An Stát chun íoc as costais an fhir a thug dúshláin dlí maidir le torthaí tástáil anála Béarla

An mhí seo caite cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc rialú go raibh torthaí tástáil anála, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla

Pictiúr: PHOTOCALL IRELAND
Pictiúr: PHOTOCALL IRELAND

Tá an Stát chun íoc as na costais a bhain le dúshlán dlí maidir le torthaí tástáil anála a cuireadh ar fáil i mBéarla amháin.

An mhí seo caite, cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc rialú go raibh torthaí tástáil anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis ar fáil a bhí i nGaeilge agus i mBéarla araon do na tiománaithe a bhí i gceist.

Ba é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a rinne achomharc faoin gcinneadh nach seasfadh na torthaí tástáil anála mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo toisc nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil.

Ba é cás Mihai Avadenei, fear ar stop na Gardaí é agus amhras orthu go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil, a chuir tús leis an gconspóid faoi na torthaí tástáil anála.

I mBéarla amháin a eisíodh na torthaí tástáil anála a rinneadh ar Avadenei i stáisiún Shráid an Stórais i mBaile Átha Cliath.

Thug abhcóidí Avadenei dúshlán dlí i mí Iúil 2014 de bharr nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil, faoi mar a bhí sonraithe i rialacháin faoin Acht Tráchta.

Ina dhiaidh sin, dúirt an Breitheamh Séamus Noonan san Ard-Chúirt nach seasfadh na torthaí mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo.

Caitheadh amach an cás dá bharr.

Bhí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ag éileamh go n-íocfaí costais na gcásanna san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Achomhairc, ach dheimhnigh an Breitheamh Edwards inniu nach gá do Avadenei na costais a íoc.

Dúirt abhcóide Avadenei, Conor Devally, go raibh an ionstraim reachtaíochta a bhain leis an gcás aisghairthe ó shin agus gur soiléiríodh le linn an cháis pointe tábhachtach dlí a bhféadfadh impleachtaí a bheith aige dá lán cásanna eile.

Mhaígh sé nár cheart go gcuirfí costas ar dhuine toisc go measann Breitheamh gur ghá soiléiriú Ard-Chúirte a lorg.

Dúirt an Breitheamh Edwards gurbh é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí féin seachas Avadenei a d’iarr comhairle na hArd-Chúirte.

De bharr na gcúinsí speisialta seo, dúirt an Breitheamh Edwards go mba ceadmhach na gnáthrialacha maidir le costais a chur ar leataobh.

Meastar gur cuireadh moill le héisteacht 1,400 cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil fad is a bhí achomharc á dhéanamh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Sa Chúirt Achomhairc an mhí seo caite, dúirt an Breitheamh John Edwards gur aontaigh sé cuid mhaith le rialú an Bhreithimh Noonan. Dúirt sé áfach nach raibh ‘substaint’ ag baint leis an eolas a fágadh ar lár sna torthaí tástáil anála toisc nach raibh ann dáiríre ach ‘athrá’ i nGaeilge ar eolas a bhí tugtha i mBéarla.

Bhí an Breitheamh George Birmingham agus an Breitheamh Alan Mahon ar aon fhocal leis an mBreitheamh Noonan.

Dar le saineolaithe dlí agus gníomhaithe teanga gur údar imní é breith sin na Cúirte Achomhairc fad is a bhaineann sé le seasamh na Gaeilge sa dlí.