An róchuma linn faoin gclub?

Dar leis na daoine is mó a bhfuil cumhacht acu i gCLG, is é an cluiche contae bun agus barr an scéil.

 

©INPHO/Cathal Noonan
©INPHO/Cathal Noonan

Tamall de bhlianta ó shin bhí cruinniú ag Comhairle na Mumhan i gCill Airne chun iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar na fadhbanna is mó a bhíonn ag déanamh tinnis do na clubanna.

Ar bharr an liosta acu, bhí an fhadhb a eascaríonn as córas an ‘chúldorais’ ag an leibhéal idirchontae.

Ar feadh blianta fada, nuair a díbríodh foireann as an gcomórtas craoibhe, b’shin é é. Bíonn an dara seans anois acu agus is maith ann é.

Ach ón uair a tugadh an coras nua isteach, timpeall an ama chéanna ar thosaigh daoine ag caint ar an ‘Bainisteoir’ agus cumhacht an bhainisteora, tá saol an ghnáthimreora club athraithe go mór.

I láthair na huaire tá an-béim á cur ag Cumann Lúthchleas Gael ar na comórtais chraoibhe idirchontae. Is ó na comórtais sin agus na cluichí iontacha iontu a fhaigheann CLG an bholscaireacht agus an fhógraíocht is mó.

Fiú sula mbíonn an séasúr caite deintear amach an máistir-liosta do na cluichí idirchontae ar fad agus cloítear, go hiomlán nach mór, leis an liosta sin.

Déanann an bainisteoir idirchontae scrúdú doimhin ar na liostaí sin agus déanann sé amach plean ullmhucháin agus traenála dá imreoirí.

Is i Mí na Nollag de ghnáth a dhéanann na boird chontae go léir na tarraingtí do na cluichí craoibhe club.

Luath go leor san athbhliain, deintear iarracht clár na gcluichí club a chur in eagar. Agus tabhair faoi ndeara ansin gur scríobh mé ‘deintear iarracht’ mar is iarracht atá i gceist agus is annamh, más in aon chor, a chloítear leis an liosta céanna.

Cén fáth?

Bhuel is anseo a thagann an bainisteoir contae isteach lena phleananna féin.

Is minic a chuireann a phleananna isteach ar na cluichí club mar, dar ndóigh, bíonn na himeoirí tábhachtacha idirchontae ag teastáil uaidh go lánaimseartha, nach mór, fad is atá a fhoireann ag prapáil do na cluichí is mó i bhféilire CLG.

I gcontaetha áirithe cuirtear stad iomlán leis na cluichí club go dtí go mbíonn deireadh leis na cluichí craoibhe idirchontae.

Ach cad a dhéanann an t-imreoir club i rith an tsamhraidh? Traenáil agus níos mó traenála.

Agus cad a dhéanann an bainisteoir club? Déanann sé a dhícheall seifteanna a cheapadh chun na himreoiri a choinneáil leis agus a ndíliseacht don chlub a chothú le go mbeidh siad ullamh don bhfómhar.

Smaoinigh ar an aimsir iontach a bhí againn an samhradh seo caite agus samoinigh go raibh chuid maith de na himreoiri club díomhaoin ag an am.

I gcontaetha áirithe, déantar iarracht an dá thrá a fhreastal ach tugtar tús áite i gcónaí don chluiche idirchontae má bhíonn aon chinneadh conspóideach le déanamh.

Mo ghraidhin é an t-imreoir club bocht agus níl trácht déanta fós againn ar chluichí athimeartha. Má bhíonn athimirt i gcluiche idirchontae cuirtear na cluichí club ar athló.

Smaoinigh ar an imreoir club agus a bhean nó a chairde ag iarraidh saoire a phleanáil. Má bhíonn comhscór ann i gcluiche idirchontae, cuirtear an cluiche club ar athló agus cuirtear na pleannna sin ar fad ó mhaith.

Dar leis na daoine is mó a bhfuil cumhacht acu i gCLG, is é an cluiche contae bun agus barr an scéil.

Déantar iarracht a mhalairt a thabhairt le fios agus cuma na maitheasa a chur ar an scéal, ach sin í an fhírinne i mo thuairimse.

Ní foláir teacht ar réiteach a thabharfaidh cothrom na féinne do thromlach imreoirí CLG, is iad sin na himreoirí club.

 

Ní bheidh sé éasca.

Fág freagra ar 'An róchuma linn faoin gclub?'