An tAontas Eorpach agus an nuacht nach nuacht í toisc nach ndéantar aon tuairisciú uirthi

Chabhródh sé linn dá mbeadh saorphreas againn in Éirinn a bheadh sásta plé oscailte a dhéanamh ar cheist an Aontais Eorpaigh

An tAontas Eorpach agus an nuacht nach nuacht í toisc nach ndéantar aon tuairisciú uirthi

I ré seo na bréagnuachta – nuacht nach bhfuil aon bhunús fírinneach leis –b’fhéidir gur chóir dúinn freisin súil a chaitheamh ar an nuacht nach nuacht í toisc nach ndéantar aon tuairisciú nó plé uirthi ar chor ar bith í.

’Séard a spreag an smaoineamh seo ná meáin na hÉireann a bhfuil neamhaird iomlán á déanamh acu de chaint ar bith i dtaobh athchóiriú a dhéanamh ar an Aontas Eorpach. Seo in ainneoin go mbíonn mórmheáin na hEorpa féin lán lena leithéid de thuairiscí agus plé faoi na roghanna maidir leis an AE agus na himpleachtaí a bhainfeadh leo.

Fiú sa Fhrainc tá ráite ag ‘iarrthóir na hEorpa’, Emmanuel Macron, nach sásódh tada é ach athchóiriú cuimsitheach ar an Aontas mar atá, sin nó go n-imeodh an Fhrainc as.

Ar ndóigh, is ar éigean go gcreideann duine ar bith go ndéanfadh Macron a leithéid, ach léiríonn a chuid cainte an brú atá air is ar aos polaitiúil na Fraince mar gheall ar an scéal. Cinnte, tá an Fraincimeacht ar an gclár oibre.

B’údar faoisimh chomh mór sin do na meáin Éireannacha Macron a bheith ar cheann an rása go mbeadh duine aineolach ag ceapadh go mbeadh spéis mhór acu sa scéal, fiú mura mbeadh ann ach beag is fiú a dhéanamh de.

Ar an lámh eile, tá meáin na hEorpa, ina measc an Financial Times i Sasana, Der Welt sa nGearmáin, Le Monde sa Fhrainc agus nuachtáin mór le rá eile ag scrúdú an scéil seo go mion agus imní orthu.

Mar a tharlaíonn, is cuid de phatrún é seo. Ag tús mhí an Mhárta a d’fhoilsigh Coimisiún na hEorpa plépháipéar faoi thodhchaí an Aontais i ndiaidh an Bhreatimeachta.  Liostaigh Jean Claude Juncker, uachtarán an Choimisiúin, cúig roghaatá faoi chaibidil faoi láthair féin ag polaiteoirí agus ag oifigigh de chuid bhallstáit an Aontais.

Ach níl a fhios, is cosúil, ag éinne in Éirinn go bhfuil a leithéid de dhíospóireacht ar siúl. Is cinnte nach bhfuil a fhios ag éinne cén rogha acu ab ansa le rialtas na hÉireann.

Céard iad na roghanna seo?

  1. Rudaí a fhágáil mar atá (níl mórán den tuairim go bhféadfaí é sin a dhéanamh);
  2. Deireadh a chur leis an gcaint faoi stát feidearálach a bhunú agus srian a chur le cumhachtaí an Aontais iontas nach mbeadh faoina chúram feasta ach an Margadh Aonair, agus é sin amháin
  3. Dlús a chur faoi dlúthpháirtíocht iomlán san Aontas, ag tosú le hAontas Baincéireachta
  4. Aontas ‘dhá luas’ a ligfeadh dóibh siúd a dteastaíonn tuilleadh dlúthpháirtíochta uathu dul ar aghaidh leis sin, agus an chuid eile a bheith taobh amuigh
  5. Gearradh siar ar líon na gcomhfhiontar ag an Aontas, ceisteanna conspóideacha ar nós na hinimirce a chur ar leataobh, agus díriú ar bhealach níos éifeachtaí ar na rudaí is tábhachtaí, ar nós an Aontais Bhaincéireachta

Tá díospóireacht ar siúl ar fud na hEorpa faoi na roghanna seo, ach níl trácht dá laghad orthu in Éirinn.

Cén fáth?

I mo thuairimse, is sampla eile é den easpa muiníne atá ag lucht rialaithe na tíre seo astu féin agus as an tír.  B’fhearr leo fanacht go léireodh na Gearmánaigh cén rogha a dhéanfar, ar fhaitíos go ndéarfadh muid an rud mícheart agus go gcuirfeadh muid olc ar dhuine éicint!

Ach anois, ar ndóigh, tá an lasair curtha sa bharrach ag Macron, fiú murar féidir talamh slán a dhéanamh de go ndéanfadh sé rud ar bith nuair a bheidh an crú ar an tairne.

Gan dabht freisin tá an díospóireacht seo ceangailte le cén cineál Breatimeachta a bheas ann i ndeireadh thiar. Admhaím go ndearna mé gáire mór nuair a léigh mé plécháipéis an rialtais, ina ndearnadh neamhaird ar fad den díospóireacht seo ar ndóigh, ach inar moladh go lorgódh muid cúnamh airgid faoi leith le tionchar an Bhreatimeachta orainn a mhaolú.

Sea, beidh rialtais oirthear na hEorpa ar bís le hairgead breise a sheoladh chugainne toisc muid a bheith chomh dílis sin don Aontas!

Cinnte b’éacht ag an rialtas, agus ag an Taoiseach, Enda Kenny, ach go háirithe, gur éirigh leo an oiread sin tagairtí a fháil do chás na hÉireann sna treoirlínte don idirbheartaíocht idir an Bhreatain agus an tAontas.

Ach níl aon sonraí tugtha faoin gcaoi go gcuirfí riachtanais na hÉireann chun tosaigh maidir le seasamh an Aontais faoin Margadh Aonair nó leis an Aontas Custaim. Agus níl tuairim dá laghad ann faoi cén chaoi a gceanglódh muid na scéalta seo leis an mórscéal faoi athchóiriú an Aontais.

B’fhéidir go gcabhródh sé linn dá mbeadh saorphreas againn in Éirinn le plé oscailte a dhéanamh faoi na cúrsaí seo?