AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Fág faoi na Sasanaigh an t-excitement ar fad a chur ar fáil

Tá an Saighdiúir ag baint súp as cás fhoireann sacair Shasana cé gur mó pléisiúr a thugann na himeachtaí peile as an pháirc ná na himreoirí ar an pháirc dó

Faoinár gcomharsana a bhí sé an t-excitement ar fad a chur ar fáil. Á, na Sasanaigh, is minic gur mó pléisiúr agus bús a chuireann na himeachtaí peile as an pháirc ar dhuine ná na himreoirí ar an pháirc. Cá mhéad uair a chuala muid scéalta áiféiseacha faoin fhoireann agus iad i mbun pleidhcíochta de shaghas inteacht a mheall aird na dtablóidí orthu?

Agus seo anois na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain ar tí tosú agus shílfeá go mbeadh an ceacht foghlamtha acu uilig laethanta seo na meán sóisialta agus na gceamaraí beaga bídeacha agus go mbeadh ciall ag gach duine cloí leis an ráiteas – ‘whatever you say, say nothing’. Ach ní hamhlaidh a bhíonn. B’eo chugainn an tubaiste is nuaí – caithfidh bainisteoir Shasana, Sam ‘Airgead’ Allardyce, éirí as a phost mar gheall ar fhiosrú iriseoirí. Wó! Níl a fhios agam cad é an rud is mó a chuir iontas orm – go raibh fear a bhí ag saothrú na milliún punt fós ag iarraidh cúpla punt sa bhreis a shaothrú nó go raibh éifeacht le hobair iriseoirí! (Sea, is mé atá ciniciúil faoin cheird seo!)

Cibé, slán le Sam agus fáilte roimh Gareth Southgate mar bhainisteoir eatramhach. Nach ar Southgate a bhí an t-ádh go raibh lucht sacair Shasana ag tabhairt aghaidh ar dtús ar Mhálta, ceann de na tíortha peile is lú sa chomórtas! Nó b’fhéidir nach air a bhí an t-ádh ar chor ar bith agus scáil na hÍoslainne go fóill ar shacar Shasana? Is fíor go bhfuil Málta in ainm is a bheith míle uair níos measa ná an Íoslainn ach an dtabharfadh sin sólás ar bith duit agus tú ag dul chun cuibhrinn faoi gheansaí na leon? Is mó eagla a chuireann piongain ar dhaoine ná leon Shasana faoin am seo.

Mar a tharla, bhí an lá leis na Sasanaigh – más ar éigean é. Ba leor an dá chúl acu, ach féach nár éirigh leo oiread is cúl amháin a aimsiú sa comhscór leamh sa tSlóivéin Dé Máirt. Ní thógfá ar na Sasanaigh é iad a bheith rud beag imníoch, rud beag trína chéile. Beidh na meáin agus na peileadóirí agus an lucht tacaíochta ag fanacht leis an chéad chliseadh eile, leis an chéad tubaiste eile, leis an ghlam gháireach as na hardáin – An Íoslainn! an Íoslainn! an Íoslainn!

Is é rud a mholfainn do gach foireann a imríonn in éadan Shasana fáil réidh leis an gheansaí dheas Nike nó Adidas agus seangheansaí iascaire a chur orthu féin, cleití faoileáin a chur ina gcuid gruaige, buataisí báid a chur ar a gcosa, an fhéasóg a fhás go rúitíní agus ligean orthu féin gur de shliocht na Lochlannach iad.

Cuirfidh sé sin scanradh ar na Sasanaigh mura gcuireann rud ar bith eile!

An Íoslainn! an Íoslainn! an Íoslainn!

Fág freagra ar 'AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Fág faoi na Sasanaigh an t-excitement ar fad a chur ar fáil'

  • Traolach

    An t-excitement. Nach breá an focal Gaeilge é!