An t-iar-aire Gaeltachta Mary Coughlan san iomaíocht do Chathaoirleacht Choiste CLG Dhún na nGall

Tá an t-iar-aire rialtais agus iarThánaiste ina rúnaí ar chumann Naomh Náille, a bhuaigh Craobh Shóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta níos luaithe i mbliana

An t-iar-aire Gaeltachta Mary Coughlan san iomaíocht do Chathaoirleacht Choiste CLG Dhún na nGall

Mary Coughlan. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Beidh an t-iarThánaiste agus iar-aire stáit Gaeltachta Mary Coughlan san iomaíocht do Chathaoirleacht Choiste CLG Dhún na nGall an mhí seo chugainn.

Tá deireadh ag teacht le téarma cúig bliana Seán Dunnion mar chathaoirleach agus ceapfar a chomharba ag comhdháil bhliantúil an chontae, a reáchtálfar Dé hAoine, an 8 Nollaig agus tuairiscítear go bhfuil Mary Coughlan i measc na ndaoine a bhfuil a n-ainmneach curtha chun cinn.

Tá Mary Coughlan ina rúnaí ar cumann áitiúil, Naomh Náille, a bhuaigh Craobh Shóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta níos luaithe i mbliana.

Ceithre bliana fichead a chaith Mary Coughlan sa Dáil, ó thoghadh ar dtús í in 1987 go dtí gur chaill sí a suíochán in 2011.

Níl liosta na n-ainmniúchán don chathaoirleacht foilsithe fós ach tuigtear gur chuir ar a laghad cumann amháin ainm Coughlan chun cinn roimh sprioc na hAoine seo caite.

Meastar go mbeidh Mick McGrath (Aodh Ruadh), nár éirigh leis an chathaoirleacht a fháil in 2012, Niall Erskine (Na Cealla Beaga), Frankie Doherty (Naomh Adhamhnáin), Grace Boyle (An Tearmann) agus Cieran Kelly (Naomh Náille) san iomaíocht chomh maith.

Fág freagra ar 'An t-iar-aire Gaeltachta Mary Coughlan san iomaíocht do Chathaoirleacht Choiste CLG Dhún na nGall'