An Roinn Oideachais ag obair i gcónaí ar bhunú Aonad Gaeltachta agus ceannasaí an aonaid fós le ceapadh

Gealladh an mhí seo caite go mbeadh foireann an Aonaid ceaptha faoin Nollaig agus go rachadh an tAonad i mbun oibre ag tús na míosa seo

An Roinn Oideachais ag obair i gcónaí ar bhunú Aonad Gaeltachta agus ceannasaí an aonaid fós le ceapadh

Níl an tAonad Gaeltachta bunaithe ag an Roinn Oideachais faoi mar a gealladh go mbeadh an bhliain seo caite. Dúradh ag cruinniú de chuid Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán an Oireachtais an mhí seo caite go mbeadh foireann an Aonaid ceaptha faoin Nollaig agus go mbeadh ceathrar i mbun oibre in oifigí na Roinne Oideachais an chéad seachtain de mhí Eanáir 2017.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairsic.ie gur “dáileadh” beirt, Príomhoifigeach Cúnta agus Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin, le dul i mbun oibre san Aonad “go luath i mí Eanáir”, ach go raibh Oifigeach Cléireachais agus Oifigeach Sinsearach, a bheadh i gceannas an Aonaid, fós le ceapadh.

Tugadh le fios freisin nach mbeadh foireann an Aonaid nua i mbun oibre san oifig chéanna ach scaipthe “in oifigí éagsúla de chuid na Roinne”. Níor dúradh cad iad na hoifigí atá i gceist. Dúradh ag an gcruinniú an mhí seo caite gur i mBaile Átha Luain agus i mBaile Átha Cliath a bheadh an tAonad lonnaithe. Nuair a chuaigh Tuairisc.ie i dteagmháil le hoifigí na Roinne Oideachais i mBaile Átha Luain coicís ó shin, ní raibh aon eolas ag an bhfáilteoir faoi Aonad Gaeltachta a bheith lonnaithe ansin.

Cuireadh ceisteanna ag an gcruinniú an mhí seo caite faoin Aonad a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht ach dúirt Príomhchigire na Roinne, Harold Hislop, “nach raibh i gceist riamh ach go mbeadh sé in oifigí atá ag an Roinn cheana féin”.

Dheimhnigh urlabhraí na Roinne do Tuairisc.ie go raibh “cumas inniúlachta” sa Ghaeilge ag gach oifigeach a bheidh ag obair san Aonad agus gur “trí mheán na Gaeilge” a dhéanfaí an obair sin.

Tugadh le fios freisin go bhfuil Cigireacht na Roinne ag ullmhú faoi láthair “chun roinnt cigirí a aithint don Aonad” le cabhrú le scoileanna sa Ghaeltacht agus iad i mbun oibre chun aitheantas oifigiúil a fháil mar scoileanna Gaeltachta.

Tá an tAonad Gaeltachta á bhunú leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta, a seoladh an fómhar seo caite ar an gCeathrú Rua, a chur i bhfeidhm.

“Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis leanúint ar aghaidh ag obair ar an bpolasaí don Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm ó foilsíodh é i mí Dheireadh Fómhair seo caite,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt sé freisin go bhfuiltear ag obair ar phleananna do chur i bhfeidhm an Pholasaí “ionas gur féidir tús a chur le rollú amach an Pholasaí ar Oideachas Gaeltachta de réir mar atá beartaithe”.

Tá imní léirithe cheana féin ag eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeloideachais faoin leagan amach a bheidh ar an Aonad nua.

Le linn cruinniú eile de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais an mhí seo caite, chuir Leas-Uachtarán na heagraíochta Gaeloideachas, Anna Ní Chartúir, ceisteanna faoin mbealach a n-oibreodh an tAonad nua Gaeltachta.

“Ba mhaith linn go mbeadh tuiscint níos fearr againn ar an Aonad Gaeltachta. Cé a bheidh [ag obair] ann? Céard iad na dualgais a bheidh orthu? Ba mhaith linn go mbeadh ceannasaíocht láidir san Aonad sin, agus go mbeadh tuiscint ar leith acu ar an oideachas Gaeltachta agus ar scoileanna Gaeltachta,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'An Roinn Oideachais ag obair i gcónaí ar bhunú Aonad Gaeltachta agus ceannasaí an aonaid fós le ceapadh'