An tírdhreach álainn fite fuaite leis an éad tí ar ‘property porn’ TG4

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Sa tsraith ocht gclár Tithe Cois Farraige tugtar éachtaint dúinn ar thithe áille, difriúla atá tógtha cois cósta in Éirinn

An tírdhreach álainn fite fuaite leis an éad tí ar ‘property porn’ TG4

Grá seal, gráin seal a bhíonn agam maidir le cláracha faoi thithe (Grand Designs, Room to Improve srl.). Go minic bím fé dhraíocht ag samhlaíocht na n-ailtirí ach ar uairibh cuireann an rud ar fad conách orm agus mé bailithe den dtigh atá agam féin. Nach é David McWilliams a bhaist go maith é nuair a thug sé ‘property porn’ ar an ngliúcaíocht tithe seo.

Seo chugainn TG4 le luach a leathphingine (Tithe Cois Farraige, TG4, aréir). Sa tsraith ocht gclár seo tugtar éachtaint dúinn ar thithe áille, difriúla atá tógtha cois cósta in Éirinn. Téann Síle Nic Chonaonaigh fan an chósta ó Thír Chonaill go Corcaigh le tithe a bhainfidh an anáil dínn a chur os ár gcomhair. Cinntíonn coincheap na sraithe go bhfuil an tírdhreach álainn fite fuaite leis an éad tí. Ní nach ionadh, cuireann na seatanna aeir go mór leis an rud ar fad. Sa chlár leathdhéanach aréir thug Síle turas ar Oileán Fhínse i gConamara agus Inis Meáin le dhá áitreabh dhifriúla a chur os ár gcomhair. Ba dheas mar a tugadh léiriú ar shaol agus tréigean Oileán Fhínse agus ina dhiaidh sin tugadh cuairt ar sheantigh beag néata a bhí cóirithe ag duine de shliocht an oileáin.

Foirgneamh de chineál eile a bhí romhainn ar Inis Meáin. Is fada cáil ar chaighdeán an bhia i mbialann Ruairí agus Marie-Thérèse de Blácam ach aréir tugadh éachtaint ar an bhfoirgneamh nua-aimseartha ina bhfuilid ag feidhmiú, foirgneamh a dhear uncail Ruairí, an t-ailtire Shane de Blácam. Go deimhin tá an foirgneamh chomh nua-aoiseach sin go ndeir Ruairí go bhfuil sé in ann Nua-Eabhrac a fheiscint amach as laethanta breátha! Dearadh nua-aimseartha, cloch, adhmad agus fuinneoga fairsinge. É sin ar fad agus an foirgneamh neadaithe go nádúrtha sa timpeallacht. Ní éad tí go dtí é. É sin ar fad agus geonaíl im bholg leis an gcaint ar fad faoin mbia breá. 

I ndeireadh mhí Mheán Fhómhair thug an L.É. Samuel Beckett aghaidh ar an Meánmhuir le páirt a ghlacadh sa comhghuaillíocht idirnáisiúnta atá ag teacht i gcabhair ar na mílte teifeach atá ag iarraidh an fharraige shuaite úd a thrasnú. D’fhilleadar an tseachtain seo. Níor mhisean daonnúil go dtí é.

Meastar go bhfuil tuairim is 250,000 duine ag fanacht ar chósta na Libia le tabhairt faoin Iodáil agus tíortha eile nach í. Tá breis agus 175,000 tar éis an bheart a dhéanamh go dtí an Iodáil le bliain anuas agus fé mar a deir rannpháirtí amháin sa chlár seo (The Crossing, RTÉ 1, Dé Luain) n’fheadar Dia ná duine cé mhéad duine atá imithe go tóin poill. Seo an séú misean atá déanta ag cabhlach na hÉireann agus tá breis agus 15,000 duine  sábháilte acu. Ábhar bróid agus bróin in éineacht.

Sa chlár seo fuarthas deis taifeadta nár tugadh riamh cheana le bheith i bhfochair na laochra seo ar feadh míosa is iad mbun gaiscíochta. Is cinnte go bhfuil an leac is íochtaraí in ifreann curtha i leataobh dos na gáinneálaithe a sheolann na céadta daoine ar bháidíní beaga gan dealramh amach ar an bhfarraige mhór le haistear trí chéad míle a dhéanamh.

I gceann de na báid seo, nach raibh mórán níos mó ná trálaer beag iascaireachta, bhí tarrac ar ocht gcéad duine. Cuid mhaith acu i mullach a chéile i mbolg plúchta an bháid.

Daoine á mbá, díhiodráitiú, scéalta uafáis faoi ghinmhilleadh agus mná torracha béal faoi san uisce. Ní hiontas ar bith gur luaigh cuid mhaith den chriú a cuireadh fé agallamh go bhfanfadh na híomhánna suaite seo leo ar feadh i bhfad. Is deacair an t-anord agus líonrith a thuiscint go hiomlán ón gcúits. In aon lá amháin tógadh 3,000 duine as an uisce sa cheantar in raibh árthach na hÉireann. Tuairisceoireacht chuimsitheach agus thábhachtach. Ní mheánn ár gcuid fadhbanna féin brobh.

Fág freagra ar 'An tírdhreach álainn fite fuaite leis an éad tí ar ‘property porn’ TG4'