‘An t-ádh dearg’ ar chomhlacht teilifíse Gaeltachta nár scriosadh a gcartlann sna tuilte

Dochar déanta d’oifigí Sibéal Teo, ceann de mhórchomhlachtaí teilifíse na Gaeltachta, ach 20 bliain d‘ábhar cartlainne tagtha slán

‘An t-ádh dearg’ ar chomhlacht teilifíse  Gaeltachta nár scriosadh a gcartlann sna tuilte

Deineadh dochar d’oifigí Sibéal Teo, ceann de mhórchomhlachtaí teilifíse na Gaeltachta, sna tuilte a bhfuil a lorg fágtha acu ar thithe agus gnóthaí ar fud na tíre.

Tá oifigí Sibéal Teo lonnaithe i bPáirc Ghnó Údarás na Gaeltachta atá suite ar bhruach abhainn Bhaile an Mhuilinn sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

Ag labhairt di le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt Niamh Ní Bhaoill, ceann feadhna an chomhlachta, go raibh “an t-ádh dearg” orthu “gur aníos seachas anuas” a tháinig an t-uisce.

“Tá na cairpéid agus an t-urlár millte, ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil os cionn 20 bliain d’ábhar cartlainne sa seomra sin agus an t-ádh dearg orainn nach bhfuil an chartlann scriosta. Tá na cláir a craoladh sábháilte ag daoine eile, ag na craoltóirí, ach tá an t-ábhar ar fad nár úsáideadh againne agus againne amháin.

“Níor éirigh linn ach an deichiú cuid den ábhar a bhogadh ón oifig go dtí seo. Tá an obair ghlantacháin sin ag leanúint ar aghaidh ach beidh roinnt seachtainí ann, is dócha an taobh eile den Nollaig, sula mbeidh sí ina ceart. Cheapamar go raibh muid in áit shábháilte, ach beidh orainn fiosrú a dhéanamh faoi cad ba cheart a dhéanamh leis an gcartlann anois,” a dúirt sí.

I bhfianaise an baol ina ndeachaigh an chartlann sa tuile, dúirt Ní Bhaoill go mbeifí ag féachaint go luath le socruithe nua a dhéanamh chun an chartlann a choimeád slán.

Barr taoide san abhainn agus an bháisteach throm ba chúis leis an tuile agus sceith an t-uisce aníos tríd an gcóras séarachais isteach in oifigí an chomhlachta teilifíse.

Shínigh lucht Sibéal Teo agus an comhlacht as Conamara Sónta Teo conradh le déanaí a fhágann gurb iad a bheidh ag soláthar sciar mór de chláir TG4 sna blianta amach romhainn.

Dúirt Niamh Ní Bhaoill tráthnóna go raibh oifigí eile curtha ar fáil don chomhlacht ag Údarás na Gaeltachta fad is a bheadh n-oifigí á nglanadh amach, á dtriomú agus á gcur ar chaoi shábháilte.

Dúirt sí go mbeadh “go leor oibre” i gceist ach bhí sí sásta nach gcuirfeadh an droch-scéala isteach ar an obair mhór atá le déanamh ag an gcomhlacht do TG4 sa tréimhse amach romhainn.

Fág freagra ar '‘An t-ádh dearg’ ar chomhlacht teilifíse Gaeltachta nár scriosadh a gcartlann sna tuilte'