh aistrithe as gach ceard. An DUP nó Comhaontas Glas a bheidh i mbaol.

Béal Feirste Thiar

Ceathrar a bhí ag Sinn Féin anseo, duine amháin ag Pobal Roimh Bhrabach agus duine amháin ag an SDLP.

Is é seo dúnáras Shinn Féin inar baineadh stangadh astu anuraidh nuair a bhain Gerry Carroll, Pobal Roimh Bhrabach, suíochán díobh. As an dáréag iarrthóir i mbliana, tá ceathrar Shinn Féin ag cosaint a suíochán, Órlaithí Flynn, Alex Maskey, Fra McCann agus Pat Sheehan. Tá PRB ag iarraidh an dara suíochán a ghnóthú agus Michael Collins ag seasamh in éineacht le Gerry Carroll. Tá Alex Attwood an SDLP i gcontúirt mhór agus vóta a pháirtí ag titim go seasta sa cheantar seo le scór bliain.

Bhí 54.5% de na vótaí ag Sinn Féin anuraidh agus b’ionann sin agus 3.3 cuóta an babhta seo. Seans go mbeidh ceann da gcuid suíochán i mbaol. Bhí 22.9% ag PRB anuraidh – 1.4 cuóta i mbliana – ach is deacair a dhéanamh amach conas a gheobhaidís an dara suíochán mura dtiteann tacaíocht Shinn Féin go tubaisteach. Ní raibh ag an SDLP ach 7.3% – níos lú na leath den chuóta nua – agus theastódh athrú mór ar chúrsa a pháirtí chun Atwood a choinneáil slán. Bhí 10.4% ag Frank McCoubrey an DUP anuraidh agus é 89 vóta taobh thiar d’Alex Atwood ag an deireadh. Tá McCoubrey san iomaíocht arís agus iarrthóirí chomh maith ag an UUP, Alliance, Comhaontas Glas agus Páirtí na nOibrí.

Tá cailliúint don SDLP nach mór dosheachanta anseo, ach ní féidir a chur as an áireamh freisin go mb’fhéidir go dtoghfaí McCoubrey agus gur Sinn Féin a bheadh thíos leis sin.

Arlene Foster

Fear Manach/ Tír Eoghain Theas

Beirt don DUP, beirt do Shinn Féin, duine amháin don UUP agus duine amháin don SDLP  a toghadh sa cheantar fairsing seo ó Dhún Geanainn siar go dtí an teorainn. Bhí móramh 8,000 in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann anuraidh, ach tá an t-iarChéad-Aire, ceannaire an DUP, Arlene Foster, diongbháilte gurbh fhearrde Tuaisceart Éireann an scaradh leis an Aontas Eorpach. Dá hainneoin tá an pobal cois teorann an-chorraithe faoina bhfuil i ndán dóibh de bharr an bheartais.

Dháréag atá san iomaíocht.

Fuair Foster 18.7% de na vótaí – carn ollmhór san toghchán anuraidh, a céad dreas mar cheannaire ar an DUP agus mar Chéad-Aire. Bhí sí i mbarr a réime an t-am sin ach tá sí lagaithe go mór ó shin. Is í an chonspóid faoin RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite, is mó a rinne dochar di ach thuill sí cáineadh freisin faoin chaoi ar láimhseáil sí ceisteanna eile, ina measc Acht na Gaeilge, úsáid an veto sa Tionól agus tacaíocht do scéim shóisialta dílseach in oirthear Bhéal Feirste ar dhúirt an PSNI go raibh baill den bhuíon pharaimíleatach, an UDA bainteach léi.

Tá páirtithe eile ag dréim le buntáiste a bhaint as na ceisteanna sin agus as fearg an phobail le Foster.

Tá sise agus cathaoirleach an pháirtí, an tiarna Maurice Morrow, ag iarraidh dhá shuíochán an DUP a choinneáil agus dhá chuóta acu. Tá Michelle Gildernew agus Seán Lynch ag iarraidh a suíocháin a choinneáil do Shinn Féin le 2.4 cuóta agus tá an tríú hiarrthóir ag an bpáirtí ag iarraidh an suíochán a bhain Richie McPhilipps ón SDLP díobh anuraidh a fháil ar ais. Leathchuóta a bhí ag McPhilipps a sciob an suíochán ó Shinn Féin le cabhair aistrithe ó Rosemary Barton ón UUP a bhuaigh suíochán le 0.8 den chuóta nua. Tá an UUP sa tóir ar vótaí aontachtacha ó dhaoine atá ar buile faoin RHI, ach tá an DUP ag gríosú a lucht leanúna agus á scanrú le scéalta go bhféadfadh Sinn Féin a bheith sa chéad áit i ndiaidh an toghcháin.

Áirítear gur beag seans a bheadh ag Sinn Féin ar an tríú suíochán, cé nach féidir é a chur as an áireamh ar fad, agus gur idir an UUP agus SDLP a bheidh an suíochán deiridh.

Tír Eoghain Thiar

Triúr a bhí ag Sinn Féin agus duine amháin ag an DUP, an UUP  agus an SDLP araon sa cheantar seo, an leath thiar de chontae Thír Eoghain, thart ar an Ómaigh agus an Srath Bán. Vótáil beirt as gach triúr sa toghcheantar cois teorann i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach agus is ceist íogair í don phobal cad atá i ndán dóibh tar éis an reifrinn.

Tá 15 iarrthóir san iomaíocht.

Tá cúigear den seisear a toghadh anuraidh sa rás ach tá Ross Hussey, UUP, éirithe as de bharr drochshláinte. Tá Barra McElduff, Michaela Boyle agus Declan McAleer ag iarraidh a suíocháin a choinneáil do Shinn Féin le 2.5 cuóta. Meastar go bhfuil suíochán an DUP, atá ag Thomas Buchanan slán ós eisean an t-aon iarrthóir atá ag an bpáirtí an uair seo agus bhí 1.3 cuóta acu anuraidh. Toghadh Daniel McCrossan, an SDLP, le 0.7 de chuóta, cé go raibh beirt easaontóirí leis an SDLP san iomaíocht anuraidh; níl siadsan sa rás i mbliana agus meastar go mbeidh McCrossan slán agus an ceathrú nó an cúigiú suíochán aige. Is é an UUP is leochailí le 0.7 den chuóta úr agus iarrthóir nua, Alicia Clarke, atá san iomaíocht dóibh.

Tá ceathrar neamhspleách, chomh maith le Alliance, Comhaontas Glas, TUV, Caomhach agus CISTA san iomaíocht ach meastar gurb iad an cúigear iartheachtaí a thoghfar arís.

Lár Uladh

Triúr a bhí ag Sinn Féin agus duine amháin ag an DUP, an UUP  agus an SDLP sa cheantar seo ar bhruach thiar Loch nEathach, ceantar a shíneann ó Dhún Geanainn go deisceart chontae Dhoire. Vótáil 60% de mhuintir an cheantair seo i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach agus tá daoine corraithe faoin gceist sin chomh maith le conspóid an RHI.

Dúnáras de chuid SF is ea an ceantar seo le scór bliain agus beidh ceannaire nua an pháirtí sa tuaisceart Michelle O’Neill ag iarraidh trí shuíochán an pháirtí a choinneáil. Mar iar-aire sláinte, tá sise á ceistiú ag na páirtithe eile go léir faoin atheagar ar sheirbhísí a gheall sí ach a cuireadh ar fionraí de bharr titim Stormont.

Tá an seisear a toghadh anuraidh san iomaíocht chomh maith le cúigear eile. Dúshlán mór a bheidh ann do Shinn Féin na vótaí a bhainistiú go cothrom féachaint leis na trí shuíocháin a choinneáil óir bhí siad faoi bhun trí chuóta (2.8). Ní mór dóibh róthacaíocht don cheannaire nua a sheachaint agus a chinntiú go bhfaighidh Ian Milne agus Linda Dillon a sciar den vóta. Bhí os cionn cuóta ag an DUP agus ba cheart go mbeadh Keith Buchanan slán, fiú má thiteann vóta an DUP. Bhí 0.9 de chuóta ag Patsy McGlone, SDLP, agus síltear go mbeidh seisean slán.

0.7 de chuóta a bhí ag Sandra Overend ón UUP agus seans gurb ise is goilliúnaí de bharr an laghdú atá déanta ar líon na suíochán. Is é is dóichí gurb ise agus duine d’iarrthóirí Shinn Féin a bheidh san iomaíocht don chúigiú suíochán.

An Feabhal

Dhá shuíochán a bhí ag Sinn Féin agus an SDLP araon anseo anuraidh, ceann ag an DUP agus ceann Pobal Roimh Bhrabach, an feachtasóir sóisialach Eamonn McCann ar éirigh leis suíochán a ghnóthú tar éis na mblianta ag streachailt.

Tá tromlach mór náisiúnach sa toghcheantar atá bunaithe ar chathair Dhoire agus cúpla bruachbhaile taobh thoir den abhainn. Is é scéal mór an cheantair i mbliana go bhfuil Martin McGuinness éirithe as an bpolaitíocht de bharr drochshláinte. Ba é éirí as oifig McGuinness mar LeasChéad-Aire an buille a leag Stormont agus a spreag an toghchán obann seo. Beidh suim thar na bearta san éifeacht a bheidh ag a imeacht ar an vótáil Déardaoin.

Dháréag atá san iomaíocht.

D’fhill McGuinness ar Dhoire anuraidh le cuidiú le hiarracht Shinn Féin an tríú suíochán a bhaint den SDLP. Theip ar an iarracht sin ach bhain Eamonn McCann an tríú suíochán sin den SDLP. Tá súil ag Sinn Féin le vóta comhbhá mar thaca le McGuinness. Tá ceannaire an SDLP Colum Eastwood agus Mark H. Durkan ag cosaint suíochán a bpáirtí agus ba cheart go mbeadh an bheirt slán óir is ionann an vóta a fuair an SDLP anuraidh agus 1.8 cuóta i mbliana. Tá Raymond McCartney, Sinn Féin, agus comhiarrthóir nua, Elisha McCallion, ag seasamh in ionad McGuinness agus dhá shuíochán an pháirtí á gcosaint le 1.7 cuóta. Toghadh Gary Middleton an DUP le 0.7 den chuóta nua nuair a bhí vóta an pháirtí sin scoilte agus toghadh McCann, Pobal Roimh Bhrabach le 0.6 den chuóta.

Is cosúil mar sin gurb iad Middleton agus McCann a bheidh ag streachailt don chúigiú suíochán. Buille mór d’aontachtaithe a bheadh ann a bheith gan ionadaí i nDoire agus meastar dá bharr sin go bhfaighidh Middleton aistrithe. Beidh siad araon ag brath ar an ord ina gcuirfear daoine as an áireamh. Ceantar teorann é seo agus daoine ann an-bhuartha faoin mBreatimeacht. Vótáil ceathrar as gach cúigear chun fanacht san Aontas Eorpach, an vóta ba mhó san Ríocht Aontaithe. Cuirfear suntas san vótáil féachaint an mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht uirthi.

Doire Thoir

Triúr don DUP, agus duine amháin do Shinn Féin, duine amháin don SDLP agus neamhspleách aontachtach a toghadh anuraidh sa toghcheantar seo a shíneann soir ó Chlóidigh agus Glas-stiall thar Phort Stíobhairt, Cúil Raithin agus Port Rois go Dún Libhse agus ó dheas go Gleann Seáin.

Tá Ollscoil Uladh sa cheantar seo ina raibh móramh in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann agus an tinreamh beagnach 6,000 níos airde ná i dtoghchán an Tionóil. Tá cúig dhuine dhéag san iomaíocht, an seisear a toghadh anuraidh san áireamh, cé go bhfuil duine acu faoi lipéad nua an geábh seo.

Bíonn sé ina mhagadh ag daoine nach toghchán é go mbeidh scoilt san SDLP agus is in oirthear Dhoire a sholáthair an páirtí an t-ábhar grinn dúinn an uair seo. Choinnigh Gerry Mullan suíochán an SDLP anuraidh, 0.6 de chuóta na bliana seo a bheadh aige, nuair a d’éirigh an seanfhondúir John Dallat as an bpolaitíocht. I mbliana tá Dallat ar ais san iomaíocht mar iarrthóir don SDLP, tá Mullan ag seasamh mar neamhspleách agus tá suíochán an SDLP i mbaol. Tá Maurice Bradley, Adrian McQuillan agus George Robinson ag iarraidh trí shuíochán an DUP a choinneáil agus 2.2 cuóta acu. Tá Caoimhe Archibald ag iarraidh suíochán Shinn Féin a choinneáil agus Cathal Ó hOisín ag seasamh in éineacht léi. Bhí 1.2 cuóta ag Sinn Féin anuraidh nuair a fuair Caoimhe Archibald an ceann is fearr ar Ó hOisín. Is í Claire Sugden, atá ina hAire Cirt i Stormont ó anuraidh, an t-aon neamhspleách a toghadh in 2016 agus 0.6 de chuóta acu. Anuraidh, d’éirigh léi an suíochán a bhíodh ag David McClarty a fháil nuair a bhásaigh sé.

Áirítear go mbeidh Sugden, Dallat nó Mullan, Cathal Ó hOisín agus duine d’iarrthóirí an DUP san iomaíocht don cheathrú agus don chúigiú suíochán.

Jeffrey Donaldson

Gleann an Lagáin

Trí shuíochán a bhí ag DUP, dhá cheann a bhí ag an UUP agus ceann ag an Alliance sa cheantar seo thart ar Lios na gCearrbhach. Tá tromlach mór aontachtach anseo agus is ag Jeffrey Donaldson, a toghadh i dtosach don UUP ach a chuir lena neart nuair a d’aistrigh sé go dtí an DUP, atá an suíochán Parlaiminte. Bhí móramh anseo i bhfabhar an Bhreatimeachta (53% in aghaidh 47%) agus vótáil 9,000 níos mó sa reifreann ná mar a rinne i dtoghchán an Tionóil anuraidh. Áirítear gur chaith a dhá oiread náisiúnach vóta sa reifreann is a rinne don Tionól agus tá Sinn Féin agus an SDLP ag iarraidh áiteamh ar chuid acu sin vóta a chaitheamh Déardaoin.

Ba iad Paul Givan, Edwin Poots agus Brenda Hale a fuair na trí shuíochán don DUP agus tá siad i measc na 13 iomaitheoir atá san iomaíocht do na cúig shuíochán. B’ionann vóta an DUP an uair dheiridh agus 2.8 cuóta i mbliana agus dá réir meastar go mbeidh an triúr slán mura dtiocfaidh aon athrú mór ar an scéal. Bhí ceithre shuíochán ag an DUP anseo go dtí gur bhain iarbhall den pháirtí, Jennifer Palmer, ceann de na suíocháin sin den UUP anuraidh. 1.2 den chuóta nua a bhí ag Jennifer Palmer agus Robbie Butler an UUP an uair dheiridh agus seans go mbeidh sé deacair acu an dá shuíochán a choinneáil i mbliana.

Beidh dianchoimhlint idir an UUP agus Trevor Lunn, teachta an Alliance, don suíochán deiridh. 0.6 de chuóta a bhí ag Alliance. I mbliana tá beirt chomhairleoirí a thit amach le Alliance le gairid ag tacú le Pat Catney, SDLP, a bhí gar do leathchuóta anuraidh. D’fhéadfadh go mbeidh tionchar ag an scéal sin ar thoghchán na seachtaine seo agus d’fhéadfadh éifeacht a bheith ag vótaí aistrithe ar a bhfuil i ndán don UUP agus Alliance.

An Dún Theas

Beirt ón SDLP, beirt ó Shinn Féin, duine amháin ón DUP agus duine amháin ón UUP a toghadh anuraidh sa toghcheantar a shíneann ó Dhún Pádraig go dtí An Caisleán Nua, na Beanna Boirche agus siar go dtí baile an Iúir. Chaith breis agus beirt as gach triúr vóta in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann anuraidh nuair a tháinig 6,000 toghthóir sa bhreis amach i gcomparáid le toghchán an Tionóil an mhí roimhe sin. Tá cúigear den seisear a bhuaigh suíocháin anuraidh san iomaíocht arís agus iarrthóir nua ag Sinn Féin ag cosaint an tsuíocháin a bhí ag Caitríona Ruane, atá éirithe as Stormont. Aon duine dhéag atá ag seasamh.

Bhí beagán le cois 1.9 den chuóta a bheas ann i mbliana ag Sinéad Bradley agus Colin McGrath ón SDLP, agus an chosúlacht air go mbeidh siad slán má thagann vótóirí náisiúnacha amach. Bhí Sinn Féin i bhfoisceacht 155 vóta den SDLP agus tá Chris Hazzard agus Sinéad Ennis ag cosaint a suíochán. Bhí 0.7 den chuóta nua ag Jim Wells DUP a toghadh d’ainneoin na conspóide a thug air éirí as a phost mar Aire Sláinte. Tá ceist an geábh seo faoin tionchar a bheidh ag an scannal faoin scéim fuinnimh inathnuaite ar vóta an DUP agus ar aistrithe chuig Wells. Leathchuóta a bhí ag Harold McKee an UUP. Bunaithe ar an uimhríocht sin, is é Harold McKee an té is goilliúnaí ach tá an páirtí ag súil le vótaí a fuair John McCallister mar neamhspleách ( bhí sé seal ina bhall de NI21 agus an UUP) a mhealladh ar ais agus dianchoimhlint ann don dá shuíochán deiridh.

An tIúr agus Ard Mhacha

Trí shuíochán do Shinn Féin agus ceann an páirtí ag an SDLP, an DUP agus an UUP a bhí sa toghcheantar seo a chuimsíonn an chuid thiar de bhaile an Iúir, deisceart agus cathair Ard Mhacha, agus an ceantar ó thuaidh go dtí Droichead na Banna. Ta imní mhór sa cheantar faoi éifeacht an Bhreatimeachta ar an bpobal cois teorann. Vótáil tromlach in aghaidh an Bhreatimeachta agus chaith 2,000 vóta sa reifreann sa bhreis ar an tinreamh i dtoghchán an tionóil anuraidh. Tá an seisear a toghadh sa rás arís chomh maith le triúr eile, an líon is lú iarrthóirí sa toghchán seo, ach beidh ceathrar ar an ngannchuid tar éis na vótála Déardaoin.

Fuair Megan Fearon, Cathal Boylan agus Conor Murphy trí shuíochán do Shinn Féin le 41% den vóta; is ionann sin agus dhá chuóta go leith i mbliana. Bhí 1.1 cuóta ag beirt don SDLP agus ba cheart go mbeadh Justin McNulty in ann an suíochán sin a chosaint gan stró rómhór. Bhí William Irwin an DUP an-ghar don chuóta nua agus 0.8 de chuóta ag Danny Kennedy. Tharraing Kennedy aird nuair a thug sé an t-eiteachas do mholadh a cheannaire Mike Nesbitt gur cheart vótaí a aistriú chuig an SDLP. Mhol Kennedy do thoghthóirí vótaí a aistriú chuig aontachtaithe eile – beart sothuigthe, seans, mar go mbeadh sé féin ag brath ar aistrithe. Is é an tríú suíochán de chuid Shinn Féin an ceann is goilliúnaí de réir dealraimh cé go maíonn an páirtí sin go méadófar an tinreamh ar mhaithe leosan i gcomparáid leis an toghchán deiridh. Idir Sinn Féin agus an UUP a bheidh sé don suíochán deiridh.

Catherine Seeley

An Bhanna Uachtair

Dhá shuíochán a bhí ag an DUP anseo, dhá cheann ag an UUP agus dhá cheann ag Sinn Féin. Síneann an toghcheantar ó dheas ó Loch nEathach go Droichead na Banna agus is iad Port an Dúnáin agus An Lorgain na príomhbhailte. Ní nach ionadh i gceantar mór aontachtach, vótáil muintir an cheantair seo i bhfabhar an Bhreatimeachta le tromlach 2,700. Vótáil os cionn 5,000 toghthóir níos mó sa reifreann ná i dtoghchán an Tionóil anuraidh; maítear gur náisiúnaithe cuid mhór den 5,000 sin.

Tá ceathrar den seisear a toghadh anuraidh ag cosaint a suíochán. Tá Johnny Buckley, 25, an t-iarrthóir is óige ag an DUP ag seasamh in áit Sydney Anderson, an seanóir a d’éirigh as. Ó d’éirigh Catherine Seeley, Sinn Féin, as an bpolaitíocht tar éis ocht mí i Stormont tá iarrthóir nua, Nuala Toman sa tóir ar an suíochán a bhí aicise. Tá Dolores Kelly ón SDLP, ar bhain Sinn Féin an suíochán di anuraidh, i measc an dáréag ar fad atá san iomaíocht.

B’ionann vóta an DUP anuraidh agus 1.9 den chuóta nua. Mura dtiteann vóta an DUP go tubaisteach ba cheart go gcoinneodh Carla Lockhart agus Buckley an dá shuíochán.

Toghadh Jo-Anne Dobson agus Doug Beattie don UUP le cuóta go leith agus táthar á thuar go mbeidh Doug Beattie i dtrioblóid. 1.3 cuóta a bhí ag Sinn Féin a fuair suíochán sa bhreis anseo nuair a toghadh John O’Dowd agus Catherine Seeley. Ach an oiread le Beattie don UUP áirítear go bhféadfadh an dara suíochán de chuid Shinn Féin a bheith i mbaol. Maítear gur Sinn Féin agus an UUP a bheidh san iomaíocht don suíochán deiridh cé go mbeifear ag faire féachaint an ndéanfaidh SDLP téarnamh agus an gcuirfidh Dolores Kelly cor eile sa scéal.

Aontroim Theas

Trí shuíochán don DUP, ceann don UUP, ceann d’Alliance agus ceann do Shinn Féin a bhí anseo anuraidh. Tá an seisear ar éirigh leo an beart a dhéanamh i measc an trí dhuine dhéag atá san iomaíocht anois do chúig shuíochán. Nuair a áirítear vótaí na bliana seo caite i dtéarmaí an chuóta ardaithe nua a bheidh i gceist i mbliana. bhí 2.3 cuóta ag Paul Girvan, Pam Cameron agus Trevor Clarke don DUP, bhí 1.3 cuóta ag an UUP, idir Stephen Aiken a toghadh agus a bheirt chomhghleacaithe. Bhí 0.8 de chuóta ag cathaoirleach Shinn Féin Declan Kearney, ar Gaeilgeoir é, agus bhí leathchuóta ag David Ford, an t-iar-aire cirt a bhí ina cheannaire ar Alliance ag an am.

De réir na bhfigiúirí, bheadh dhá shuíochán de chuid an DUP, ceann de chuid an UUP agus ceann Shinn Féin slán. Beidh Alliance ag súil le haistrithe as gach ceard chun go dtabharfaidh David Ford na cosa leis arís, ach is cosúil go mbeidh sé in iomaíocht leis an DUP don suíochán deiridh. Ar ndóigh má thiteann vóta an DUP i ngeall ar scannal an RHI d’fhéadfadh scéal eile ar fad a bheith ann.

Bhí níos mó vótaí ag Róisín Lynch, an SDLP, ar an gcéad chomhaireamh anuraidh ná mar a bhí ag David Ford, ach ní raibh teacht aici ar aistrithe. Beifear ag faire féachaint an bhfaighidh sí aistrithe ón UUP, mar atá á mholadh ag ceannaire an pháirtí sin, Mike Nesbitt. Vótáil muintir an cheantair seo i bhfabhar an Bhreatimeachta le móramh 550 vóta ach tháinig 8,000 toghthóir sa bhreis amach don reifreann ná mar a tháinig amach don toghchán. Meastar gur náisiúnaithe ba chúis le breis agus leath den ardú tinrimh sa reifreann. Bheadh tionchar mór ar an toghchán acu siúd dá gcaithfidís vóta arís.

Is í breith na coitiantachta gurb é an DUP is mó atá i mbaol anseo, ach ar éigean atá David Ford agus Alliance ag déanamh talamh slán dá suíochán.

Aontroim Thoir

Trí cinn de shuíocháin a bhí ag an DUP anseo, chomh maith le ceann don UUP, ceann d’Alliance agus ceann do Shinn Féin. Síneann an ceantar seo fan an chósta ó Charraig Fhearghais go dtí na Glinnte. Tá 15 san iomaíocht. Ina measc sin tá David Hilditch agus Gordon Lyons atá ag cosaint a suíochán don DUP. Tá an t-iar-aire sóisir, Alastair Ross ón DUP éirithe as an bpolaitíocht agus tá Stephen Ross ag seasamh ina áit. 2.2 cuóta atá ag an DUP. Tá Roy Beggs an UUP ag cosaint a shuíocháin agus tá John Stewart sa tóir ar an dara suíochán don pháirtí sin. 1.2 cuóta a bhí ag an UUP. Tá Stewart Dickson, le 0.9 de chuóta, sa rás arís d’Alliance agus tá Oliver McMullan san iomaíocht do Shinn Féin. Leathchuóta a bhí aige siúd.

Táthar á thuar go gcaillfidh an DUP suíochán. Theastódh preab ollmhór ón UUP chun an dara suíochán a fháil ach ba chóir go mbeadh Roy Beggs slán. Ceaptar go mbeidh suíochán Alliance slán, ach táthar san amhras faoi sheans McMullan agus Sinn Féin. Ní raibh sé ach 104 vóta chun tosaigh ar Noel Jordan ó UKIP anuraidh agus bhí Jordan an-ghníomhach sa cheantar i bhfabhar an Bhreatimeachta. ar glacadh go fonnmhar leis. Beidh fear UKIP ag súil le haistrithe ón TUV agus ó dhaoine eile a d’aistrigh chuig an DUP anuraidh. Tá ceist anseo mar sin faoi shuíochán de chuid an DUP, an ceann a bhí ag Alastair Ross, agus faoi shuíochán Shinn Féin.

Aontroim Thuaidh

Bhí trí shuíochán anseo ag an DUP, ceann ag TUV, ceann ag an UUP agus an ceann eile ag Sinn Féin. Seo dúnáras mhuintir Paisley. Tá an seisear Teachtaí atá ag dul as oifig i measc an 11 iarrthóir. Tá 2.6 cuóta (de réir an chuóta ardaithe a bheidh i bhfeidhm i mbliana) ag triúr an DUP, Paul Frew, Mervyn Storey agus Philip Logan. Bhí os cionn cuóta ag Jim Allister, ceannaire an TUV, a bhfuil iarrthóir eile ag seasamh ina theannta. Mhaígh Allister gur shocraigh siad ar an dara hiarrthóir a chur chun tosaigh mar gheall ar an aiseolas a bhí siad a fháil ag na doirse ó dhaoine a bhfuil fearg orthu mar gheall ar an DUP agus scannal an RHI. Bhí 0.8 de chuóta ag Sinn Féin agus 0.6 de chuóta ag Robin Swann ón UUP.

Ba é Daithí McKay a toghadh do Shinn Féin anuraidh ach b’éigean dó éirí as de bharr na conspóide faoina bheith ag comhoibriú leis an dílseoir Jamie Bryson i dtaca le fianaise faoi NAMA a tugadh don Choiste Um Chuntais Phoiblí. Tháinig Philip McGuigan i gcomharbacht ar McKay agus tá seisean ag cosaint an tsuíocháin. Scoilt Sinn Féin sa cheantar i ngeall ar an gcaoi ar roghnaíodh McGuigan in ionad McKay agus tá iarbhall den pháirtí, Monica Digney, ag seasamh mar neamhspleách. Ní léir an ndéanfaidh sí mórán dochair do Shinn Féin, ach ní léir ach an oiread cibé an aistreoidh vótaí an SDLP chuig Sinn Féin nó chuig an UUP.

De réir fhigiúirí na bliana seo caite, is é  an tríú suíochán de chuid an DUP agus/nó suíochán an UUP a bheidh i mbaol.

Loch Cuan

Tá móramh aontachtach ollmhór sa toghcheantar a shíneann ó Thamhnaigh Naomh, ar bhruach thoir theas Bhéal Feirste, soir go dtí An Comar, Baile nua na hArda agus leithinis na hArda. Tá suim mhór sa choimhlint idir an iar-aire Jonathan Bell, a cuireadh ar fionraí ón DUP, agus triúr airí reatha an pháirtí sin, Simon Hamilton, Michelle McIlveen agus Peter Weir.

Anuraidh toghadh triúr don DUP, beirt don UUP agus duine don Alliance. Fuair páirtithe aontachtacha breis is seacht vóta as gach deich gcinn. Bhí 43% ag an DUP, 19.5% ag an UUP agus 7.6% ar fad ag TUV, UKIP agus Coimeádaigh. Bhí Mike Nesbitt, ceannaire an UUP ar cheann an chomhairimh agus bhailigh a chomhghleacaí Philip Smith dóthain aistrithe chun an áit dheiridh a fháil. Bhí Simon Hamilton agus Michelle McIlveen ón DUP go maith chun tosaigh ar Jonathan Bell, ach thug siad trí shuíochán leo. Choinnigh Kellie Armstrong an suíochán do Alliance a bhí ag Kieran McCarthy roimhe sin. Bhí Joe Boyle, SDLP, sa seachtú háit mar is dual dó.

As 13 iarrthóir ar fad i mbliana, tá seachtar a toghadh anuraidh sa tóir ar na cúig  shuíochán anseo, an seisear a toghadh i Loch Cuan agus Peter Weir, DUP, atá tagtha isteach ón Dún Thuaidh. Tá Jonathan Bell ina iarrthóir neamhspleách aontachtach Cuirfear an-suim sa tacaíocht a gheobhaidh Bell, mar gheall ar an scéim fuinnimh inathnuaite, ar ndóigh. Slat tomhais mhaith a bheidh ann freisin ar an naimhdeas idir an tseaneite shoiscéalach den DUP agus campa Arlene Foster.

Ó tharla an cuóta ardaithe go 16.7%, ní bheadh an tríú suíochán slán ag an DUP mura mbeadh acu ach vótaí na bliana seo caite. Ní bheadh acu ach dhá chuóta go leith. Agus sin sula ndealófá vóta Bell ón iomlán. Ní mór a chur san áireamh chomh maith go bhfuil seans nach bhfaighidh an DUP oiread aistrithe ó aontachtaithe eile is a fuaireadar anuraidh. Tá an tríú suíochán i mbaol. Anuas air sin, ní raibh ach beagán le cois an chuóta nua ag an UUP. Mura bhfaighidh siadsan vótaí breise seans nach dtoghfar Philip Smith. Ceaptar go mbeidh suíochán Alliance slán, rud a d’fhágfadh seisear aontachtach ag cosaint suíochán agus gan ach ceithre cinn ar fáil.

An Dún Thuaidh

Ghéill an DUP go gcaillfídís suíochán anseo nuair a d’aistrigh siad Peter Weir soir go Loch Cuan. Seo é an toghcheantar saibhir ar bhruach theas Loch Laoi, ceantar ina bhfuil móramh aontachtach, feisire Parlaiminte aontachtach neamhspleách a vótáil in éadan an Bhreatimeachta.

Anuraidh toghadh 3 DUP, 1 UUP, 1 Alliance agus 1 Comhaontas Glas. Tá dáréag san iomaíocht do na cúig shuíochán. Ina measc sin tá cúigear a toghadh anuraidh ag cosaint a suíochán, Gordon Dunne agus Alex Easton ón DUP, Stephen Farry, Alliance agus Steven Agnew, Comhaontas Glas, chomh maith le Alan Chambers, UUP. Tá an dara hiarrthóir ag an UUP agus tá SF, SDLP, Caomhach agus triúr neamhspleách san iomaíocht. Bhí 41.7% ag DUP anuraidh – dhá shuíochán slán sábháilte mura dtiteann an tóin as a vóta, an cuóta nua ag Alliance, an UUP gar don chuóta agus dhá thrian ag ceannaire Chomhaontas Glas, Steven Agnew ar dual dó aistrithe a fháil as gach ceard. Níl aon athrú drámatúil á thuar ach tá éiginnteacht faoi éifeacht an scannail faoin scéim fuinnimh inathnuaite, RHI.

Fág freagra ar 'AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair'