An tAthair Piaras Ó Dúill, sagart poblachtánach agus gníomhaí ar son cearta, ar shlí na fírinne

Bhí aithne mhór ar an Athair Piaras Ó Dúill, ar rugadh é sna Liberties i mBaile Átha Cliath i 1931, i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta

An tAthair Piaras Ó Dúill, sagart poblachtánach agus gníomhaí ar son cearta, ar shlí na fírinne

Tá An tAthair Piaras Ó Dúill, an sagart poblachtánach agus gníomhaí ar son cearta príosúnach agus daoine eile, tar éis bháis.

Rugadh Ó Dúill, ar cainteoir líofa Gaeilge é a chaith go leor ama ag obair i nGaeltacht Chonamara, sna Liberties i mBaile Átha Cliath i 1931.

Tháinig sé ó chlann mór poblachtánach: bhí a athair Ben ina bhall de rannóg faisnéise Mhichíl Uí Choileáin agus bhí a mháthair Caitlín ina ball de Chumann na mBan.

Seanfhondúir a bhí ann de chuid fheachtas poblachtánach na gcaogaidí agus gearradh sé bliana príosúin air i mBéal Feirste i 1957.

Nuair a saoradh é i 1961, fuair Ó Dúill post le Gael Linn ag obair i gConamara ar scéim scoláireachtaí Gaeltachta trí mhí na heagraíochta teanga.

Chaithfeadh sé tamall maith eile dá shaol i Ros Muc mar shéiplíneach Choláiste na bhFiann ina dhiaidh sin, ach i 1963 d’éirigh sé as a chuid oibre sa Ghaeltacht chun dul leis an tsagartóireacht.

Oirníodh é in ord na gCaipisíneach i 1971 agus chuaigh sé ag obair an bhliain chéanna mar shéiplíneach in Ospidéal Síciatrach Naomh Breandáin i nGráinseach Uí Ghormáin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, cúram a bhí air go dtí tamall de bhlianta ó shin nuair a dúnadh an ospidéal sin.

Sheas an tAthair Ó Dúill le cearta príosúnach ar feadh a shaoil, agus bhí baint mhór aige leis an bhfeachtas ar son stádas polaitiúil na stailceoirí ocrais sna H-Bhlocanna sa Cheis Fhada.

Bhí sé ar an gcéad chathaoirleach a bhí ar Choiste Náisiúnta na H-Bhlocanna/Ard Mhacha, ról a tharraing go leor airde air agus a chuir olc ar dhaoine eile san Eaglais Chaitliceach.

Níor chuir an cáineadh sin aon mhairg ar an Athair Ó Dúill.

“Sheas mé le dínit agus le beo na bpríosúnach a chosaint agus táim sásta gurb é mo dhualgas é iad a tharrtháil ar an éagóir a rinneadh orthu,” a dúirt sé in agallamh a rinne sé le Liam Ó Cuinneagáin san iris Comhar i 1985.

In ainneoin a chúlra poblachtánach agus a dhlúthchaidreamh le poblachtánaigh, caidreamh a thuill an teideal ‘Sagart na Sealadach’ i mbólaí áirithe, thug An tAthair Ó Dúill le fios san agallamh céanna san iris Comhar nár bhall de Shinn Féin ná páirtí ar bith eile é.

“Táim dearg in aghaidh aon bhaint a bheith idir Eaglais agus Stát, cléir agus páirtithe polaitíochta agus sagartacht agus polaitíocht,” a dúirt sé.

Ba é a dhualgas mar shagart, a dúirt sé, seasamh in aghaidh na héagóra pé áit a bhfaca sé í, agus rinne sé an méid sin le fonn ar feadh a shaoil.

Maireann nianna, neachtanna, gar-nianna, gar-neachtanna, gaolta eile agus a chairde.

Beidh sé á thórramh in Aireagal na gCaipisíneach amárach, an 6 Meán Fómhair, sula n-aistreofar a chorp go dtí Séipéal Mhuire na nAingeal, Sráid na hEeaglaise ag a 7.30 i.n. Léifear Aifreann Éagnairce dó ar 12.00 Déardaoin agus cuirfear ina dhiaidh sin é i Reilig Bhaile an Dairdisigh.

Fág freagra ar 'An tAthair Piaras Ó Dúill, sagart poblachtánach agus gníomhaí ar son cearta, ar shlí na fírinne'