An t-imreoir club CLG ag cur a bhundún dearg amach agus gan aon ghá leis…

JOHN ALLEN: Tá sé in am ag clubanna na tíre leas a bhaint as na modhanna traenála is nua-aimseartha

An t-imreoir club CLG ag cur a bhundún dearg amach agus gan aon ghá leis…

Ó thaobh chomórtais Chumann Lúthchleas Gael de is é seo an ráithe is daonlathaí den bhliain. Tá gach club agus contae ag tosú arís agus iad go léir cothrom, ‘ar pháipéar’ pé scéal é!. Tá dóchas ann, pleananna á gceapadh agus traenáil ar bun nó ar tí tosú.

Seo an chuid den bhliain ina ndeintear an diantraenáil agus seo leis an uair a théann go leor clubanna thar fóir ar fad ó thaobh traenála de. 

Ní fada ó shin ó bhí formhór na gcontaetha láidre peile agus iomána i mbun sclábhaíochta agus iad ag ullmhú don bhliain nua. Chualamar na scéalta faoi fhoireann iomána an Chláir faoi stiúir Ger Loughnane agus iad ag dul thar fóir ar fad leis an traenáil, na himreoirí i ndeireadh na feide agus súil dá réir go mbeidís níos láidre do na cathanna a bhí le teacht.

Chualamar scéalta faoi dhianrith sna dumhcha gainimh i gcontaetha cois cósta. Chualamar scéalta faoi fhoirne á ndruileáil ag saighdiúirí ón arm le linn seisiúin anróiteacha sa bháisteach go luath maidineacha dorcha fuara geimhridh.

Bhí trácht ar fhoirne ag traenáil gach oíche den tseachtain.

Tá mórán ráite agus scríofa faoi dhianchóras traenála Mick O’Dwyer agus, dar ndóigh, an rath a bhí dá réir ar Chiarraí le linn na ré órga sin.

Thosaigh cúrsaí ag athrú  ansin nuair a tugadh isteach saineolaithe traenála, daoine a raibh céimeanna ollscoile acu agus tuiscint dá réir acu ar eolaíocht an spóirt.

Dar ndóigh athraíonn na modhanna nua seo minic go leor freisin. Tá eolas nua ag teacht chun solais gach bliain. I ngach uile spórt tá an-tóir agus meas ar na saineolaithe is nua-aimseartha agus is oilte. 

Baineann an chuid is mó de na contaetha leas as traenálaithe atá oilte ina gceird agus oilte go hard. Baineann costas mór leis an taithí agus an t-eolas seo, ach tuigeann na bainisteoirí go bhfuil sé ríthábhachtach an cur chuige eolaíochta is déanaí a bheith acu ó thaobh traenála de agus bíonn an duine is oilte ag teastáil uathu dá bharr. Tá mórán airgid á chaitheamh ar an gcuid riachtanach seo den ullmhúchán, ach fágann na hathruithe ar fad go bhfuil na foirne is fearr fós ag traenáil go dian ach traenáil i bhfad níos cliste ar bun acu.

Bhí tráth ann nuair ab ionann ‘níos mó agus níos fearr’. Tuigtear anois, áfach, nach fíor sin agus gur cheart an bhéim a chur ar mhodhanna traenála nua-aimseartha cliste seachas a bheith síoraí ag cur do bhundún dearg amach.

Ní léir fós, áfach, go bhfuil glactha ag clubanna leis an méid seo agus iad fós ag brath ar an seanchur chuige. Tuigeann tromlach na n-imreoirí agus na mbainisteoirí club an nua-eolaíocht seo, ach fós leanann siad ar aghaidh le sclábhaíocht mhí Eanáir. Bíonn sórt faitíos orthu go bhfuil na clubanna eile sa chontae i mbun diantraenála agus go mbéarfar amuigh orthu féin sa chéad bhabhta craoibhe mura ndéanann siad amhlaidh.

Tá eagla ar fhormhór na gclubanna dul sa seans agus gan an traenáil a thosú go dtí tosach mhí Aibreáin seachas Lá Coille.

I bhformhór contaetha anois bíonn cluichí cáilithe i gceist, cluichí nach mbíonn ann uaireanta go dtí deireadh an tsamhraidh, ach fós bíonn an traenáil dhian ar siúl go luath sa bhliain agus cuid maith imreoirí club bréan den rud go léir nuair a thagann an chuid is tábhachtaí den bhliain.

Tá athrú meoin ag teastáil.

Lena chois sin, tá sé in am ag na boird chontae saineolaithe traenála a íoc chun tacú le pleananna traenála a leagan amach do chlubanna na tíre agus maoirseacht agus meastóireacht  a dhéanamh go rialta ar dhul na cinn na bpleananna sin. 

’Sea, tá an eolaíocht ann agus is cinnte go bhfuil sé in am do chlubanna na tíre leas a bhaint aisti. Ach an ndéanfaidh?

Fág freagra ar 'An t-imreoir club CLG ag cur a bhundún dearg amach agus gan aon ghá leis…'