An t-aisteoir ó Ros na Rún Diarmuid Mac an Adhastair tar éis bháis

Is mar ‘Séamas Mhicil Tom’ ar shobaldhráma TG4 Ros na Rún is mó a raibh aithne ar an aisteoir as Conamara

Screen Shot 2015-07-11 at 11.07.53

Tá an t-aisteoir aitheanta as Béal an Daingin i gConamara Diarmuid Mac an Adhastair tar éis bháis.

Bhí sé 71 bliain d’aois.

Is mar an carachtar iontach Séamas Mhicil Tom ar shobaldhráma TG4 Ros na Rún is mó a raibh aithne ag an bpobal ar Mhac an Adhastair.

Bhí sé ar Ros na Rún ón uair a thosaigh an sobaldhráma mar chlár piolótach ar RTÉ i 1992.

Ba mhór an gean a bhí ag an lucht féachana ar Shéamas Mhicil Tom, sean-bhaitsiléir a raibh idir uaisleacht agus rógaireacht ag baint leis.

D’oibrigh an t-aisteoir chomh maith ar ghearrscannáin ar nós An Leabhar, Dillusc agus Cosa Nite agus bhí sé sa scannán de Cré na Cille. I measc na ndrámaí ar ghlac sé páirt iontu bhí Ní Maith Liom do Thrioblóid, a scríobh a dhlúthchara Joe Steve Ó Neachtain.

Is leis an drámaíocht amaitéarach is mó a bhíodh Mac an Adhastair ag plé roimh theacht Ros na Rún agus is iomaí léiriú a raibh páirt aige ann. Bhí tionchar mór ag an scríbhneoir Johnny Chóil Mhaidhc air.

Bhí sé mar aisteoir ionaid ag John Mills don mhórscannán Hollywood Ryan’s Daughter ach ba i dteach tábhairne a mhuintire, ‘Tigh Darby’ a shaothraigh sé slí bheatha nó gur díoladh é i dtús na nóchaidí. Bhí cáil mhór ar ‘Tigh Darby’ agus is ann sna seascaidí a bhí an chéad halla damhsa i nGaeltacht Chonmara.

Bhí dúil mhór aige san iascaireacht, sa tradisiún bádóireachta agus sa tsnoíodóireacht adhmaid.

Bhronn Oireachtas na Gaeilge ‘Buaicghradam Cumarsáide’ air i 2005 as feabhas a chuid saothair ar Ros na Rún.

I ráiteas a eisíodh thar ceann Ros na Rún, dúradh gur “onoír” a bhí ann obair leis

“Aisteoir den scoth a bhí ann, a chuaigh i gcion go mór orainn. Bhí bua nádúrtha aige don ghreann freisin; lena chuid freagraí tráthúla, a chuid geaitsí agus an seanchaipín píce dhá shocrú aige.

“Thaitin an aisteoireacht thar cionn le Diarmuid agus ba mhór an pléisiúr agus an onóir dúinn uilig a bheith ag obair leis; mar chomhaisteoir, mar bhall den chriú, nó mar scríbhneoirí.”

Maireann a bhean, Máirín, a mhic Caomhán agus Diarmuid, a iníon Gráinne agus gaolta eile leis.

 

Fág freagra ar 'An t-aisteoir ó Ros na Rún Diarmuid Mac an Adhastair tar éis bháis'

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Chailleadh laoch mór anois.Beidh sé an-aisteach Tígh Thaidgh a fheiceáil gan Séamus Micil Tom,agus Ros Na Rún chomh maith.Ní bheidh a leithèad ann arís.

    Suaimhneas síoraí dó.

  • Stilla Mellis

    Go raibh leaba i measc na Naomh aige. Chonaic mé é sa dráma “Ní maith liom do thrioblóid.” Tá cumha orm ina dhiaidh.