An Sasanach nach labhraíodh ach Gaeilge, na h-údair agus cogadh na cuilte!

Tá sliocht as an leabhar Mise ag ár gcolúnaí a thugann éachtaint eile dúinn ar chuid de mhórphearsana na hathbheochana, Claude Chavasse ina measc

Claud chevasse

Ba spéisiúil an t-alt é sin faoi Claude Chavasse a foilsíodh i dTuairisc.ie an lá cheana. Cuntas a bhí ann ar an gcaoi ar dhiúltaigh sé Béarla a labhairt le duine den RIC i mBéal Átha an Ghaorthaidh céad bliain ó sin.

Duine an-spéisiúil a bhí in Claude Chavasse, nó Cluad de Ceabhasa, mar a thugtaí freisin air.

Sasanach de bhunadh Francach a bhí ann a labhraíodh Gaeilge seasta síoraí.

Bhí eolas maith air i gConamara. Chaith sé seal maith dá shaol i dTeach an Rosa i Ros Cathail in aice le hUachtar Ard. I reilig Chill Chuimín, Uachtar Ard, atá sé curtha.

Tá cur síos ag Colm Ó Gaora ina leabhar Mise ar an am a raibh sé féin ina thimire ag Conradh na Gaeilge sa gClochán agus a dtáinig Cluad chuige le Feis Iarchonnacht a eagrú ar an mbaile sin. Ba í an fheis ba mhó le rá sa gcúige an bhliain chéanna í, 1914. Seo an sliocht as Mise a chuireann síos ar eachtraí na dtimirí sa teach lóistín.

Tháinig Gaeil i bhfad is i ngearr le gach uile chúnamh a thabhairt dúinn leis an bhfeis. Thug mo sheanchara Cluad de Ceabhasa obair choicíse dúinn léi. Chuir Conradh na Gaeilge Páraic Óg Ó Conaire chugainn le cabhrú linn.

Sa teach céanna liom féin a bhí Cluad agus é féin ag cur fúthu.

Bhí seomra codlata Chluaid sínte le mo cheann féin.

Tháinig oíche a bhí bunfhuar agus nuair a bhíos ag dul a chodladh thugas faoi deara go raibh an chuilt imithe de mo leaba.

Rinneas cuardach. Ar leaba Chluaid a bhí sí.

Agus mé á tabhairt liom tháinig Cluad sa doras.

‘Céard seo?’ ar seisean.

‘Dheamhan tada,’ arsa mise, ‘ach go gcaithfidh an chuilt seo a dhul ar ais ar an leaba ar léi í.’

‘Ach is liomsa í,’ arsa Cluaid. Agus rinne iarracht ar í a sciobadh uaim.

‘…’nDomhnach, seo é féin é,” arsa mise. ‘Is ait an scéal é mura n-aithnínn mo chuilt féin atá ar mo leaibín le mí.’

Bhí greim ag Cluad ar cheann di agus é in aghaidh ursain mo dhorais. Mise taobh istigh agus mo chos agam in aghaidh na hursan chomh maith.

Bhí muid mar sin ar feadh tamaill mhaith, muid ag téamh faoi allas agus gan muid ag géilleadh ionga ná orlach.

Caithfidh sé gur cuilt í a raibh mianach maith inti, tharla nach dtug sí uaithi sa tarraingt a bhí sí a fháil.

Tháinig Páraic Óg aníos an staighre.

‘Ara, céard sin oraibh, a dhaoine córa?’ ar seisean nuair a chonaic sé an suíomh a bhí orainn. ‘Shílfeá gur tug o’war atá ar siúl agaibh.’

‘Diabhal a chodladh a rachas mise anocht gan mo chuilt,’ arsa mé féin.

‘Ach is liomsa í,’ arsa Cluad.

‘…’nDomhnach, ní fheicimse aon leigheas ar an scéal ach an difríocht a scoilteadh,” arsa an Conaireach, “tharla nach bhfuil fonn ar cheachtar agaibh géilleadh.”

Isteach leis i seomra Chluaid agus thug amach rásúr.

‘Feictear dom gur breá géar í,’ ar seisean, agus bhain smeach aisti le coirnéal ionga a ordóige.

Ní fhéadfainn a rá a raibh sé ar intinn ag Páraic scor den rásúr a thabhairt don chuilt, ach ar chaoi ar bith thugas féin iarraidh mhaith de tharraingt ar an gcuilt agus, dar fia, tháinig sí liom.

Lá arna mhárach thug mé faoi deara nach dtéadh stopadh ar an gConaireach ach ag síorgháire leis féin.

Nuair a chuaigh mé i mbun scéil na cuilte céard a rinne Páraic ach í a athrú ó mo leabasa ar leaba Chluaid.

Ní nach ionadh, shíl Cluad go mba í bean an tí a rinne é, agus mise ag ceapadh san am céanna gur é féin a thug leis í.

An fhad a bhí Cluad de Ceabhasa sa gClochán liom cheap sé féin agus mé féin go mba mhór an gar don teanga dá bhféadfaí na hÓglaigh ar fud Chonamara a theagasc san aclaíocht i nGaeilge.

Chaitheamar tamall ag ceapadh focal agus téarmaí le haghaidh na hoibre.

Lá amháin chuir ‘Reverse Arms!’ i sáinn chríochnaithe muid.

Ní raibh ceachtar againn in ann an t-ordú seo a dhéanamh agus, dá bhíthin sin, ní raibh sé intuigthe againn i gciall ná i bhfoirm

‘Ní fheicim aon duine a bheadh in ann an t-ordú seo a thaispeáint i gceart dúinn ach duine de na póilíos,’ arsa mise le Cluad.

Ní raibh an bheairic thar chúpla scór slat uainn agus bhuail mo chara faoi dhéin dún na bhfear gruamach sin.

Ní rabhadar ar dhea-chomharsanacht liom féin, mar bhí m’ainm sa leabhar dubh acu le tamall roimhe sin faoi go raibh mé ag caitheamh culaith na nÓglach.

Chuir Cluad an cheist aimhréiteach seo ar dhuine de na póilíos agus d’iarr air má ba é a thoil é an t-ordú sin a dhéanamh ina ghníomh dó.

An t-amharc a thug an póilí air leáfadh sé cloch ghlas, a dúirt Cluad liom ina dhiaidh sin.

Ní bhfuair sé de fhreagra ón bpóilí ach a rá leis glanadh leis chomh beo agus a bhí ina chosa, agus a bheith buíoch de féin murab ar thóin an phríosúin a gheobhadh sé sa deireadh é féin.