AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH:  Sciurd ar na toghcheantair – An Dún Theas, An tIúr agus Ard Mhacha agus An Bhanna Uachtair

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciurd thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo, is iad An Dún Theas, An tIúr agus Ard Mhacha agus An Bhanna Uachtair atá faoi chaibidil

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH:  Sciurd ar na toghcheantair – An Dún Theas, An tIúr agus Ard Mhacha agus An Bhanna Uachtair

Bhí deich gcinn as na 18 suíochán sna trí thoghcheantar seo ag náisiúnaithe, seacht gcinn ag Sinn Féin agus trí cinn ag an SDLP. Bhí an chuid eile roinnte go cothrom idir an DUP agus an UUP. Tá móramh náisiúnach san Dún Theas agus san Iúr/Ard Mhacha agus tromlach mór aontachtach sa Bhanna Uachtair. Cé a bheas thíos leis an laghdú ar líon na suíochán go cúig cinn i ngach toghcheantar?

An Dún Theas

Beirt ón SDLP, beirt ó Shinn Féin, duine amháin ón DUP agus duine amháin ón UUP a toghadh anuraidh sa toghcheantar a shíneann ó Dhún Pádraig go dtí An Caisleán Nua, na Beanna Boirche agus siar go dtí baile an Iúir. Chaith breis agus beirt as gach triúr vóta in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann anuraidh nuair a tháinig 6,000 toghthóir sa bhreis amach i gcomparáid le toghchán an Tionóil an mhí roimhe sin. Tá cúigear den seisear a bhuaigh suíocháin anuraidh san iomaíocht arís agus iarrthóir nua ag Sinn Féin ag cosaint an tsuíocháin a bhí ag Caitríona Ruane, atá éirithe as Stormont. Aon duine dhéag atá ag seasamh.

Bhí beagán le cois 1.9 den chuóta a bheas ann i mbliana ag Sinéad Bradley agus Colin McGrath ón SDLP, agus an chosúlacht air go mbeidh siad slán má thagann vótóirí náisiúnacha amach. Bhí Sinn Féin i bhfoisceacht 155 vóta den SDLP agus tá Chris Hazzard agus Sinéad Ennis ag cosaint a suíochán. Bhí 0.7 den chuóta nua ag Jim Wells DUP a toghadh d’ainneoin na conspóide a thug air éirí as a phost mar Aire Sláinte. Tá ceist an geábh seo faoin tionchar a bheidh ag an scannal faoin scéim fuinnimh inathnuaite ar vóta an DUP agus ar aistrithe chuig Wells. Leathchuóta a bhí ag Harold McKee an UUP. Bunaithe ar an uimhríocht sin, is é Harold McKee an té is goilliúnaí ach tá an páirtí ag súil le vótaí a fuair John McCallister mar neamhspleách ( bhí sé seal ina bhall de NI21 agus an UUP) a mhealladh ar ais agus dianchoimhlint ann don dá shuíochán deiridh.

An tIúr agus Ard Mhacha

Trí shuíochán do Shinn Féin agus ceann an páirtí ag an SDLP, an DUP agus an UUP a bhí sa toghcheantar seo a chuimsíonn an chuid thiar de bhaile an Iúir, deisceart agus cathair Ard Mhacha, agus an ceantar ó thuaidh go dtí Droichead na Banna. Ta imní mhór sa cheantar faoi éifeacht an Bhreatimeachta ar an bpobal cois teorann. Vótáil tromlach in aghaidh an Bhreatimeachta agus chaith 2,000 vóta sa reifreann sa bhreis ar an tinreamh i dtoghchán an tionóil anuraidh. Tá an seisear a toghadh sa rás arís chomh maith le triúr eile, an líon is lú iarrthóirí sa toghchán seo, ach beidh ceathrar ar an ngannchuid tar éis na vótála Déardaoin.

Fuair Megan Fearon, Cathal Boylan agus Conor Murphy trí shuíochán do Shinn Féin le 41% den vóta; is ionann sin agus dhá chuóta go leith i mbliana. Bhí 1.1 cuóta ag beirt don SDLP agus ba cheart go mbeadh Justin McNulty in ann an suíochán sin a chosaint gan stró rómhór. Bhí William Irwin an DUP an-ghar don chuóta nua agus 0.8 de chuóta ag Danny Kennedy. Tharraing Kennedy aird nuair a thug sé an t-eiteachas do mholadh a cheannaire Mike Nesbitt gur cheart vótaí a aistriú chuig an SDLP. Mhol Kennedy do thoghthóirí vótaí a aistriú chuig aontachtaithe eile – beart sothuigthe, seans, mar go mbeadh sé féin ag brath ar aistrithe. Is é an tríú suíochán de chuid Shinn Féin an ceann is goilliúnaí de réir dealraimh cé go maíonn an páirtí sin go méadófar an tinreamh ar mhaithe leosan i gcomparáid leis an toghchán deiridh. Idir Sinn Féin agus an UUP a bheidh sé don suíochán deiridh.

An Bhanna Uachtair

Dhá shuíochán a bhí ag an DUP anseo, dhá cheann ag an UUP agus dhá cheann ag Sinn Féin. Síneann an toghcheantar ó dheas ó Loch nEathach go Droichead na Banna agus is iad Port an Dúnáin agus An Lorgain na príomhbhailte. Ní nach ionadh i gceantar mór aontachtach, vótáil muintir an cheantair seo i bhfabhar an Bhreatimeachta le tromlach 2,700. Vótáil os cionn 5,000 toghthóir níos mó sa reifreann ná i dtoghchán an Tionóil anuraidh; maítear gur náisiúnaithe cuid mhór den 5,000 sin.

Tá ceathrar den seisear a toghadh anuraidh ag cosaint a suíochán. Tá Johnny Buckley, 25, an t-iarrthóir is óige ag an DUP ag seasamh in áit Sydney Anderson, an seanóir a d’éirigh as. Ó d’éirigh Catherine Seeley, Sinn Féin, as an bpolaitíocht tar éis ocht mí i Stormont tá iarrthóir nua, Nuala Toman sa tóir ar an suíochán a bhí aicise. Tá Dolores Kelly ón SDLP, ar bhain Sinn Féin an suíochán di anuraidh, i measc an dáréag ar fad atá san iomaíocht.

B’ionann vóta an DUP anuraidh agus 1.9 den chuóta nua. Mura dtiteann vóta an DUP go tubaisteach ba cheart go gcoinneodh Carla Lockhart agus Buckley an dá shuíochán.

Toghadh Jo-Anne Dobson agus Doug Beattie don UUP le cuóta go leith agus táthar á thuar go mbeidh Doug Beattie i dtrioblóid. 1.3 cuóta a bhí ag Sinn Féin a fuair suíochán sa bhreis anseo nuair a toghadh John O’Dowd agus Catherine Seeley. Ach an oiread le Beattie don UUP áirítear go bhféadfadh an dara suíochán de chuid Shinn Féin a bheith i mbaol. Maítear gur Sinn Féin agus an UUP a bheidh san iomaíocht don suíochán deiridh cé go mbeifear ag faire féachaint an ndéanfaidh SDLP téarnamh agus an gcuirfidh Dolores Kelly cor eile sa scéal.

An Feabhal, Doire Thoir agus Gleann an Lagáin

Aontroma

Loch Cuan agus An Dún

Béal Feirste

Fág freagra ar 'AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH:  Sciurd ar na toghcheantair – An Dún Theas, An tIúr agus Ard Mhacha agus An Bhanna Uachtair'