An rialtas cáinte… ag an Taoiseach

Níl cuma ná caoi ar an ionad práinne in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh. Ní urlabhraí ón bhfreasúra a dúirt é

03/12/2015. Pictured is the Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny in Dublin Castle at the launch of a new report on how the Civil Service deals with dying, death, and bereavement among its 30,000 staff. Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie
An Taoiseach Enda Kenny. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Dá réiteodh cuairt pholaiteora ar ionad práinne ospidéil fadhb atá soiléir do chách le fada, bheadh ionad breá nua tógtha in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh – nó geallta ar a laghad.

Cuireadh fáilte san ionad roimh thriúr polaiteoirí sinsearacha le sé mhí anuas: Leo Varadkar, Brendan Howlin agus Micheál Martin. Ba léir dóibh uilig an róbhrú atá ar an ionad plódaithe, agus an riachtanas go dtógfaí foirgneamh nua gan mhoill.

Ach is ó bhéal pholaiteora eile a tháinig an cáineadh ba ghéire. Fear a dúirt

  1. Nach raibh ionad práinne i nGaillimh oiriúnach dá ghnó;
  2. Go raibh sé ar cheann de na háiseanna is uireasaí sa tír;
  3. Go raibh coinníollacha oibre na foirne “neamhghnách”;
  4. Gur theastaigh ionad práinne nua go géar i nGaillimh.

Bheadh súil le caint ghéar mar seo i ráiteas Teachta ar bith ón bhfreasúra. Ach is é Enda Kenny a dúirt gach focal thuas sa Dáil Dé Céadaoin. Cé a bhí freagrach as an tseirbhís sláinte iomlán le ceithre bliana anuas? A rialtas.

Bheifeá ag súil, mar sin, sílim, le geallúint éigin ón Taoiseach maidir le tógáil ionaid phráinne nua, a bhfuil géarghá leis, dar leis féin. Bheifeá ag súil leis go háirithe, ó tharla nach bhfuil tagairt ar bith d’ionad práinne nua i nGaillimh i bplean caiteachais caipitil an HSE.

Ach níor thug Enda Kenny geallúint ar bith. Dúirt sé go bhféadfaí an plean caipitil a athbhreithniú. Sin an méid.

Beidh iarrthóirí toghcháin an rialtais san iarthar ag iarraidh freagra níos dearfa roimh lá na vótála. Idir an dá linn, tá slat lena sciúirseáil tugtha don fhreasúra ag a gceannaire féin.

Tuairisc nach bhfeicfear, nó nach léifear

Ní tearc na tuairiscí oifigiúla ar ar tharla. Tuairisc Regling agus Watson (2010). Tuairisc Honohan (2010). Tuairisc Nyberg (2011). Agus cáipéis eile le foilsiú, b’fhéidir, i 2016?

Ní léir agus an colún seo á scríobh cen toradh a bheas ar an tréaniarracht atá idir lámha ag comhaltaí an Fhiosrúcháin Banceireachta leis na fadhbanna a chuireann an dlí agus an bunreacht ar gach fiosrúchán a shárú. Ach tá rogha an dá dhíogha ag bagairt orthu:

  1. Go bhfoilseofar tuairisc gan téagar, mar gheall ar shrianta dlíthiúla agus bunreachtúla, agus go ndéarfaidh ár bhformhór narbh fhiú an toradh an saothar, ná an costas.
  2. Nach bhfoilseofar tuairisc, agus go ndéarfaidh ár bhformhór narbh fhiú an toradh an saothar, ná an costas.

Cibé críoch a bheas ar an scéal, ní ar chomhaltaí an choiste a bheas an milleán. Dá mbeadh meon an phobail folláin, bheadh daoine buíoch den lucht fiosraithe: an cathaoirleach Ciarán Lynch, Sean Barrett, Michael D’Arcy, Joe Higgins, Michael McGrath, Marc MacSharry, Eoghan Murphy, Piaras Ó Dochartaigh, Kieran O’Donnell, Susan O’Keeffe agus John Paul Phelan.

Má ghlactar leis nach n-oirfeadh neamhfhoilsiú thuairisc an choiste don rialtas, is léir an chontúirt go gcuirfidh fadhb dlí de chineál éigin moill ar an bhfoilsiú, agus ar an olltoghchán dá bharr. Ní léir aon réiteach, áfach, ón méid atá á rá go príobháideach, ar an laige is bunúsaí a bhí ag an gcoiste ó thús.

Ní bheidh an coiste ábalta focal géar a rá faoi dhaoine a bhí freagrach as na polasaithe, ná as an maoirseoireacht stáit, ná as stiúradh na mbanc, a chuir an tír ar bhealach a haimhleasa sna blianta roimh 2010. Pé scéal é, tá an chuid is mó den bhreithiúnas géar a thuill siad tugtha sna tuairiscí atá luaite thuas (agus na páirtithe atá i mbun rialtais anois san áireamh) .

Ní raibh dlí sa tír an uair sin chun pionós a ghearradh ar an gcuid is mó de mhífhreagracht baincéara. Ní raibh dlí ann ach oiread a ghearradh pionós ar mhífhreagracht polaiteora. Go deimhin, níl dlí dá leithéid i bhfeidhm fós.

Is doimhne agus is práinní ceist nár fhiosraigh coiste ar bith fós. Ar fhoghlaim polaiteoirí na hÉireann ceacht ar bith le deich mbliana anuas? Nó, dá mbeidís toilteanacha ceachtanna a fhoghlaim, cén mhífhreagracht ba chóir a sheachaint anois agus amach anseo?

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidio a hAon

Fág freagra ar 'An rialtas cáinte… ag an Taoiseach'