An seanfhondúir Hanks dulta amú san Araib Shádach

LÉIRMHEAS SCANNÁN: Bíodh is go bhfuil ‘Hologram for the King’ taitneamhach a dhóthain, níl sé teann as féin mar shaothar

A-Hologram-for-the-King

Hologram for the King
Stiúrthóir: Tom Tykwer
Cliar: Tom Hanks, Alexander Black, Sarita Choudhury, Sidse Babett Knudsen, Tracey Fairway

Seanfhondúir oilte, cumasach é Tom Hanks a bhfuil taithí na mblianta agus dhá dhuais Oscar aige. Tá lucht leanta dílis aige, dá réir. Ag an bpointe seo tá sé chomh so-aitheanta sin, agus teacht i láthair chomh láidir sin aige, gur féidir scannán a thógáil timpeall air. An bua céanna atá ag Denzel Washington agus Will Smith, agus a bhíodh ag Julia Roberts agus Harrison Ford.

Ní nach ionadh caithfidh múnla faoi leith a bheith ag scannáin den chineál seo. I gcás Hanks caithfidh sé a bheith mothúchánach, maoithneach agus adhmad a bhaint as an gcumas atá aige an gnáthdhuine cneasta faoi bhrú a léiriú le paistí grinn agus áiféise.

Is saothar den saghas sin atá againn anseo, scannán atá bunaithe ar an leabhar den teideal céanna le Dave Eggers. Ní mar cháineadh a deirim sin. Cé go bhfuil snátha seanchaite ag baint leis an scéal is táirge taitneamhach é seo agus an fear féin i mbarr a mhaitheasa.

Tuigtear dúinn ón tús gur duine é Alan a bhfuil an saol imithe ina choinne. Chlis ar a phósadh, tá sé ag tarraingt i gcoinne an aird ina shaol proifisiúnta agus níl sé in acmhainn díol as oideachas a iníne, dá réir. Nuair a thugann sé faoi deara go bhfuil cnapán ar a dhroim taibhsítear dúinn, agus dó, go bhfuil srathair na hainnise air.

B’fhear gnó rathúil é tráth ach ar chúiseanna nach gcíortar chun mo shástachta thit an tóin as a ghnó agus b’éigean dó tabhairt faoina ról nua; ag iarraidh holagram an teidil a dhíol leis an Rí san Araib Shádach.

Déanann sé iarracht dea-dhealramh a chur ar dhrochghnó ach tosaíonn rudaí ag imeacht ar bóiléagar. Ní haon ionadh gurb iad liricí Once in a Lifetime leis na Talking Heads atá againn ag tús an scannáin.

Úsáidtear eagarthóireacht shnoite le hiardhearcthaí, míreanna draíochta srl a ropadh os ár gcomhair agus tá mír bheag iontach le Tom Skerrit mar athair Alan is é ag cur de faoi phostanna Meiriceánacha a bheith ag sleamhnú thar lear. Tagairt chaolchúiseach den tubaiste ghnó a luas thuas.

Baintear súp as míthuiscintí cultúrtha a léiriú agus sé Yousef (Black) a sholáthraíonn cuid mhaith den ghreann. Carúlacha iontacha ag teacht uaidh ar dalladh, a leithéid seo: ‘we don’t have unions, we have Filipinos’. Ar uairibh, áfach déantar iarracht chiotach an greann a shníomh leis an drámatúlacht agus samhlaíodh dom nach saothar é a bhí teann as féin.

Is fear é Alan atá buailte ag rian den ghalar dubhach agus tá uair na cinniúna ina shaol sroichte aige. Ní nach ionadh is rómánsaíocht agus mná a thagann i gcabhair air le Zahara (Choudhury – bean Saul in Homeland) agus Hanne (Knudsen – Birgitte ó Borgen) ag cur ábhairín beochta ann.

Téama an scannáin ná gur fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann agus déanann an chríoch phatuar, nach dtugann a gceart do chuid de na carachtair thánaisteacha, iarracht é sin a léiriú.

Fág freagra ar 'An seanfhondúir Hanks dulta amú san Araib Shádach'

  • padraig

    Nfheadar an bhfuil einne sna hollscoileanna ag tabhairt aon aird ar an scribhneoir seo agus earraiocht a baint as a chuid aisti sna ranganna teagaisc etc……….rud nar mhiste dhoibh……