An scannán is measa dá bhfuil feicthe agam le mo chuimhne…

Scéal, script, aisteoireacht, stiúrthóireacht, aicsean. Tá siad ar fad lochtach ó bhonn sa scannán is déanaí le Neil Blomkamp

1251623 - Chappie

Chappie
Stiúrthóir:
Neill Blomkamp
Cliar: Sharlto Copley, Dev Patel, Jose Pablo Cantillo, Hugh Jackman, Sigourney Weaver, Ninja, Yo-Landi Visser.

Léirigh District 9 (2009) go raibh stiúrthóir óg le fís neamhchoitianta tagtha ar an bhfód. Bhí an chéad fhadscannán ó Neil Blomkamp lonnaithe ina fhód dúchais, An Aifric Theas, agus d’eirigh leis fadhbanna ciníocha na tíre sin a fhí le seánra an fhicsean eolaíochta go taitneamhach, cumasach. D’eascair an táirge sin as an ngearrscannán Alive in Joburg (2005) agus is é Peter Jackson a thug an chois isteach dó.

Ina dhaidh sin tháinig Elysium (2013) agus cé nár cuireadh an fháilte ghroíuil chéanna roimhesean, aithníodh nach raibh sé gan a mhaitheasaí. Anois, agus é fós ag rómhar san iomaire céanna, tá Chappie againn.

Lena chur i mbeagán focal; tá sé seo ar cheann de na scannáin is measa dá bhfuil feicthe agam le mo chuimhne, murab é an ceann is measa. Ní féidir liom cuimhneamh ar shuáilce ar bith. An scéal, an script, an aisteoireacht, an stiúrthóireacht, an t-aicsean. Tá siad ar fad lochtach ó bhonn.

In Aifric Theas an lae inniu tá fórsa póilíneachta meicnithe ag maoirisú na sráideanna agus ag éirí go geal leo. Tá dearthóir na meaisíní (Patel) ag iarraidh na meaisíní a fhorbairt le go mbeidh tuiscintí daonna acu. Éiríonn leis an bogearra a scríobh agus a chur i seanmheaisín, Chappie an teidil. Is ansin a thosaíonn rudaí ag imeacht ar bhóléigear le gach duine ó dhearthóir éadmhar Jackman go buíonta coiriúlachta sa tóir air.

An chéad rud. Má tánn tú chun an téama seanchaite don mheaisín daonna a tharraingt chugat féin, caithfidh tú a bheith ar do bharraicíní mar go bhfuil an téama céanna cíortha in an iliomad scannán ó The Wizard of Oz (1939) go dtí Star Trek: The Next Generation agus ó na scannáin Alien go I, Robot (2004).

Caithfidh tú léamh sainiúil a thabhairt ar an ábhar.  Tugtar neamhaird den tuiscint sin agus tá an chuma ar an scríbhinn seo ar uairibh go bhfuil sé scríofa ag meitheal déagóirí agus iad den tuairim nach bhfuil aon cheann de na ceisteanna/téamaí/ciútanna seo cíortha cheana.

Níl a fhios agam an raibh an táirge in ainm is a bheith greannmhar, ach bhí an gáire dóite ann. Níl a fhios agam an raibh sé in ainm is a bheith páistiúil, ach bhí. Ní raibh na radharcanna aicsin féin thar mholadh beirte.

Cá bhfágann sin na haisteoirí? Tá súil agam go bhfuair Jackman agus Weaver lán mála de Krugerrand mar ní chuirfidh seo lena gcáil agus is cinnte nár thug sé dúshlán a gcumais aisteoireachta.

Thug Patel taispeántas ábalta uaidh sa tairge iontach sin Slumdog Millionaire (2008) ach táim tar éis a bheith ag féachaint air sa tsraith The Newsroom le déanaí, agus nuair a chuirim an taispeántas seo san áireamh, caithfidh mé a rá nach bhfuilim róthógtha leis mar aisteoir.

Tá trí fhadscannán tagtha ó cheárta Blomkamp agus tá sé chun tabhairt faoi scannán sa tsraith mhóreachtraíochta Alien, le Weaver fairis, dá cheathrú saothar. Tar éis na hainnise seo, ní doigh liom go bhfuil an deis sin tuillte aige.

Fág freagra ar 'An scannán is measa dá bhfuil feicthe agam le mo chuimhne…'