An tAire Bruton le dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne faoi leasú reachtaíochta ar mhaithe le scoileanna lán-Ghaeilge

Tá ráite ag an Aire Oideachais go bhfuil sé ‘fabhrach’ don éileamh go ndéanfaí leasú ar Bhille nua ionas nach gcuirfeadh sé isteach ar chead scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge

An tAire Bruton le dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne faoi leasú reachtaíochta ar mhaithe le scoileanna lán-Ghaeilge

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton aréir go raibh sé “fabhrach” don éileamh go ndéanfaí leasú ar Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 lena chinntiú nach gcuirfeadh sé isteach ar cheart chun oideachas lán-Ghaeilge an pháiste atá á thógáil le Gaeilge.

Dúirt an tAire Bruton ag cruinniú de Chomhchoiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais aréir go raibh rún aige comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne maidir le leasú a chur chun tosaigh ag an gcéad chéim eile den Bhille ach gur ghá don leasú sin a bheith “legally sound”.

Dúirt sé gur cheist chasta a bhí ann agus go gcaithfí déileáil léi ar bhonn “cothrom” agus ar bhealach a chinnteodh nach gcoinneofaí amach aon pháiste bunaithe ar chúlra sóisialta nó eacnamaíochta a theaghlaigh.

Dúirt sé gur thuig sé an bunús leis an éileamh go leasófaí an reachtaíocht ar mhaithe le scoileanna lán-Ghaeilge ach gurbh í an cheist ná conas a dhéanfaí sin gan cur as don “bhunphrionsabal fadbhunaithe” go raibh na cearta chun scoile céanna ag gach páiste beag beann ar a gcumas nó a gcúlra.

Dúirt sé go gcaithfeadh sé aghaidh a thabhairt ar cheisteanna casta eile sula gcuirfeadh sé a leasú féin chun tosaigh ag an gcéad chéim eile den Bhille, Céim na Tuarascála.

I measc na gceisteanna casta sin, tá conas a dhéanfaí sainmhíniú sa dlí ar cad is teaghlach Gaeilge ann.

Dúirt an tAire go ndéanfadh sé “a mhachnamh” ar na ceisteanna seo sula molfaidh sé a leasú féin.

Is ar an mbonn sin nár ghlac an tAire Bruton aréir le leasú ar an mBille a mhol an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Thomas Byrne agus an Teachta Dála de chuid Chomhaontas Glas Catherine Martin.

Bhí an bheirt Teachtaí Dála sásta le cur chuige an Aire go bhfillfí ar an gceist arís ag an gcéad chéim eile den Bhille.

Tá Fianna Fáil, Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas ar son an Bhille a leasú chun a chinntiú nach gcuirfí cosc faoin reachtaíocht nua ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí arb í an Ghaeilge teanga a dteaghlaigh.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag reachtaíocht nua oideachais do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Faoi alt 64 den Bhille bheadh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Tá leasuithe ar an mBille molta ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra – Thomas Byrne (FF), Carol Nolan (SF), Joan Burton (LO) agus Catherine Martin (CG) –  a chinnteodh nach dtarlódh a leithéid.

D’fháiltigh an brúghrúpa tuismitheoirí Cearta Oideachais roimh na leasuithe atá molta ag lucht an fhreasúra agus d’iarr siad ar an Aire Bruton athmhachnamh a dhéanamh ar an scéal.

“Anois go bhfuil tromlach ar an gCoiste Oideachais agus Scileanna ag tacú linn, tá dóchas againn go réiteofar an cheist seo.  Áitímid anois ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, oibriú le baill an Choiste Oideachais chun an cheist seo a réiteach agus chun a chinntiú go gcosnófar cearta oideachais an líon beag páistí lasmuigh den Ghaeltacht atáthar á dtógáil le Gaeilge,” a dúirt Colmán Ó Drisceoil ó Chearta Oideachas inné.

Cé go bhfuil 26 leathanach de leasuithe molta ag an Aire Richard Bruton ar a bhille féin, an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, ní dhéanann na leasuithe sin tagairt ar bith do chás na Gaeilge ná scoileanna lán-Ghaeilge.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais an tseachtain seo caite moladh go dtabharfadh an tAire Richard Bruton “aitheantas cuí” do chearta an chainteora dúchais Gaeilge sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 agus nach gcuirfeadh an reachtaíocht isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge.

I measc na moltaí i dtuarascáil an choiste, tá moltaí ó na heagraíochtaí Cearta Oideachais agus Gaeloideachas a chuir aighneachtaí faoi bhráid an Choiste Oireachtais.

Deir lucht Cearta Oideachais, mar shampla, go gcaithfear an Bille a leasú lena chinntiú go dtiocfadh an Ghaeilge agus múnla an tumoideachais slán.

Fág freagra ar 'An tAire Bruton le dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne faoi leasú reachtaíochta ar mhaithe le scoileanna lán-Ghaeilge'