An t-aos óg ag suansiúl i dtreo na tubaiste pinsin agus gan gíog as aon duine

Tá sé deacair go leor ag seandaoine maireachtáil ar an bpinsean stáit sa lá atá inniu ann, ach ar a laghad ní bhíonn deacracht cíosa ag a bhformhór…

An t-aos óg ag suansiúl i dtreo na tubaiste pinsin agus gan gíog as aon duine

Tá cáil ar an aos óg nach ndéanann siad mórán machnaimh faoi chúrsaí pinsin nuair a bhíonn siad i mbarr a sláinte agus ag baint sult as an saol.

Ach de réir mar a théann daoine in aois filleann ceist na bpinsean mar a bheadh taibhse ann.

Mar a tharlaíonn, tá baol mór ann anois go mbeidh na mílte duine fágtha agus gan dóthain acu le saol réasúnta compordach a bheith acu agus iad in aois an phinsin.

Baineann an fhadhb seo le cúrsaí eacnamaíochta, ar ndóigh, ach tá baol mór eile ann anois a bhaineann le polasaí tithíochta.

Cheannaigh formhór na ndaoine atá ar pinsean faoi láthair teach ar mhorgáiste, nó fuair siad teach ar cíos ón údarás áitiúil faoi scéim cíosa a mheasann an cíos ar chumas íoctha an duine.

I gcás fhormhór na ndaoine seo mar sin tá an morgáiste glanta faoi seo acu nó tá siad ag maireachtáil gan cíos ar bith nó tá cíos so-íoctha acu.

Ach breathnaigh ar an scéal mar atá inniu. Ní hamháin go bhfuil sé rídheacair, fiú ag daoine a bhfuil postanna maithe acu, morgáiste a fháil, agus nach bhfuil dóthain tithe sóisialta ann do dhream ar bith, ach tá brú mór freisin ar dhaoine óga teach nó árasán a fháil ó dhuine nó ó chomhlacht príobháideach ar pé cíos a shocraíonn an margadh.

Bíonn alt gach lá ar nuachtán éigin ag rá go gcaithfidh muid éirí as an ndúil chraosach atá againn in úinéireacht tithe.

Moltar dúinn sa chás seo glacadh in Éirinn le ‘nós’ na mór-roinne maidir le cúrsaí cíosa, cibé nós é sin. 

Ar ndóigh, is daoine a bhfuil úinéireacht acu ar a dtithe féin den chuid is mó a scríobhann na haltanna seo.

Ach is é an rud nach bpléitear ná céard a tharlós nuair a bheas na daoine sin in aois phinsin. Beidh cíos, socraithe ag an margadh, fós le híoc acu an uair sin cé nach mbeidh acu ach leath, nó níos lú ná sin, den teacht isteach a bhíodh acu.

Breathnaímis ar na fíricí. Is ionann an pinsean stáit agus beagáinín os cionn €1,000 sa mhí don duine atá singil. Bíonn, ar an meán, €1,400 sa mhí le híoc i mBaile Átha Cliath ar cíos. Más lánúin a bheidh i gceist, leathphinsean a bheidh i ndáiríre acu le maireachtáil air, agus ní chabhróidh aon rud sa mbreis as pinsean príobháideach leo teacht slán as sáinn an bhochtanais.

Más duine singil a bheidh i gceist, ní bheidh aon sábháil acu.  An bhfuil córas ‘Theach na mBocht’ an drochshaoil chugainn arís? Bhuel, is léir dtiocfaidh ardú mór a dhóthain ar an bpinsean leis an gcostas breise tithíochta a íoc.

Tá sé deacair go leor ag seandaoine maireachtáil ar an bpinsean stáit sa lá atá inniu ann, ach ar a laghad ní bhíonn deacracht cíosa ag a bhformhór.  Ní mar sin a bheidh don ghlúin óg amach anseo.

Anuas air sin, aithnítear go mbeidh deacrachtaí ar aon chuma ag daoine a mbeatha a shaothrú.

Ach cén fáth nach gcloistear guth an aosa óig maidir leis an bhfadhb seo? Bíonn siad ag gearán agus iad ag caint le chéile sna tithe tábhairne, ach is beag díobh a chaitheann vóta fiú, agus is lú fós an líon díobh a chuireann brú ar pholaiteoirí rud éigin a dhéanamh faoin scéal.

Cinnte is chun leas an dreama sin a cheannaigh tithe chun iad a ligean ar cíos agus brabús a dhéanamh de réir rialacha an rachmais an scéal seo.

Ach ní chun leas an aosa óig é, agus siad ag suansiúl go ciúin tostach i dtreo na tubaiste.

Tá plean gníomhaíochta tithíochta, ar ndóigh, foilsithe ag an rialtas.  Deirim ‘ar ndóigh’ toisc nach bhfuil sa phlean céanna ach focail mhóra agus gan aon chur leis. Níl geallúint ar bith sa phlean go gcuirfí airgead ar fáil le fuascailt a fháil do dhaoine atá faoi bhois an chait ag tiarnaí talún príobháideacha.

Níl aon phlean dáiríre acu le morgáistí a chur ar fáil ó institiúidí stáit – banc stáit, údaráis áitiúla nó eile – agus níl plean dá laghad ann le dóthain tithe sóisialta a thógáil le freastal, ní hamháin ar riachtanais na ndaoine is measa as, ach ar riachtanais na ndaoine a bhfuil pá measartha acu.

Tá práinn ag baint leis an scéal seo óir má chailleann aos óg na linne seo an deis tigh a fháil ar phraghas réasúnta, ní éireoidh leo éalú mbochtanas go deo.

Cinnte, ní phléitear a leithéid seo sna gnáthmheáin, ach is le lucht an rachmais na meáin chéanna agus ní hiontas iad a bheith ar son an rachmais dá bharr.

Ach tá ceist bhunúsach le freagairt ag an gcuid eile againn. Cé acu is tábhachtaí – freastal ar shaint lucht an rachmais, nó féachaint chuige go mbeidh sé ar chumas an ghnáthdhuine saol réasúnta compordach a bheith aige in aois a phinsin?