An tAcht um Shaoirse an Pháiste dá Thuairimí Féin (fo-alt ‘Níl Mé Ag Iarraidh’)…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Cheap ár gcolúnaí go raibh réiteach gach fadhb aici nuair a cheannaigh sí trampailín ach bhain na páistí preab aisti

Hometrampoline

Ab é seo léim mhór mhillteach?’ Chuir sí cuma an-dáiríre ar a héadan. Dhún sí an dá dhoirnín. Chrom síos sna glúine agus ansin lena raibh de bhrí is de spiorad inti, chaith sí í féin anonn ón tolg go dtí an chathaoir ghlas – a bhfuil cosc ar léimneach i bhfeidhm ann ó 2013 de réir Acht na Cathaoireach Maithe, Alt 93 (b).

Tháinig sí slán. Bhreathnaigh sí orm go caithréimeach is d’fhan ar an moladh. Ba léir go raibh sí an-sásta le toradh na hiarrachta. Ní raibh sé de chroí ionam a mheabhrú arís di nár mhol muid a bheith ag léimneach ar an tolg agus go raibh cosc speisialta ar a bheith ag léimneach ó phíosa amháin troscáin go píosa eile (An tAcht um Chosaint Cloigne, fo-alt ‘Blaoscanna’).

Ba chuma liom ach tá trampailín suite díomhaoin ar chúl an tí le sé mhí anuas. Cuimhním go maith ar an lá ar shocraigh muid é a cheannacht.

“Is breá leo é,” a dúirt mo chara agus í ag dáileadh amach an tae ar a sáimhín só. “Caitheann siad an lá uile amuigh ann, is é an rud is fearr a cheannaigh muid riamh!”

Bhí muid ar cuairt agus bhí na daoine fásta ar fad suite istigh go sibhialta agus lón á ithe fad is a bhí na páistí amuigh agus iad chomh haerach le meannán ar an trampailín.

Bhí muid faoi gheasa. Cheap mé roimhe sin gur rud é trampailín nach mbeadh ag gnáthdhaoine – daoine lena gcuid cosa i dtaca. Ceann de na rudaí sin é nach gcuimhníonn tú air ach dá gcuimhneofá, déarfá go mbeidís ag leithéidí Michael O’Leary, Sheikh-anna Dubai nó buaiteoirí an lotto agus iad ag léimneach go cathréimeach ó dhubh go dubh.

Dhéanfainn rud ar bith ach trampailín a fháil. Bhí blaiseadh den tsaoirse faighte agam agus bhí sé uaim. Bheadh sé go maith ag na páistí freisin, a dúirt muid; bheadh spraoi agus aclaíocht acu, agus bheadh saoirse againne ar feadh leathuair an chloig anseo is ansiúd. Bheadh muigíní tae á n-ól. Bheadh béilte iomlána á n-ithe agus úsáid dhá lámh againn. Bheadh nuachtáin á léamh. Bhí sé i ngar a bheith againn; an tsaoirse.

Ach níor chuimhnigh muid ar an rialachán eile atá i bhfeidhm sa teach, an tAcht um Shaoirse an Pháiste dá dTuairimí Féin, fo-alt ‘Níl Mé Ag Iarraidh’.

Ar óir ná ar airgead, ní ghabhfaidís amach sa trampailín. Bhraith siad an tsáinn, sílim, agus rith siad uaidh de sciurd.

Fág freagra ar 'An tAcht um Shaoirse an Pháiste dá Thuairimí Féin (fo-alt ‘Níl Mé Ag Iarraidh’)…'

  • Mise Åine

    Acht Um Shaol na Máthar, fo-alt ‘Ní féidir éalú!’ :-)