An SDLP – páirtí meánaicmeach, meánaosta ag caitheamh i ndiaidh an ama nuair a bhí an svae leis?

Tá Colum Eastwood as Doire ag tabhairt aghaidh ar Alasdair McDonnell do cheannaireacht an SDLP, ach is é athbheochan an pháirtí an gnó is dúshlánaí

CPbNACfWwAAQwgU

“Ní mór dúinn a bheith ionraic faoin staid ina bhfuil an SDLP agus soiléir faoi cá bhfuil ár dtriall. Ní thig linn polaitíocht Thuaisceart Éireann a athrú ná ról gníomhach a bheith againn i múnlú náisiúin nua mura n-athróimid sinn féin. Ní mór dúinn na ceisteanna seo a phlé sna seachtainí seo atá romhainn.”

B’in cuid den ráiteas a d’eisigh an Teachta Tionóil, Colum Eastwood, as Doire agus é ag fógairt go hoifigiúil go raibh sé ag seasamh do cheannaireacht an SDLP in éadan Alasdair McDonnell. Bhí sé cíocrach le tosú ar an obair athbheochana agus fáil faoi réir don cheannaireacht, a dúirt sé.

Níorbh údar iontais é nuair a fógraiodh go raibh ainmniúcháin faighte ag Eastwood ó naoi gcumann don chomórtas a reáchtálfar ag comhdháil bhliantúil an SDLP i mí na Samhna. Bhí ainm Eastwood á lua aimsir an olltoghcháin nuair a dúirt cuid de mhaithe agus de mhóruaisle an pháirtí gur cheart do McDonnell éirí as mar cheannaire. Mar sin féin, tá roinnt sa pháirtí ag maíomh go bhfuil Eastwood chomh hóg sin – 32 bliain d’aois – agus a laghad sin taithí aige, go gcaithfeadh sé gur ‘chapall stalcaireachta’ é, is é sin, iarrthóir a réiteodh an bealach do dhuine eile. Tá sé sin séanta as éadan ag a lucht tacaíochta a mhaígh go raibh géarghá ag an SDLP le glúin óg, fhuinniúil i gceannas.

Bhí an Dochtúir McDonnell (66) neamhghéilliúil sa Bhealtaine nuair a mhol Séamus Mallon, Bríd Rodgers agus Mark Durkan, i measc go leor eile, dó éirí as mar cheannaire. Choinnigh sé a shuíochán Parlaiminte ach le laghdú ollmhór ar a vóta. D’éirigh sé as a shuíochán Tionóil ansin chun díriú ar Westminster, a dúirt sé. Níor chuir sin stop leis an mbrú air, áfach; measann go leor nach féidir an páirtí a rith as Westminster.

Toghadh an Dochtúir McDonnell mar cheannaire an SDLP i mí na Samhna 2011, an tríú ceannaire ó d’éirigh John Hume as. Gheall McDonnell go ndéanfadh sé athnuachan agus atheagar ar an bpáirtí. Maíonn sé gur thug sé daoine óga isteach sa pháirtí agus gur aimsigh sé iarrthóirí úra le haghaidh an olltoghcháin seo thart. Bíodh sin mar atá, lean meath an SDLP sna toghcháin ar fad faoina stiúir agus san olltoghchán i mbliana, thit a vóta iomlán arís (2.6%) cé gur choinnigh siad na trí shuíochán.

Go dtí na toghcháin áitiúla anuraidh agus Westminster i mbliana, bhíodh sé de shólás ag an SDLP go raibh bail ní ba mheasa ar an UUP ná iad féin; ní hamhlaidh atá a thuilleadh; tá biseach, más beag é, le sonrú ar an UUP. Géaraíonn sé sin ar an teannas san SDLP.

Ní raibh lán tacaíocht an pháirtí ag McDonnell ariamh. Bhí mise i measc na dtuairisceoirí a chonaic daoine ag gol nuair a fógraíodh toradh an vóta a thogh ina cheannaire é. Thairis sin, ba mhinic a d’admhaigh a chairde, gan trácht ar lucht a cháinte, go raibh sé amscaí, ciotach.

Bhí na ceamaraí i láthair lena chéad óráid mar cheannaire a chraoladh beo ceithre bliana ó shin ach rinne sé praiseach de, mar gur ghoill na soilse air. Ní raibh sé aiclí ná deisbhéalach i mbun díospóireachta agus i mbliana féin, ba é Mark Durkan a cuireadh ar fáil le haghaidh na gcláracha teilifíse roimh an olltoghchán.

Ar an láimh eile, bhí agus tá a lucht tacaíochta an-dílis dó. Bhí siad ag stocaireacht thar a cheann, go seasta, ag déanamh gaisce as a fhuinniúlacht. Bhí a fhios ag cait an bhaile gur beag gean a bhí aige féin agus a leascheannaire, an Teachta Tionóil, Dolores Kelly, ar a chéile. Ar an mbonn sin, d’eagraigh ‘campa Alasdair’ go seasfadh Fearghal McKinney don leascheannaireacht in éadan an Teachta Kelly.

Iaririseoir é McKinney a sheas don pháirti i bhFear Manach i dtoghchán Tionóil. Buaileadh go dona é. Ina dhiaidh sin, d’ainmnigh McDonnell é ina Theachta Tionóil nuair a d’éirigh Conall McDevitt as. Ní nach ionadh, is tréanchosantóir ar a cheannaire é McKinney.

Ní thugann a lán daoine aird ar an SDLP anois ach beifear ag faire go géar orthu sna sé seachtaine seo chugainn. Gach seans gurb í ceist na ceannaireachta an cheist is lú atá le freagairt ag an SDLP. Páirtí meánaicmeach, meánaosta ag caitheamh i ndiaidh an ama nuair a bhí an svae leis – sin é a íomhá.

Céard lena aghaidh é sa lá atá inniu ann? Tá fealsúnacht shoiléir agus teachtaireacht shoiléir faoi pholasaithe de dhíth, go práinneach.

Scrúdóimid an feachtas don cheannaireacht arís, féachaint cé mar a ghabhfaidh iarrthóirí i ngleic leis an dúshlán sin. An mbeifear in ann a chruthú go mbaineann an SDLP le hábhar i 2015?

Fág freagra ar 'An SDLP – páirtí meánaicmeach, meánaosta ag caitheamh i ndiaidh an ama nuair a bhí an svae leis?'