An Taoiseach ar ‘turas bolscaireachta’ timpeall Ghaeltacht Chonamara – Ó Clochartaigh

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go mba cheart don Taoiseach deireadh a chur leis na pionóis choiriúla a dhéanann ‘coirpigh d’iascairí’

An Taoiseach ar cuairt ar Chonamara inné
An Taoiseach ar cuairt ar Chonamara inné

“Ag labhairt amach as an dá thaobh dá bhéal” a bhí an Taoiseach Enda Kenny agus é ar cuairt ar Chéibh Ros a’ Mhíl i gConamara inné, dar le Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.

D’fhreastail an Taoiseach ar chruinniú le Coiste Tacaíochta Chalafort Ros a’ Mhíl agus é ar camchuairt timpeall Ghaeltacht Chonamara inné. Thug an Taoiseach geallúint uaidh go molfadh sé go mbeadh calafort domhain-mhara ar an gcéad chlár eile caipitil de chuid an Rialtais.

Dúirt urlabhraí an Choiste Tacaíochta Cathal Groonell gur mór an dóchas don choiste í an spéis a chuir an Taoiseach sa méid a cuireadh ina láthair faoin gcalafort.

Dúirt Paddy Crowe, bainisteoir Chomhar Chaomháin in Inis Oírr, go raibh sé ag súil go mbreathnófaí ar chéibh an oileáin agus go dtabharfaí aird ar an bhforbairt a theastaíonn uaithi. Taispeánadh pictiúr don Taoiseach ag an gcruinniú a léirigh na deacrachtaí atá ag iascairí an oileáin leis an gcéibh mar atá sí, agus an fhorbairt atáthar ag iarraidh a dhéanamh uirthi.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go raibh sé “fánach ag an Taoiseach a bheith ag teacht ar thuras bolscaireachta”  go Conamara nuair atá polasaithe an rialtais ag díbirt iascairí amach as an tionscal.

Dúirt sé freisin go raibh sé ‘íorónach’ gur tháinig an Taoiseach ar cuairt go Ros a’ Mhíl nuair atá tuilleadh iascairí ag éirí as an tionscal agus an bád aitheanta iascaireachta, an Maggie C, á dhíol an tseachtain seo.

“Deireann na hiascairí liomsa nach bhfuil siad ag fáil cothrom na Féinne ón stát agus dá bharr sin gur beag iascaire óg atá ag teacht isteach sa tionscal agus cuid mhaith eile ag éirí as. Tá leatrom á dhéanamh orthu ó thaobh cuótaí, tonnáiste agus rialacháin de i gcomhthéacs na hEorpa,” a dúirt Ó Clochartaigh ag calafort Ros a’ Mhíl.

Dúirt sé freisin go mba cheart go mbeadh rud éigin déanta ag an Taoiseach faoi na pionóis choiriúla a dhéanann ‘coirpigh d’iascairí as faillí bheaga riaracháin’ a bheith déanta acu.

“Nuair a imíonn bád ón gcalafort, imíonn cúig nó sé phost don dream a oibríonn uirthi freisin. Ach, imíonn na scórtha mílte euro sa bhliain a chaitheann siad sna siopaí áitiúla, bíonn an soláthar éisc do na monarchana laghdaithe, cailleann lucht deisithe eangaí custaiméir eile agus bíonn impleachtaí tromchúiseacha aige don gcomharchumann agus an tionscal trí chéile chomh maith.

“Seachas a bheith ag teacht ag labhairt amach as an dá thaobh dhá bhéal, ba chóir don Taoiseach rud eicínt a dhéanamh faoi shlí bheatha na n-iascairí seo a shábháil agus iascairí óga, áitiúla a mhealladh isteach sa tionscal,” arsa an Clochartach.

Fág freagra ar 'An Taoiseach ar ‘turas bolscaireachta’ timpeall Ghaeltacht Chonamara – Ó Clochartaigh'

  • sean o rathaille

    ‘Cheart madra confaigh a chur ina dhiaidh amach as an ait.

  • alan

    ‘Comhartha cinnte ar imeallú na Gaeilge, a mhaíonn sé, mar atá an Stát i ndiaidh éirí as ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar eagraíochtaí nuabhunaithe agus fiú amháin ar longa nuasheolta de chuid an chabhlaigh. Is fíor dó nach scéal gan bhrí é sin, ach deimhniú nach bhfuil tábhacht shiombalach féin ag an teanga i measc lucht cumhachta níos mó.’ Alan Titley
    An Taoiseach agus aroile ag ligint orthu go bhfuil siad báidhiúil leis an nGaeilge.

  • sean o rathaille

    Díoladh amach ár n-acmhainní iascaigh i bhfad ó shin agus tá an drong cheannaithe atá anois sa Dáil ag leanúint leis an slad céanna sin ar ár n-acmhainní nádúrtha. Nach bhfuil siad ag iarraidh ceart bainte feamainne a bhaint díobh chomh maith? Seo againn na nua-Liobrálaigh agus fíoch fola orthu chun gach rud a phríobhaidiú agus a thabhairt ar láimh do bhainisteoirí na gcistí fálaithe sin (hedge funds) gan ach NAMA/Uisce Éireann/Bord Gáis a lua. Dream tláth, buailte, cloíte sinn, is ag na Gréagaigh atá na cojones.

  • sean o rathaille

    Lear jet faoina mhórthóin chun teacht abhaile as Muigheo théis dó cúraimí Fine Gael a chur de. Cuid den réabhlóid dhaonlathach?