Tá an t-eagrán is déanaí de Books Ireland ag cur thar maoil le Gaeilge.
Bhí dáimh riamh ag an iris ina bhfoilsítear léirmheasanna leabhar le saothair úra ó fhoilsitheoirí in Éirinn agus le leabhair a bhaineann leis an an tír seo.
In eagrán Eanáir/Feabhra den tréimhseachán, fógraítear buaiteoirí an chomórtais splancfhicsin a d’eagraigh Books Ireland, IMRAM agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann anuraidh. (Is é atá sa splancfhiscean ná píosaí gonta ficsin ina mbíonn 300 focal ar an meán).
Ba iad Feargal Ó Béarra, Pádraig Mac Con Uladh, Antaine Mac Mathúna, Daireine Ní Chinnéide agus Máire Dinny Wren buaiteoirí an chomórtais agus tá a scéalta siúd foilsithe san iris in éineacht le splancfhiscean ó Alan Titley, Antain Mac Lochlainn, Caitríona Ní Chléirichín, Micheál Ó Ruairc agus Orna Ní Choileáin.
Anuas ar an deich scéal úr, tá léirmheasanna ar leabhair a mbeidh suim ag pobal na Gaeilge go háirithe iontu.
I measc na léirmheasanna sin, tá ceann ar leabhar le Gregory A. Schirmer ó Ollscoil Mississippi, a bhaineann leis an aon aistriúcháin déag atá déanta ar Cúirt an Mheánoíche. Caitear súil léirmheastúil chomh maith ar an saothar A History of the Irish Language, le Aidan Doyle.
Tá blúiríní freisin san eagrán is déanaí den iris faoi An Blascaod trí Fhuinneog na Scoile, le Pádraig Ó Héalaí, ina bhfuil scríbhinní a mháthar, Nóra Ní Shéaghdha, curtha in eagar aige; I mBéal an Bháis: The Great Famine and the Language Shift in 19th century Ireland le Gearóid Ó Tuathaigh; Ná Bac Leis le hAindrias Ó Cathasaigh; Míle Míle i gCéin: the Irish language in Canada le Danny Doyle; agus Lebor na hUidhre, curtha in eagar ag Ruairí Ó hUiginn.
Tá ficsean, filíocht agus drámaíocht san áireamh fosta: Scáil an Phríosúin le hAnna Heussaff, Saothrú sa Ghairdín le Bríd Ní Mhóráin, agus Duilleoga Tae le Seán Mac Mathúna, ina measc.
Agus mura leor é sin, tá agallamh le Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, atá 30 bliain ar an fhód.
– Tá Books Ireland ar fáil ar €5.95.
Fág freagra ar 'An t-eagrán is déanaí de Books Ireland ag cur thar maoil le Gaeilge'