An Taoiseach ‘sásta’ teacht i láthair Choiste Oireachtais na Gaeilge

Mhaígh baill an choiste roimh Nollaig nach raibh Enda Kenny ná airí rialtais ‘ag comhoibriú’ leo

An Taoiseach ‘sásta’ teacht i láthair Choiste Oireachtais na Gaeilge

An Taoiseach Enda Kenny

Tá an Taoiseach “sásta” glacadh le cuireadh ó bhaill Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán teacht ina láthair agus ceisteanna a fhreagairt faoi pholasaí Gaeilge an Rialtais.

Mhaígh baill an choiste sin roimh Nollaig nach raibh Enda Kenny ná airí rialtais ‘ag comhoibriú’ leo agus nár ghlac an Taoiseach ná aon aire rialtais le cuireadh teacht os a gcomhair.

Dúirt an Taoiseach inniu, áfach, go mbeadh sé sásta glacadh le cuireadh teacht os comhair an choiste chun ceisteanna a fhreagairt faoi pholasaí Gaeilge a Rialtais.

Thug Enda Kenny an méid sin le fios agus ceist a chuir Eagraí Polaitiúil RTÉ Raidió na Gaeltachta, Micheál Ó Leidhin, air á fhreagairt aige le linn seisiún eolais do comhfhreagraithe polaitíochta Theach Laighean.

Dúirt Kenny nárbh eol dó aon chuireadh a bheith faighte aige, agus go mbeadh sé lánsásta teacht i láthair an choiste ach an t-am a fháil chuige.

“Má bhíonn seans ann, bheadh mé sásta teacht os comhair an choiste, cinnte,” a dúirt an Taoiseach.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag deireadh na bliana seo caite, thug an Cathaoirleach Catherine Connolly le fios go bhfuarthas comhfhreagras ón Taoiseach agus ó thriúr airí – Aire na Gaeltachta agus Aire Stáit na Gaeltachta ina measc –inar dúradh nach raibh ar a gcumas glacadh le cuireadh teacht os comhair an choiste chun ceisteanna faoi pholasaí teanga a fhreagairt.

Thug urlabhraí thar ceann an Taoisigh Enda Kenny le fios don Choiste gur cúram do Roinn na Gaeltachta é ceisteanna bhaill an choiste a fhreagairt.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go mbíonn an Taoiseach “i gcónaí ag meabhrú dúinn go bhfuil sé ina Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Rialtais” agus go raibh dualgas air dá bharr ceisteanna an choiste faoi pholasaí teanga a fhreagairt.

Thug an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe le fios don choiste chomh maith nach raibh sé ar a chumas glacadh le cuireadh teacht os a gcomhair chun ceisteanna maidir leis an nGaeilge sa chóras earcaíochta a fhreagairt.

Tugadh cuireadh i scríbhinn faoi dhó do na hAirí agus don Taoiseach teacht os comhair an choiste.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go gcaithfeadh an Taoiseach “treoir” a thabhairt d’airí teacht i láthair ag an gCoiste Gaeilge chun polasaí teanga a phlé.

“Caithfimid a rá leo nach bhfuilimid sásta dubh, bán ná riabhach leis seo,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Ó Muineacháin go raibh “neamhshuim” á léiriú ag an Rialtas in obair an choiste agus go raibh sé “áiféiseach” ag an Taoiseach a mhaíomh nár bhain ceisteanna an choiste leis.

Fág freagra ar 'An Taoiseach ‘sásta’ teacht i láthair Choiste Oireachtais na Gaeilge'