An scór is déanaí: DUP 1 Sinn Féin 0

Níor mhór do Mhartin McGuinness agus a fhoireann éacht a dhéanamh gan mhoill chun a chruthú gur fiú iad a bheith i gcumhacht agus nach íochtaráin ag an DUP iad

Arlene Foster Martin McGuinness

Fear ar an tsráid in íochtar cheantar na bhFál a thug ‘an scór’ sin dom an lá i ndiaidh cheapadh na n-airí i Stormont. Níl a fhios agam an ball de pháirtí polaitíochta é ná cad é a stair vótála ach b’údar suntais a bhreithiúnas . Bhí an bharúil chéanna le clos ó dhaoine a thug tacaíocht do Shinn Féin agus a bhí míshásta gur ghlac Sinn Féin le aire cirt aontachtach gan praghas mór a fháil ar an ‘ngéilleadh’.

Cinneadh pragmatach ab ea é dar le Sinn Féin glacadh leis an aontachtach neamhspleách Claire Sugden mar Aire Cirt. Níorbh fhéidir a shéanadh gur athrú cleachtais tromchúiseach a bhí ann. Seo aire a ainmníonn í féin mar aontachtach ar rolla an Tionóil ag teacht i gcomharbacht ar aire neodrach, David Ford, ceannaire an Alliance, páirtí nach nglacann le lipéad aontachtach nó náisiúnach.

Údar caithréime ab ea é d’Arlene Foster ceannaire an DUP a dúirt go neamhbhalbh nach nglacfadh sí le haire cirt ó Shinn Féin. Is cosúil nach raibh an dara rogha ag Sinn Féin ach glacadh le Sugden nó aghaidh a thabhairt ar thoghchán eile agus seans a thabhairt don bhfreasúra nuabhunaithe a rá nach raibh Sinn Féin agus an DUP in ann ag roinnt na cumhachta sa bhFeidhmeannas. Anuas air sin, is baill den DUP atá mar chathaoirleach agus leas-chathaoirleach ar an gcoiste Tionóil a scrúdóidh obair na roinne cirt.

Níor mhór do Mhartin McGuinness agus a fhoireann éacht a dhéanamh gan mhoill chun a chruthú gur fiú iad a bheith i gcumhacht agus nach íochtaráin ag an DUP iad. Is ar ranna eacnamaíochta a dhírigh Sinn Féin, an roinn Airgeadais faoi stiúir Mháirtín Uí Mhuilleoir agus an roinn Infreastruchtúir ag Chris Hazzard. Aitheantas ab ea na roghanna sin ar an teachtaireacht a fuaireadar go lom ó vótóirí in iarthar Bhéal Feirste, cur i gcás, mar ar thug duine as gach cúigear tacaíocht do Gerry Carroll, Pobal Roimh Bhrabach.

Ba í an teachtaireacht nach raibh díbhinn faighte ag ceantair bhochta náisiúnacha – ina bhfuil dífhostaíocht an-ard ó rialtas díláraithe i Stormont. Ba léir freisin go raibh vótóirí taobh thiar den Bhanna ar buile faoi easpa forbartha agus infheistíochta. B’fhacthas dóibh go raibh tosaíocht á fáil ag an oirthear. Léirigh figiúirí a fuair an suíomh fiosrúcháin The Detail go bhfuair na ceantair taobh thoir den Bhanna 81%  d’infheistíocht Invest NI i gcomparáid le 19% do na ceantair ar an dtaobh thiar.

Ar a chéad lá ina phost nua mar Aire Airgeadais bhí Máirtín Ó Muilleoir ag tvuíteáil gur labhair sé le feidhmeannaigh faoi mhaoiniú chun an Ollscoil i nDoire, Coláiste Mhic Aoidh, a fhorbairt. Níorbh fhada go raibh aontachtaithe ag rá nár bhain ardoideachas lena roinn. Ní bheidh sé furasta déileáil leis na dúshláin, tráth a bhfuil na Tóraithe ag gearradh buiséid. Caithfear comhoibriú go dlúth leis an DUP, a bhfuil an roinn forbartha eacnamaíochta faoina stiúir ag Simon Hamilton, chun a dhul i ngleic leis an dífhostaíocht as cuimse in iarthar Bhéal Feirste agus i nDoire. B’fhéidir gur chabhair dóibh freasúra a bheith ann mar go gcaithfidh siad aontú ina choinne sin in áit a bheith ag iomrascáil lena chéile.

Is é Chris Hazzard, Sinn Féin, atá i gceannas ar an roinn infreastruchtúir. Eisean a bheidh freagrach as tógáil na mbóithre atá geallta le blianta. Sin iad na bóithre idir Doire agus Béal Feirste agus idir Doire agus Achadh na Cloiche ar an mbealach go Baile Átha Cliath. Ní mór dó a dhul i ngleic leis an tseirbhís traenach go Doire. Níl an tseirbhís an-dona ó Bhéal Feirste go Cúil Raithin ach as sin ar aghaidh dhéanfá an turas níos sciobtha ar rothar.

Bhí éifeacht ag na heasnaimh sin ar fad ar an laghdú ar líon na vótóirí naisiúnacha, gan trácht ar easpa gnímh i leith oidhreacht na dTrioblóidí, ionchoisní, fiosraithe poiblí, bratacha, paráidí agus Acht na Gaeilge. Má theastaíonn ó Shinn Féin a léiriú gur fiú iad a bheith i Stormont caithfidh siad toradh a saothair a sholáthar don bpobal.

Tá an DUP neartaithe, cead a cinn tugtha d’Arlene Foster faoin aireacht chirt sa mullach ar bhua sa toghchán. Go dtí seo bhí sí mar a bheadh deachtóir agus ‘I won the election’ mar fhreagra aici ar gach éileamh. Ní mór do Shinn Féin áiteamh uirthi go bhfuil gá le comhoibriú. Ní chun tairbhe an DUP é ach an oiread le Sinn Féin an scór eatarthu a bheith ag éirí níos aontaobhaí fós. Tiocfaidh siad slán ó 1-0 cheapfainn ach drochsheans go ndéanfadh 5-0 nó fiú 5-1 aon mhaith do cheachtar páirtí.

Fág freagra ar 'An scór is déanaí: DUP 1 Sinn Féin 0'