AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Go bhfóire Dia ar Mhaigh Woe!

Tá an Saighdiúir ag ríomh an mí-ádh a lean Maigh Eo ó aimsir Naoi

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Go bhfóire Dia ar Mhaigh Woe!

Andy Moran Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Maigh Woe! Maigh Woe! Maigh Woe! Is líonmhar na scéalta agus na tubaistí a bhaineann leis an chontae chaointeach caide seo. Mallacht agus mí-ádh atá orthu le fada fada an lá, mallacht atá, dé réir an tseanchais, ag dul siar go dtí aimsir an tSean-Tiomna.

Seans nach raibh a fhios agat go raibh deartháir ag Naoi. Art a bhí air agus tá sé sa tseanchas gur thóg sé féin áirc le cois áirc a dhearthár. Ba é an plean a bhí acu go rachadh na hainmhithe ar fad ar bord áirc Naoi agus go gcuirfeadh Art na plandaí ar fad ar bord a loinge féin. Bhí an-drochbholadh as áirc Naoi agus an-dea-bholadh as áirc Airt de thairbhe na mbláthanna ar fad a bhí ar bord aige.

Bí ag caint ar bhád álainn lán bláthanna! Is ar Art a bhí an t-ádh nach raibh bualtrach ar bith ar bord aige agus ní raibh callán ar bith ar an bhád; ní bheadh caoirigh ná eile á mhúscailt as codladh na hoíche. Nach ar a dheartháir bocht Naoi a bhí an mí-ádh, a smaoinigh Art. Ba é a bhí sásta. Róshásta mar a tharla.

Bhí go maith agus ní raibh go holc. Tháinig an fhearthainn agus bhí Naoi agus Art sásta go dtiocfadh idir ainmhithe agus phlandaí slán as an díle. Bhí siad ullamh. Bhí an obair déanta. Bhí misneach acu. Bhí ciall acu. Bhí siad ar an eolas faoina raibh rompu. “Titeadh an fhearthainn,” a dúirt siad, “níl eagla ar bith orainn.” Chroith siad lámha le chéile; chuaigh Naoi chun a áirce agus Art chun a áirce agus chuir siad chun farraige.

Mar a tharla, tháinig Naoi slán ach chuaigh áirc Airt go tóin na farraige agus tásc ná tuairisc air féin ná ar a chuid plandaí faoi na tonnta móra. Bhí botún mór amháin déanta ag Airt – fear as Maigh Woe a thóg a áirc agus chuir sé píosa móna in íochtar an bháid san áit ar chóir dó píosa adhmaid a chur. “Níl mórán sa difear idir móin agus adhmad,” a dúirt fear Mhaigh Woe leis féin agus é ag cóiriú na háirce, “dónn siad beirt.”

Bhí an ceart aige sa mhéid ach, faraor, ní hionann adhmad in uisce agus móin ar muir. D’imigh an mhóin agus tháinig an t-uisce. As an eachtra sin a thagann an seanfhocal clúiteach sin as Connachta: “An té a thógann bád móna, bíodh snámh maith aige.”

(Ar ndóigh, d’fhág an Eaglais Chaitliceach an scéal sin as an tSean-Tiomna nó cleachtann siad cinsireacht!)

Nó ar chuala tú an scéal faoin fhear as Maigh Woe a cuireadh chuig Napoléon lá Waterloo? Bhí an fear le heolas a thabhairt do Bonny go raibh na Prúisigh ar an bhealach agus gur chóir do Napoléon déanamh réidh faoina gcoinne. Faraor géar, bhí tart ar fhear Mhaigh Woe, stad sé ag tábhairne, d’ól cúpla pionta agus, thosaigh an chaint ar chaid le fear as Ciarraí agus, bhuel, chaill Bonny bocht an lá.

Nó an garda cosanta as Maigh Woe a bhí le hAbrahám Lincoln san amharclann an oíche áirithe sin agus a chuaigh go teach an asail ar feadh soicind go díreach mar go raibh sé ag burstáil nó an fear as Maigh Eo a dúirt le Custer nach raibh Indiach ar bith sa cheantar nó an fear faire as Maigh Woe a bhí i Haváí Domhnach amháin in 1941 agus a d’fhág na déshúiligh sa bheairic…

Ní mí-ádh go Maigh Eo! Ní bhíonn ach seans amháin ann le bád a sheoladh agus luíochán a chur!


Brendan Rodgers. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Déarfainn gur beag duine de lucht leanúna na gCeilteach – is cuma cé chomh dílis é – go raibh sé ag súil le bua chomh mór sin ar Astana oíche Chéadaoin seo caite. 5-0 a bhí an scór a bhí ann sa deireadh ag club Ghlaschú agus iad ag iarraidh páirt mar ba cheart a ghlacadh i Sraith na Seaimpíní.

Bhí peileadóirí na gCeilteach díograiseach i mbun imeartha ach is fíor gur scóráil foireann Astana cúpla cúl tuathail (grma arís tearma.ie!) le linn an chluiche – agus ceann acu sin aimsithe ag fear Astana a raibh, ahem, Shitov, air.

Anois, tuigim go bhfuil céim ollscoile agam agus nár cheart dom greann a bhaint as rud chomh leanbaí le sloinne Shitov. Ach níl neart agam air. Gach aon duine as béal a chéile anois: “There’s only one Shitov! There’s only one Shitov! There’s only one Shiiiiitooovvvv! There’s only one Shiiiittttooovvvv!”

Fág freagra ar 'AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Go bhfóire Dia ar Mhaigh Woe!'