AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair – Loch Cuan agus An Dún Thuaidh

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciuird thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo, is iad Loch Cuan agus An Dún Thuaidh atá faoi chaibidil againn

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair – Loch Cuan agus An Dún Thuaidh

Ní léir cén tionchar a bheidh ag an scannal faoin scéim fuinnimh inathnuaite, an RHI, ar vóta an DUP ach tá míshuaimhneas léirithe ag ceannairí an pháirtí faoin scéal ag ócáidí poiblí. Dhiúltaigh siad ceisteanna a fhreagairt faoin ábhar agus iad ag seoladh a gclár toghcháin. Tá siad ag iarraidh a lucht leanúna a ghríosú le caint faoi Gerry Adams, ach tá meirg ar a gcuid iarrachtaí scanradh a chur ar dhaoine faoi Shinn Féin. Más leid é a míshuaimhneas faoin aiseolas atá siad a fháil ag na doirse, seans go bhfuil léasadh i ndán dóibh. Nochtfar corp agus cleiteacha an easaontais san DUP féin faoin RHI i Loch Cuan,  mar a bhfuil Jonathan Bell, iartheachta agus iar-aire a cuireadh ar fionraí ón DUP faoin gconspóid, ag seasamh mar neamhspleách ansin.

Loch Cuan

Tá móramh aontachtach ollmhór sa toghcheantar a shíneann ó Thamhnaigh Naomh, ar bhruach thoir theas Bhéal Feirste, soir go dtí An Comar, Baile nua na hArda agus leithinis na hArda. Tá suim mhór sa choimhlint idir an iar-aire Jonathan Bell, a cuireadh ar fionraí ón DUP, agus triúr airí reatha an pháirtí sin, Simon Hamilton, Michelle McIlveen agus Peter Weir.

Anuraidh toghadh triúr don DUP, beirt don UUP agus duine don Alliance. Fuair páirtithe aontachtacha breis is seacht vóta as gach deich gcinn. Bhí 43% ag an DUP, 19.5% ag an UUP agus 7.6% ar fad ag TUV, UKIP agus Coimeádaigh. Bhí Mike Nesbitt, ceannaire an UUP ar cheann an chomhairimh agus bhailigh a chomhghleacaí Philip Smith dóthain aistrithe chun an áit dheiridh a fháil. Bhí Simon Hamilton agus Michelle McIlveen ón DUP go maith chun tosaigh ar Jonathan Bell, ach thug siad trí shuíochán leo. Choinnigh Kellie Armstrong an suíochán do Alliance a bhí ag Kieran McCarthy roimhe sin. Bhí Joe Boyle, SDLP, sa seachtú háit mar is dual dó.

As 13 iarrthóir ar fad i mbliana, tá seachtar a toghadh anuraidh sa tóir ar na cúig  shuíochán anseo, an seisear a toghadh i Loch Cuan agus Peter Weir, DUP, atá tagtha isteach ón Dún Thuaidh. Tá Jonathan Bell ina iarrthóir neamhspleách aontachtach Cuirfear an-suim sa tacaíocht a gheobhaidh Bell, mar gheall ar an scéim fuinnimh inathnuaite, ar ndóigh. Slat tomhais mhaith a bheidh ann freisin ar an naimhdeas idir an tseaneite shoiscéalach den DUP agus campa Arlene Foster.

Ó tharla an cuóta ardaithe go 16.7%, ní bheadh an tríú suíochán slán ag an DUP mura mbeadh acu ach vótaí na bliana seo caite. Ní bheadh acu ach dhá chuóta go leith. Agus sin sula ndealófá vóta Bell ón iomlán. Ní mór a chur san áireamh chomh maith go bhfuil seans nach bhfaighidh an DUP oiread aistrithe ó aontachtaithe eile is a fuaireadar anuraidh. Tá an tríú suíochán i mbaol. Anuas air sin, ní raibh ach beagán le cois an chuóta nua ag an UUP. Mura bhfaighidh siadsan vótaí breise seans nach dtoghfar Philip Smith. Ceaptar go mbeidh suíochán Alliance slán, rud a d’fhágfadh seisear aontachtach ag cosaint suíochán agus gan ach ceithre cinn ar fáil.

An Dún Thuaidh

Ghéill an DUP go gcaillfídís suíochán anseo nuair a d’aistrigh siad Peter Weir soir go Loch Cuan. Seo é an toghcheantar saibhir ar bhruach theas Loch Laoi, ceantar ina bhfuil móramh aontachtach, feisire Parlaiminte aontachtach neamhspleách a vótáil in éadan an Bhreatimeachta.

Anuraidh toghadh 3 DUP, 1 UUP, 1 Alliance agus 1 Comhaontas Glas. Tá dáréag san iomaíocht do na cúig shuíochán. Ina measc sin tá cúigear a toghadh anuraidh ag cosaint a suíochán, Gordon Dunne agus Alex Easton ón DUP, Stephen Farry, Alliance agus Steven Agnew, Comhaontas Glas, chomh maith le Alan Chambers, UUP. Tá an dara hiarrthóir ag an UUP agus tá SF, SDLP, Caomhach agus triúr neamhspleách san iomaíocht. Bhí 41.7% ag DUP anuraidh – dhá shuíochán slán sábháilte mura dtiteann an tóin as a vóta, an cuóta nua ag Alliance, an UUP gar don chuóta agus dhá thrian ag ceannaire Chomhaontas Glas, Steven Agnew ar dual dó aistrithe a fháil as gach ceard. Níl aon athrú drámatúil á thuar ach tá éiginnteacht faoi éifeacht an scannail faoin scéim fuinnimh inathnuaite, RHI.

An Feabhal, Doire Thoir agus Gleann an Lagáin

An Dún Theas, An tIúr agus Ard Mhacha agus An Bhanna Uachtair

Aontroma

Béal Feirste