An Saighdiúir Samhraidh: Nár dheas daoine chomh bocht linn féin a fheiceáil ag ceiliúradh?

Tá an Saighdiúir ag ceiliúradh gaiscí na Portaingéile agus Ciara Mageean an tseachtain seo...

Portugal euro 2016

Maith an Phortaingéil

Cad é a dhéanfaidh muid feasta gan footie? Á, scarann muid leis an sacar agus an samhradh linn go fóill. Níorbh olc an comórtas é i gcomparáid leis an cheann roimhe seo. An Bhreatain Bheag agus an Íoslainn an dá fhoireann is mó a spreag mise agus gliondar a bhí orm go raibh an lá leis an Phortaingéil. Cluiche ceannais leamh gan mhaith a bhí ann ach ba é an toradh ceart é.

Ní fear mór Ronaldo mé ná fear mór Real ná fear mór Man U agus ba chuma liom go mbeadh bonn Eorpach aige – ach ba bhocht an gortú a bhain dó. Ach an lucht leanúna atá ag an Phortaingéil, sin scéal sin. Tá lear mór de phobal na tíre sin ina gcónaí san áit a bhfuil mise. Tá siad ag obair sna háiteacha nár mhaith leis an duine áitiúil obair a dhéanamh inti. Obair mhaslach atá ar siúl ag mórán acu, iad i bhfad ó bhaile, ina gcónaí i dtír atá fuar fliuch. Bhí páistí óga na Portaingéile le feiceáil inné faoina gcuid caipíní. Ba dheas an radharc é agus nach deas go mbeidh daoine, atá chomh bocht linn féin, in ann ceiliúradh a dhéanamh as gaisce a gcuid peileadóirí?

Anois, cá huair a thosaíonn na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain?

Mórtas cine

Fadó fadó bhí aird ag cuid mhór againn ar na heuros eile sin, euros na lúthchleasaithe. Ní dócha go bhfuil sin chomh fíor sin anois agus a bhí. Rinne RTÉ iarracht roinnt de na buaicphointí agus na rásaí is tábhachtaí a chur romhainn agus iad ag plé leis an sacar agus an CLG fosta.

Bhí fiúntas mór ag baint leis an phainéal a bhí acu – Derval O’Rourke, Sonia O’Sullivan agus Jerry Kiernan – agus ba dheas go raibh ábhar ceiliúrtha againn agus bonn cré-umha ag bean an Dúin, Ciara Mageean, sa 1,500 méadar.

Ní dócha go raibh an oiread airde ag an phobal mór uirthi agus a bhí ar leaids an tsacair, áfach. Faraor, tá cuid mhór den rómáns imithe den lúthchleasaíocht ghairmiúil. Is minic a bhím ag amharc ar Shraith an Diamaint agus mé ar nós cuma liom faon rud ar fad. Tá siad ag rith ar son airgid agus tuigim go bhfuil airgead tábhachtach más lúthchleasaí gairmiúil thú. Ach ní chorraíonn an t-airgead do chroí.

Is é rud a chorraíonn do chroí ná duine a tháinig ar an saol i dtír bheag ag tabhairt dúshlán na náisiún mór agus geansaí a dtíre dúchais orthu. Sin rud a rinne Sonia O’Sullivan agus Eamonn Coghlan lá den saol dúinn agus rud atá Usain Bolt agus Dafne Schippers á dhéanamh dá dtíortha féin.

Tagann Mageean as Port an Pheire, ceantar álainn ar fad ach ceantar nach bhfuil mórán ann ar chor ar bith. A leithéid d’urra géag atá inti gur éirigh léi an chraobh a bhaint amach ar chor ar bith, gur tháinig sí slán ón ghortú agus go bhfuil bonn aici. Nach í a thugann ardú meanman duit do na Cluichí Oilimpeacha?

Cue an ceol sin as Rocky….

Howzat!

Ná bíodh imní ort ó tharla go bhfuil deireadh leis an sacar. Tá an pheil Ghaelach, an iomáint agus, bhuel, an cruicéad againn go fóill. Tá Éire agus an Afganastáin ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa chruicéad i mBéal Feirste faoi láthair. Sea! Éire. An Afganastáin. Cruicéad. Béal Feirste. Bhuel, ní fada go dtabharfaidh siad agaidh ar a chéile. Chuir an fhearthainn mhór críoch leis an chruicéad Dé Domhnaigh, is é sin, “rain stopped play”. Ní minic a bhíonn na focail sin i mbéal duine ar bith a leanann CLG. Amharc mar a d’fhulaing Ros Comáin agus Gaillimh inné agus an díle anuas orthu.

Ach tá cruicéad i bhfad níos sibhialta ná bog ball, nach bhfuil? I say, old bean, where’s the pavilion?

Fág freagra ar 'An Saighdiúir Samhraidh: Nár dheas daoine chomh bocht linn féin a fheiceáil ag ceiliúradh?'