‘An té a déarfadh ‘Tír gan teanga tír gan anam’, tá sé dall ar stair an Fhaisisteachais sa Ghearmáin’ – iar-aire Rialtais

Tugtar léargas i leabhar nua ar an dearcadh a bhí ag duine de na hairí rialtais a chuir deireadh leis an nGaeilge éigeantach don Ardteist i 1973 agus sa státseirbhís i 1974.

‘An té a déarfadh ‘Tír gan teanga tír gan anam’, tá sé dall ar stair an Fhaisisteachais sa Ghearmáin’ – iar-aire Rialtais

An t-iar-aire rialtais Justin Keating. Eamonn Farrell/Photocall ireland

Chreid an t-iar-aire rialtais Justin Keating, a bhásaigh in 2009 ach a bhfuil ábhar as a leabhair nótaí díreach foilsithe, gurbh ionann nasc a dhéanamh idir an Ghaeilge agus náisiún na hÉireann agus gan aon cheacht a fhoghlaim ó theacht chun cinn na Naitsithe sa Ghearmáin.

“One is tempted to the cliché, ‘How stupid can we be?’ But this nationalist Celtic fantasy world has long lost touch with reality. ‘Gan teanga, gan tír,’ they say: no country without a language. A dangerous myth. I wish they knew the history of German nationalism and fascism,” a dúirt an polaiteoir de chuid Pháirtí An Lucht Oibre ina leabhar nótaí do dhírbheathaisnéis nár éirigh leis a scríobh sular bhásaigh sé.

Maíonn Keating,  an craoltóir agus léachtóir a bhí ina aire tionsclaíochta agus tráchtála i rialtas Liam Cosgrave idir 1973-1977, gur bhain an stádas mar ‘an chéad teanga náisiúnta’ a bronnadh ar an nGaeilge i mBunreacht 1937 le ‘miotas ciníoch na féiniúlachta Ceiltí’.

Dar leis gur fhág stádas bunreachtúil na Gaeilge gur deineadh imeallú ar chuid mhór den phobal.

“The claim for Irish as the first national language marginalizes – indeed externalizes – a very significant section of our population”.

Deir sé go raibh mian Éamoin de Valera agus dhaoine eile maidir le haontú na tíre bunoscionn lena ndearcadh faoin nGaeilge.

“He [De Valera] claimed that the passion of his life was national unity. And yet his language claim made unity impossible. Clever and all as he was, he does not seem to have noticed a contradiction, and neither did those who followed him. That same contradiction is more obvious in IRA/Sinn Féin…”

Maidir le córas na Gaeilge éigeantaí sa chóras oideachais, deir Keating gur dhein a leithéid dochar ‘uafásach’ do mhúineadh ábhair eile agus gurbh é an toradh a bhí ar an gcóras sin go raibh an ghráin ag daoine ar an nGaeilge agus gur deineadh ‘scrios’ ar a “subtle and beautiful language”.

“In the light of all this, a 1937 description of Irish as ‘the first national language’ is as preposterous as it would be funny, had it not caused so much pain and damage to the education system,” a scríobh sé.

Tráchtann an t-iar-aire chomh maith in Nothing is Written in Stone, The Notebooks of Justin Keating ar mhiotas na féiniúlachta Ceiltí, ‘the deepest and most dangerous myth’. 

Maíonn sé leis gur miotas é “that Gaelic was of great antiquity”.

‘The military ruling caste who conquered Ireland and installed the Irish language came very recently: after 1000 BCE,’ a deir sé.

Is léir go raibh amhras Keating faoin Stát a bheith ag tabhairt aitheantas ar bith don Ghaeilge. Mar iarbhall den Dáil agus den Seanad, bhí cárta aige ar a raibh ‘Tithe an Oireachtais/Former Member’ breactha air, ach ní mór an meas a bhí aige ar an gcúpla focal Gaeilge ar an gcárta céanna. Bhí a leithéid ‘unnecessary’ in Éirinn agus ‘perfectly useless’  lasmuigh den tír, sa chás, mar shampla, go mbeadh ‘gendarme’ sa Fhrainc á bhreithniú.