An tÉireannach is sine ar domhan ina cainteoir dúchais Gaeilge

De réir dhaonáireamh na bliana 1911, is cainteoir dúchais Gaeilge í Kathleen Hayes Rollins Snavely, a rugadh sa Gharrán, An Fhiacail, Contae an Chláir

Kathleen

De réir dhaonáireamh na bliana 1911, is cainteoir dúchais Gaeilge í an tÉireannach is sine ar domhan, atá 113 bliana agus 37 lá d’aois inniu.

Tuairiscíodh ar an suíomh IrishCentral inniu go bhfuil Kathleen Hayes Rollins Snavely, a rugadh sa Gharrán, An Fhiacail, Contae an Chláir, anois ar an duine is sine ar domhan a rugadh in Éirinn.

Duine de thriúr clainne ar Patrick agus Ellen Hayes í Kathleen agus de réir an daonáirimh, bhí Gaeilge aici féin, ag a hathair agus ag a deirfiúr Anna May. Ní raibh ach Béarla ag a máthair agus ní raibh Béarla ná Gaeilge ag an deirfiúr eile Lena nach raibh ach aon bhliain amháin d’aois nuair a áiríodh an daonra.

D’fhiafraigh Tuairisc.ie d’altraí Kathleen an raibh an Ghaeilge fós ar a toil aici ach is ag fanacht ar fhreagra atáthar fós.

Tá Kathleen 113 bliana agus 37 lá d’aois inniu. Go dtí an lá inniu ba ag Annie Scott, as Dún Geanainn i gContae Thír Eoghain a fuair bás ag an aois chéanna ar 21 Aibreán 1996, a bhí an teideal ‘an tÉireannach is faide a mhair riamh’.

Rugadh Kathleen Hayes ar an 16 Feabhra 1902 ach naoi mbliana dhéag ina dhiaidh sin, sa bhliain 1921, d’fhág sí an Fhiacail le aghaidh a thabhairt ar Syracuse, Nua Eabhrac. Phós sí Roxie Rollins agus bhunaigh an bheirt comhlacht rathúil bánbhia. Fuair a fear bás sa bhliain 1968 agus é 66 bliana d’aois ach phós Kathleen arís i 1970. Cailleadh an dara fear, Jess Clark Snavely as Pennsylvania roinnt blianta ó shin. Tá sí anois ina cónaí i dteach altranais Camillus Naofa in Geddes, Nua Eabhrac.

Daonáireamh 1911

Tuairiscítear ar IrishCentral go bhfuil gaol ag Kathleen leis an bhfidléir mór le rá Martin Hayes, ar as an bhFiacail é féin. Luaitear deartháir léi a bhí fós ina bheatha in Éirinn sa bhliain 2000 agus é 88 mbliana d’aois. Theip ar iarrachtaí Tuairisc.ie an gaol sin a dheimhniú.

Cé gur fhág Kathleen an Fhiacail ina diaidh os cionn deich mbliana is ceithre scór ó shin, ní dhearna muintir na háite dearmad uirthi. Scríobh daltaí Scoil Náisiúnta na Fiacaile chuici anuraidh mar chuid de thogra scoile darbh ainm “Flat Stanley”.

“Is buachaill beag páipéir é Stanley a chuirtear i gclúdach litreach agus a sheoltar chuig duine éigin a roghnaíonn na daltaí. Roghnaigh beirt chailíní i rang a cúig anuraidh Kathleen agus sheol siad litir chuici agus bhí ríméad orthu nuair a fuair siad freagra agus grianghraf sa phost. Bhí Flat Stanley á dhéanamh agam le cúpla bliain i scoil eile sular tháinig mé go dtí an Fhiacail agus lean mé orm á dhéanamh anseo,” a mhínigh príomhoide na scoile Michelle O’ Loughlin.

Ba iad Siobhán Tuohy agus Róisín Cuilligan a sheol an litir agus Stanley go Meiriceá agus iad i rang a cúig anuraidh. Labhair Róisín le Tuairisc.ie faoin gcomhfhreagras.

“Bhí an scéal cloiste againn timpeall na Fiacaile faoi Kathleen agus cheap mé go mbeadh sé go maith dá scríobhfaimis chuig duine éigin difriúil. Scríobhamar chuici le rá gur roghnaíomar í mar bhíomar bródúil aisti mar dhuine ón mbaile agus go raibh súil againn go n-éireodh go maith léi.

“Scríobh sí ar ais chugainn le beannachtaí na Féile Pádraig a ghuí orainn agus le rá linn go raibh súil aici go rachaimis ar an gcoláiste. Sheolamar cárta breithlae chuici i mbliana freisin,” a dúirt Róisín Cuilligan.

Dúirt bunaitheoir an togra Flat Stanley gurb iontach an smaoineamh an dá ghlúin a thabhairt le chéile de bharr an togra seo agus mhol sé cruthaitheacht na gcailíní agus cineáltacht Kathleen sa bhfreagra a thug sí orthu.

Fág freagra ar 'An tÉireannach is sine ar domhan ina cainteoir dúchais Gaeilge'

  • patricia ui harlaigh

    tá mo mhathair mhór 103 ó lunasa 2014 agus is cantóir dúchais Gaeilge Í anseo i nGort A Choirce!!

  • NUiD

    Ta bean ar an gCeathru Rua ata beagnach 107 bliain d’aois agus is caint eoin fuchsia Gaeilge i freisin.

  • NUiD

    ***cainteoir duchais***