AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciuird ar na toghcheantair – cathair Bhéal Feirste

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciuird thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. Sa chéad tuairisc seo ó na toghcheantair seo, tá ceithre thoghcheantar Bhéal Feirste faoi chaibidil againn

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciuird ar na toghcheantair – cathair Bhéal Feirste

24 ionadaí a bhí ag cathair Bhéal Feirste go dtí seo ach ní thoghfar ach scór an tseachtain seo chugainn mar laghdófar líon na dTeachtaí as gach toghcheantar ó sheisear go cúigear. Cé gurbh í Béal Feirste dúnáras na n-aontachtach le fada, bhí móramh náisiúnach sa chathair le tamall, ag Sinn Féin agus an SDLP. An amhlaidh a bheidh as seo amach? Anuraidh tháinig méadú mór ar líon na n-ionadaithe ‘neodracha’, dreamanna nach nglacann leis an lipéad aontachtach ná náisiúnach. Chomh maith le hionadaithe Alliance, bhain Pobal Roimh Bhrabach suíocháin ó Shinn Féin agus rinne an Comhaontas Glas amhlaidh ar an SDLP.

Ba é an DUP an páirtí ba mhó agus ochtar teachtaí aige; ionadaí amháin a bhí ag an UUP. Bhí seachtar teachtaí ag Sinn Féin, triúr ag an SDLP, triúr ag Alliance, agus ionadaí amháin ag Comhaontas Glas agus Pobal Roimh Bhrabach araon. Tá brú ar gach páirtí a chuid a chosaint ó tharla go mbeidh an ionadaíocht laghdaithe. Tá caint i ngach ceard ar mhéid an chuóta an uair seo, 16.7% murab ionann agus an 14.3% a bhí ann cheana.

Ceist mhór do Shinn Féin agus an SDLP is ea an ráta vótála i measc na náisiúnaithe. Thit líon na náisiúnach a chaith vóta 5.1% anuraidh, an leibhéal ab ísle ó 1998. Táthar ag iarraidh é sin a athrú. Chaith os cionn 86,000 toghthóir sa bhreis vóta sa reifreann faoi Bhreatimeacht agus meastar gur náisiúnaithe céatadán mór díobh sin. Is mór an difríocht a dhéanfaidís sin an tseachtain seo chugainn dá dtogródh siad.

Béal Feirste Thoir

Triúr ón DUP, beirt ón Alliance agus duine amháin ón UUP a bhí anseo. Tá ceithre dhuine dhéag san iomaíocht do na cúig shuíocháin agus is é an Ceann Comhairle, Robin Newton ón DUP, is mó atá i mbaol. Bhí Newton i dtrioblóid mhór sular thit Stormont, vótáil móramh na dteachtaí ar son rún mímhuiníne ann ann ach tharrtháil an DUP é le veto in aghaidh an rúin.

Bhí 36.7% de na vótaí ag an DUP – sin 2.2 cuóta i mbliana. Dá réir, ceaptar gur ceann de thrí shuíochán an DUP a bheidh i mbaol. Chomh maith le Newton tá Joanne Bunting ag cosaint a suíocháin agus tá David Douglas ag cosaint an tsuíocháin a bhí ag a athair, Sammy. Ta ceannaire an Alliance, Naomi Long agus a comhghleacaí Chris Lyttle ag iarraidh a suíocháin féin a choinneáil. Mhéadaigh siad a sciar den vóta anuraidh go 28.7%, sin 1.7 cuóta agus mar cheannaire nua beidh súil ag Long a vóta a mhéadú. Is é Andy Allen ón UUP an Teachta eile atá anseo. Bhí 11% den vóta aige an uair dheiridh agus ba cheart go bhfaigheadh sé aistrithe; is eisean an t-aon ionadaí amháin atá ag an UUP i mBéal Feirste agus ba mhór an tubaiste a bheadh ann don pháirtí sin an suíochán seo a chailliúint. Is anseo atá cónaí ar cheannaire an UUP, Mike Nesbitt, a dúirt go n-aistreodh sé a vóta chuig an SDLP, ach níl seans ar bith ar bhua ag an SDLP. Seans gur cailliúint a bheidh anseo don DUP, ach tá an UUP i mbaol chomh maith.

Béal Feirste Thuaidh

Triúr ón DUP, beirt ó Shinn Féin agus duine amháin ón SDLP a bhí anseo. De réir uimhríochta, ó tharla nach bhfuil ann feasta ach cúig shuíochán, d’fhéadfadh aon cheann de na trí pháirtí sin a bheith i mbaol.

Tá Nelson McCausland, Paula Bradley agus William Humphrey ón DUP ag cosaint na suíochán a bhuadar le 35% den vóta; is ionann sin agus 2.2 cuóta. Tá Gerry Kelly agus Carál Ní Chuilín, Sinn Féin, ag cosaint a suíochán féin. Bhí 28.7% den vóta acu agus b’ionann sin agus 1.7 cuóta an geábh seo. Ba í Nicola Mallon, SDLP, an séú teachta agus bhí 11% den vóta aici, 0.7 de chuóta. Le déanaí sheol an UDA piléar sa phost chuici i ngeall ar a seasamh láidir ina n-aghaidh. Bhí 7% ag Alliance, 5% ag an UUP agus 3.5% ag Pobal Roimh Bhrabach.

Tá trí dhuine dhéag san iomaíocht agus é deacair patrún na n-aistrithe a mheas. An ndéanfaidh scannal an RHI dóthain damáiste don DUP gurbh iadsan a chaillfidh mar go mbeidh drogall ar pháirtithe eile aistriú chucu an t-am seo? Mura mbeidh méadú ar a vóta féin, ní bheadh riar a gcáis ag Sinn Féin, ach an oiread, cheal aistrithe. An fearr an seans ar aistrithe a bheidh ag Nicola Mallon, SDLP, ná Carál Ní Chuilín, Sinn Féin? Nó an mbeidh cóir na gaoithe leis an Alliance, rud a d’athródh an scéal ar fad?

Béal Feirste Theas

Dhá shuíochán a bhí ag an DUP anseo agus ceann an pháirtí ag an SDLP, Sinn Féin, an Alliance agusComhaontas Glas. Seo an toghcheantar is mó éagsúlachta ó thaobh ionadaíochta de sa chathair. Chaith os cionn dhá thrian de na vótóirí sa cheantar seo vóta in éadan Breatimeachta anuraidh, agus vótáil 7,000 níos mó sa reifreann ná mar a rinne i dtoghchán an Tionóil an mhí roimhe sin.

Tá 14 iarrthóir sa rás do na cúig shuíochán, an seisear a toghadh anuraidh san áireamh. Is í an cheist mhór anseo, an mbeadh beirt an DUP – Emma Little Pengelly agus Christopher Stalford – in ann a suíocháin a choinneáil le 1.3 cuóta, nó 22% den vóta, mar a bhí acu anuraidh. Bhí 14% den vóta ag aontachtaithe eile eatarthu (UUP, TUV, PUP agus neamhspleách), ach ní cheaptar go mbeidh iarrthóir nua an UUP in ann a theacht i dtír ar an vóta sin.

Tá Claire Hanna an SDLP ag cosaint a suíocháin agus comhiarrthóir in éineacht léi, Naomh Gallagher. Bhí 20% den vóta ag SDLP anuraidh, sin breis agus cuóta. Tá súil ag Paula Bradshaw suíochán Alliance a choinneáil; bhí 16.4% aici anuraidh – an-ghar don chuóta nua. Meastar go mbeidh Máirtín Ó Muilleoir, Sinn Féin, sábháilte. Toghadh eisean anuraidh le 14.2% de na vótaí – sin 0.9 den chuóta. Ba í Claire Bailey a fuair suíochán Chomhaontas Glas le 9.6% de na vótaí; ní bheadh ansin ach 0.6 den chuóta nua. Ní haon ribín réidh é an suíochán seo a chosaint ach faigheann na Glasaigh aistrithe as gach ceard. An DUP nó Comhaontas Glas a bheidh i mbaol.

Béal Feirste Thiar

Ceathrar a bhí ag Sinn Féin anseo, duine amháin ag Pobal Roimh Bhrabach agus duine amháin ag an SDLP.

Is é seo dúnáras Shinn Féin inar baineadh stangadh astu anuraidh nuair a bhain Gerry Carroll, Pobal Roimh Bhrabach, suíochán díobh. As an dáréag iarrthóir i mbliana, tá ceathrar Shinn Féin ag cosaint a suíochán, Órlaithí Flynn, Alex Maskey, Fra McCann agus Pat Sheehan. Tá PRB ag iarraidh an dara suíochán a ghnóthú agus Michael Collins ag seasamh in éineacht le Gerry Carroll. Tá Alex Attwood an SDLP i gcontúirt mhór agus vóta a pháirtí ag titim go seasta sa cheantar seo le scór bliain.

Bhí 54.5% de na vótaí ag Sinn Féin anuraidh agus b’ionann sin agus 3.3 cuóta an babhta seo. Seans go mbeidh ceann da gcuid suíochán i mbaol. Bhí 22.9% ag PRB anuraidh – 1.4 cuóta i mbliana – ach is deacair a dhéanamh amach conas a gheobhaidís an dara suíochán mura dtiteann tacaíocht Shinn Féin go tubaisteach. Ní raibh ag an SDLP ach 7.3% – níos lú na leath den chuóta nua – agus theastódh athrú mór ar chúrsa a pháirtí chun Atwood a choinneáil slán. Bhí 10.4% ag Frank McCoubrey an DUP anuraidh agus é 89 vóta taobh thiar d’Alex Atwood ag an deireadh. Tá McCoubrey san iomaíocht arís agus iarrthóirí chomh maith ag an UUP, Alliance, Comhaontas Glas agus Páirtí na nOibrí.

Tá cailliúint don SDLP nach mór dosheachanta anseo, ach ní féidir a chur as an áireamh freisin go mb’fhéidir go dtoghfaí McCoubrey agus gur Sinn Féin a bheadh thíos leis sin.

An Feabhal, Doire Thoir agus Gleann an Lagáin

An Dún Theas, An tIúr agus Ard Mhacha agus An Bhanna Uachtair

Aontroma

Loch Cuan agus An Dún