An t-iriseoir agus údar Mairéad Ní Chinnéide imithe ar shlí na fírinne

Bhí aithne ar Mhairéad mar iriseoir agus údar cumasach agus mar Ghael dílis

Niall Mac Fhionnlaoich agus Mairéad Ní Chinnéide.
Mairéád Ní Chinnéide. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá an t-iriseoir agus an t-údar aitheanta Mairéad Ní Chinnéide tar éis bháis.

Ar an mBaile Meánach i gContae Aontroma a rugadh Mairéad agus is i mBéal Feirste a d’fhreastail sí ar an mbunscoil agus ar an meánscoil. Ina dhiaidh sin bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bronnadh Teastas Oideachais uirthi in Ollscoile na Ríona, Béal Feirste.

Is nuair a phós sí a tháinig sí chun cónaithe san ardchathair, mar a raibh aithne mhaith uirthi i measc phobal na Gaeilge go háirithe.

Mairéad Ní Chinnéide
Mairéad Ní Chinnéide i mbun agóide ar son cearta teanga le linn ‘Lá Mór na Gaeilge’ i mBaile Átha Cliath anuraidh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Mar shaoririseoir Gaeilge is beag foilseachán nár scríobh Mairéad dó in imeacht na mblianta, ina measc Comhar, an Irish Press, an Irish Times agus Foinse. Thug sí tamall chomh maith mar léirmheastóir rialta ar mhír na nuachtán ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta. Bhí baint ar leith aici leis an iris Comhar mar scríbhneoir agus ball boird a rinne obair mhór ar son na hirise agus ar son LeabhairComhar.

Cúig leabhair a scríobh sí, ina measc An Damer: Stair Amharclainne agus Scéal Ghael-Linn.

I ráiteas a d’eisigh Gael-Linn inniu, dúradh gur “cúis bhróin” don eagraíocht bás Uí Chinnéide.

“Taighdeoir grinn ab ea í a rinne an-chúram dá cuid foinsí. Bhí bá ar leith aici le daoine agus léirigh sí meas ar a gcuid scéalta,” a dúradh.

Beidh Mairéad á toramh ag a teach tráthnóna Déardaoin ón 4pm ar aghaidh. Aistreofar a corp go dtí Séipéal Mhuire (Church of Our Lady Mother of the Church, Caisleán Cnucha maidin Dé hAoine d’aifreann na sochraide ag 10am. Cuirfear i Reilig Ghlas Naíon ina dhiaidh sin í.

Maireann a fear céile Art agus a mac Dónal.

Fág freagra ar 'An t-iriseoir agus údar Mairéad Ní Chinnéide imithe ar shlí na fírinne'