An Sagart, an Bambino, an Pocaide agus Biddy Early – mallachtaí an spóirt

‘Mura bhfuil agat ach pocaide gabhair, bí i lár an aonaigh leis,’ a deir an seanfhocal. Ní hionann cás nuair a thugtar chuig cluiche den baseball é, rud atá ar eolas i Chicago ó 1945

An Sagart, an Bambino, an Pocaide agus Biddy Early – mallachtaí an spóirt

Agus tusa á léamh seo, tá eolas agat nach bhfuil agamsa agus mé ag tabhairt faoina scríobh. Sin mar go bhfuil a fhios agatsa an bhfuil deireadh curtha ag peileadóirí Mhaigh Eo le ‘Mallacht an tSagairt’ nó an maireann sin i gcónaí.

Tá sé 65 bliain ó cuireadh í, más fíor – leagtha ag sagart i mBéal Easa, a mheas nár thug an fhoireann dheireanach a bhuaigh Craobh na hÉireann don chontae dóthain measa do shochraid a bhí ar bun ar an mbaile agus iad ag filleadh as Baile Átha Cliath leis an gcorn. Mura bhfuil mé ag dul amú, chonaic mé in áit éicint go bhfuil sé cruthaithe ó shin nach raibh sochraid ar bith ar an sráidbhaile an tráthnóna céanna. Cuma sin, a deir tú.

Bhí a leithéid de mhallacht luaite le hiománaithe na Gaillimhe agus an Chláir freisin ar ndóigh, ach nuair a dhéanann duine beagán carta, faigheann tú amach go raibh Biddy Early, atá luaite le mallacht an Chláir, básaithe sular tháinig Cumann Lúthchleas Gael ar an saol beag ná mór.

Ní leis na Cluichí Gaelacha amháin ar ndóigh a bhíonn a leithéid luaite, is beag spórt nach mbaineann pisreog nó mallacht éicint leis, cé go gcuirtear a bhformhór de dhroim seoil luath nó mall.

86 bliain a mhair an ‘Curse of the Bambino’ a bhí ar fhoireann baseball na Boston Red Sox, siocair gur dhíoladar Babe Ruth (an ‘Bambino’) leis na New York Yankees i 1918 tar éis dóibh an World Series a bhuachan. Níor éirigh leis na Red Sox sin a dhéanamh arís go dtí 2004.

I láthair na huaire tá foireann eile sa spórt céanna, na Chicago Cubs ag iarraidh an ruaig a chur ar mhallacht atá orthu féin achar níos faide ná sin agus iad ag tabhairt faoi níos stuama i mbliana ná a rinne siad le fada.

Agus gnáthshéasúr baseball na bliana seo tagtha chun críche ó Dhéardaoin seo caite, tá níos mó cluichí buaite ag na Cubs ná ag aon cheann de na 29 foireann eile sna Státaí agus iad faoi réir leis an gcéad cheann de na cluichí cáilithe a imirt Dé Domhnaigh seo chugainn – ach dhá chluiche eile a bhuachan ina dhiaidh sin, bheidís sa World Series.

Sin comórtas nár bhuaigh na Chicago Cubs ó bhí 1908 ann agus ní mar gheall ar shagart, ar shochraid ná ar chailleach atá an mhallacht orthu siúd, ach mar gheall ar ghabhar!

Sibhse a thaistil riamh trí Aerfort O’Hare i Chicago, tá seans ann go bhfuair sibh fliuchadh bhur mbéil sa ‘Billy Goat Tavern’ nó i dtithe ósta ar an ainm céanna atá i Navy Pier nó i Madison Street sa gcathair sin. Má fuair, bhí sibh i gceartlár ‘Mhallacht an Phocaide’.

Bheadh sé fíorthráthúil uilig dá bhféadfainn a rá go mba fear as Ros Muc a d’oscail tábhairne faoin ainm sin den chéad uair, ach níorbh ea ach Gréagach darbh ainm Billy Sianis.

Bhí an-suim ag Billy sa baseball agus cloigeann maith margaíochta air freisin, ba léir, mar nuair a bhain na Cubs an World Series amach i 1945 cheannaigh Billy dhá thicéad don chluiche idir iad féin agus na Detroit Tigers i Wrigley Field – an pháirc atá ainmnithe in ómós do lucht an ghuma choganta arbh leo na Cubs.

Nuair a tháinig an lá, leaindeáil Billy ag láthair na himeartha agus staic de phocaide gabhair mar chomrádaí aige. Siocair dhá thicéad a bheith acu ní raibh de rogha ann ach iad a scaoileadh isteach, ach ba bheag den chluiche a bhí feicthe ag an úinéir ná ag an ainmhí nuair a tugadh bata agus bóthar dóibh mar go raibh an boladh bréan a bhí ar an ngabhar ag goilliúint ar an lucht féachana a bhí ina dtimpeall.

“Them Cubs, they ain’t gonna win no more,” a deir Billy ag dul amach an geata dó agus chuir sé teileagram chuig an úinéir Philip K. Wrigley inar dhúirt sé “You are going to lose this World Series and you are never going to win another World Series again. You are never going to win a World Series again because you insulted my goat.”

As siúd d’fhás ‘The Curse of the Billy Goat’.

Tá iarrachtaí go leor déanta ag na Cubs an mhallacht a shárú ó shin – an dá lá ar thosaigh séasúr an baseball i 1984 agus i 1989, tugadh gabhar a bhí ar adhastar ag mac dearthár le Billy Sianis amach chuig lár Wrigley Field agus arís i 1998 nuair a bhí siad san iomaíocht i gcluiche cáilithe rinneadh an cleas céanna.

An chéad dhá gheábh, bhuaigh siad an tsraith s’acu féin agus i 1998 bhain siad babhtaí cáilithe an World Series amach.

Ach, tá siad fós ag fanacht leis an duais

mhór.

Fág freagra ar 'An Sagart, an Bambino, an Pocaide agus Biddy Early – mallachtaí an spóirt'