AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An ‘Sky’ agus an talamh tite ar a chéile?

Déanfaidh an CLG cúpla euro as Sky. Ach an gcaillfidh siad rud éigin eile níos luachmhaire, an caidreamh sin leis an phobal?

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An ‘Sky’ agus an talamh tite ar a chéile?

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Dua agus díomá

An dtuigeann údaráis CLG an dua a chuireann an lucht leanúna orthu féin le bheith i láthair ag na cluichí móra? An dtuigeann siad an díomá a bhíonn orthu mura mbíonn siad in ann amharc ar na cluichí móra?

Tharla go raibh orm dul go Dún na nGall Dé Sathairn. Agus mé ag taisteal fríd Thír Eoghain, bhí na céadta carr ag teacht aniar, bratacha Dhún na nGall agus Thír Eoghain orthu. Bhí siad ag triall ar Bhaile Átha Cliath. Dá fheabhas roinnt de na bealtaí nua in Éirinn, níl siad uilig thar mholadh beirte – go háirithe i dtuatha Chonaill agus Eoghain. Lena chois sin, tá áiteacha i dTír Chonaill atá chomh hiargúlta sin nach leor an aidiacht ‘iargúlta’ le cur síos a dhéanamh orthu. Ní turas maslach go turas mór fada as Dún na nGall go Duibhlinn.

Mar sin féin, tháinig an lucht tacaíochta ina sluaite, dóchas – gan mhaith sa deireadh – go mbeadh an lá leo.

Stop mé i Leitir Ceanainn. Bhí bean na bialainne ag gearán nach mbeadh an cluiche le feiceáil ar RTÉ. Ní raibh sí le híoc as Sky. Ní raibh sí leis an chluiche a fheiceáil. Rachadh sí chun an chluiche ach bhí obair le déanamh, dolaí le glanadh, airgead le déanamh.

Cinnte, déanfaidh an CLG cúpla euro as Sky. Ach an gcaillfidh siad rud éigin eile níos luachmhaire, an caidreamh sin leis an phobal?

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

An chaint – chontráilte – sa tsráidbhaile

Ar chúiseanna éagsúla, is ag brath ar an chaint sa tsráidbhaile a bhí mé tráthnóna Shathairn le torthaí na gcluichí a fháil. Dúirt bean liom gur chaill Dún na nGall ach gur bhain Tír Eoghain. Bhuel, a shíl mé, nach ar mhuintir Thír Eoghain a bheas an gliondar agus iad sa tóir ar Sam arís eile? An mhaidin dár gcionn a dúradh liom nárbh amhlaidh é; chaill an dá chontae. Bhuel, a shíl mé, nach ar mhuintir Ard Mhacha a bheas an gliondar nach mbeidh Tír Eoghain sa tóir ar Sam arís eile?

Ag cur an gháire i leataobh, sin agat tuilleadh fianaise – má bhí tuilleadh de dhíth – go bhfuil peil Chúige Uladh in ísle brí, gan oiread is contae amháin in ann an cluiche leathcheannais a bhaint amach agus, i ndáiríre, caighdeán an-íseal peile an bhliain ar fad ag na foirne Ultacha. Agus seo dhá chontae a bhí in iomaíocht le chéile i gcluiche ceannais Uladh. Agus is measa arís an scéal nó tá péire as Cúige Mumhan sna cluichí leathcheannais chéanna.

Ní chuirfeadh sé iontas orm an ghrian a fheiceáil ag éirí san iarthar agus ag dul a luí san oirthear!

An rud is annamh…

Peileadóirí Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais na hÉireann; Fear Buí ar Aifreann; iriseoir sona; ball d’Amnesty International in éadan an ghinmhillte; Gaeilgeoir sásta; camán gan cham; féar nach bhfásann; bláth gránna; beach nach mbacann; polaiteoir umhal; Marxach meidhreach; féileacán feargach; coinín cantalach; éan eaglach roimh eitilt; madadh a réitíonn le cait; cait a réitíonn le luchóga; luchóga a scanraíonn cait; Cait nach mbaineann cluiche ceannais iomána na hÉireann amach?

Fág freagra ar 'AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An ‘Sky’ agus an talamh tite ar a chéile?'