An stair trí shúile na mbó…

Maítear i leabhar nua go scríobhtar an stair, de ghnáth, trí shúile an duine agus go bhfuil sé in am againn peirspictíocht nua a fháil ar chúrsaí…

Bó Cow

D’fhoghlaimíos An Droimeann Donn Dílis agus mé ar scoil. Thaitin sé liom. Dáiríre, is clasaiceach é agus na scoileanna nach múintear amhráin chlasaiceacha na Gaeilge iontu, tá faillí á déanamh acu ina ndualgais, dar liomsa. Is breá liom an leagan Déiseach de.

Chuimhníos ar an droimeann donn dílis nuair a leagas súil ar leabhar neamhghnách, an stair trí shúile na mbó, creid é nó ná creid. Tá an leabhar seo le ceannach má thaitníonn leabhair leat nó tá sé le fáil saor in aisce má tá ríomhaire agat. Cathain a thabharfaidh foilsitheoirí na Gaeilge an rogha sin dúinn? Punctum Books, Brooklyn, Nua-Eabhrac, na foilsitheoirí. Tá sé tamall, déarfainn, ó chonacthas nó ó chualathas bó i mBrooklyn.

Seo an leabhar ar aon nós, má tá sé uait:

Cén fáth a mbeadh sé uait? Mar go mbaineann an bhó linn: is leor An Táin a lua chun an méid sin a thuiscint. Nó an seanrann:

   Is maith í an bhó
   Is bainne í le n-ól
   Is im í agus feoil
   Is solas geal ar bord
   Deineann a heireaball rón
   Agus a hadharca ceol
   Agus is maith é a leathar chun na mbróg

Maítear sa leabhar seo go scríobhtar an stair, de ghnáth, trí shúile an duine agus go bhfuil sé in am againn peirspictíocht nua a fháil ar chúrsaí. Smaoineamh maith, gan amhras. Bheinn ag teacht leis sin. Níl i ndearcadh an duine ach dearcadh amháin ar an saol agus is minic mícheart ar fad é. Trí shúile na mbó, is ainmhithe sinne a chónaíonn istigh, díon os ár gcionn, ballaí thart orainn. Is ait leo é sin. Is minic an musca domestica, nó an chuil tí, in aontíos linn.

Má éiríonn linn deireadh a chur linn féin, leis an gcine daonna, éalóidh na ba agus beidh saoirse arís acu, seachas na ba go léir a bhfuil slabhraí orthu nó atá faoi ghlas. Caillfear iadsan i dteannta na ndaoine.

Meabhraítear dúinn sa leabhar seo gurb é an fealsamh Descartes a bhunaigh nó a dhaingnigh an déachas (dualism) inár measc, fealsúnacht an-dainséarach i mo thuairimse, dainséarach don ainmhí agus dainséarach don duine araon:

‘He posited that only humans are rational beings,    because only their “movement“ (behaviour, actions) can follow a “will” – the rest of the animal world moves according to a will that is pre-set by higher powers, and their behaviour is thus purely mechanical, automated, predetermined. Thus, the world fell into subjects and objects; active agents capable of reasoned will, on the one hand, and passive biomechanisms blindly following their innate pre-configurations, on the other.’

Cá seasann tú i leith an déachais? An dtagann tú le Descartes? Má thagann, cén fáth a dtagann? Mar gur mar sin a tógadh thú? Ach an mar sin a bhraitheann tú i leith do chomhainmhithe ar chlár na cruinne seo?

Is dócha gur dream an-aisteach sinne trí shúile na mbó. Tá cuntas anseo ar eachtra a tharla i monarcha sa tSín, monarcha de chuid Foxconn. Theastaigh ó ochtar déag de na hoibrithe ann lámh a chur ina mbás féin. Léimeadar den díon. Maraíodh ceithre dhuine dhéag. B’in sa bhliain 2010. Tharla sé arís ina dhiaidh sin. Bhagair 150 duine go rabhadar chun léim. Chuir na húdaráis líonta sábháilteachta ar fáil chun nach ngortófaí na hoibrithe!

Tá a lán le foghlaim ón leabhar seo, faoin duine agus faoin mbó.

Fág freagra ar 'An stair trí shúile na mbó…'