An rogha treo do bhóthar nua mórthimpeall na Gaillimhe ar fáil anois

Cé nach bhfuil aon chinnteacht faoi airgead a bheith ar fáil nó cén dáta a dtosóidh an obair, beidh impleachtaí móra pleanála ag an rogha treo don bhóthar nua mórthimpeall chathair na Gaillimhe

Learscáil
An treo atá molta anois do sheachbhóthar nua na Gaillimhe

Tá an léarscáil (thuas) den treo is fearr leis na húdaráis do sheachbhóthar nua na Gaillimhe (N6) ar fáil anois. Is cónascadh atá sa rogha nua de na bealaí eile a moladh roimhe seo don bhóthar a bhfuil conspóid mhór ag baint leis le tamall anuas.

Ceanglófar an N6 nua le Bóthar Chois Fharraige (R336) ag timpeallán nua tuairim is dhá chiliméadar siar ó Bhearna agus rachaidh sé as sin soir ó thuaidh timpeall Chathair na Gaillimhe.

Táthar ag súil go maolóidh an bóthar nua, a chruthóidh ceangal idir Conamara agus an gréasán náisiúnta bóithre, na fadhbanna tráchta atá ag Cathair na Gaillimhe le scór blianta anuas. Tosaíodh an obair ar leagan amach agus ar dhearadh an bhóthair sa bhliain 1999 ach níl aon chinnteacht ann an mbeidh an t-airgead mór a theastódh do thógáil an bhóthair ar fáil. Níl aon scálaí cinnte ama luaite leis an tionscnamh ach an oiread.

Tá impleachtaí móra ag an rogha treo, áfach, do chúrsaí pleanála, do thithe a chaithfear a leagan agus do thalamh a cheannófar go héigeantach.

Tá dhá thollán agus droichead nua trasna abhainn na Coiribe molta mar chuid den tionscnamh nua. Chaithfí 42 teach a leagan agus dhéanfaí dhá leath de pháirc iomána Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa Daingean. Tá sé ráite ag údaráis na hOllscoile go bhfuil an-díomá orthu faoin moladh seo agus go mbeidh siad ag féachaint céard is féidir leo a dhéanamh faoin gceist.

Fuarthas beagnach míle aighneacht ón bpobal suas go dtí an 6 Márta nuair a bhí an chéim is deireanaí seo do threo an bhóthair á beartú. Sa bhreis air sin, bhí os cionn 300 cruinniú ag na saineolaithe le daoine ar cás leo treo an bhóthair, ina measc lucht polaitíochta.

Cuirfear tús le próiseas comhairliúcháin poiblí faoin rogha seo ar 25 Bealtaine.

Fág freagra ar 'An rogha treo do bhóthar nua mórthimpeall na Gaillimhe ar fáil anois'