An rialtas a bhunófar agus an fáth go mbunófar é…

Seachaint toghcháin: an riachtanas a choinneoidh an rialtas nua atá á mholadh ag Fine Gael slán, ar feadh tamaill

RollingNews.ie/RTE
RollingNews.ie/RTE

Tá dlús á chur le comhráite idirpháirtí agus le cur le chéile rialtais, cé nach féidir a bheith cinnte fós an mbeidh toradh soiléir ar an gcaint faoin am a mbeidh an chéad chruinniú eile den Dáil ann ar an 6 Aibreán.

Focal níor dúradh faoin gcumarsáid seo sa Dáil Dé Máirt (féach ‘Tús Maith…’ thíos). Is cuma. Níor pléadh bunú rialtais ar urlár na Dála riamh ná an clár oibre agus an mhuinín a theastaíonn lena aghaidh.

Tabharfaidh idir 70 agus 72 Teachta Dála tacaíocht don rialtas mionlaigh nua atá á phlé ag Fine Gael leis na neamhspleáigh, na Daonlathaigh Shóisialta agus an Comhaontas Glas. Beidh Enda Kenny ina Thaoiseach arís – ar feadh scaithimh – i dteannta airí ó Fhine Gael, airí neamhspleácha agus páirtí amháin eile ar a laghad.

Tuigeann Fine Gael agus Fianna Fáil araon go mbeidh comhthuiscint shoiléir eatarthu riachtanach chomh maith. Clúdóidh an socrú a dhéanfar le Fianna Fáil:

1. Cáinaisnéis amháin, ar a laghad.

2. Beartais chun déileáil le tithíocht, sláinte, agus táillí uisce.

3. Ábhar nó dhó eile, ar a laghad. 

Is ar phríomhchúis mhór amháin a dhéanfar an margadh casta seo: seachaint toghcháin. Ní bheidh an rialtas mionlaigh atá á phlé baileach chomh seasmhach le comhrialtas idir Fine Gael agus Fianna Fáil, ina mbeadh 93 Teachta páirteach (is leor 79 chun móramh Dála a dheimhniú).

Tá sé róluath buille faoi thuairim a thabhairt faoi théagar an tsocraithe atá á phlé agus b’fhéidir gur mímhuinín, mí-éifeacht, achrann, teannas agus teip faoi cheann leathbhliana atá i ndán dó.

Nó b’fhéidir go neartóidh laige an rialtais nua (ó thaobh uimhreacha de) a chur chuige. Má chuireann easpa móraimh iachall ar airí beartais a phlé i gceart ag coistí Dála, agus má thapaíonn an freasúra nua an deis le stuaim agus le freagracht, rachaidh an cur chuige nua chun tairbhe dúinn uilig.

Tá amhras ort? Ormsa freisin. Ach cuimhnigh ar a ndearna na rialtais a raibh móraimh Dála acu le deich mbliana anuas. 

An bhfuil duine ar bith sa tír, nach bhfuil claonta amach is amach, nach nguífeadh go mbeadh cóir ghaoithe le cur chuige de chineál eile?

Pé scéal é, mar a deireann polaiteoirí stuama go minic, bíonn na vótóirí ceart i gcónaí.

Fiú nuair nach léir in aon chor an rogha a rinne siad.

Tús maith…  

Ní chuireann an Ceann Comhairle nua Seán Ó Fearghaíl briathra amú agus gnó na Dála á riaradh aige.

“Further debate on the matter is pointless,” a dúirt sé le Gerry Adams Dé Máirt. Bhí ceannaire Shinn Féin ag moladh go gcuirfí Buan-Orduithe na Dála i leataobh chun cúrsaí sláinte, cúram leanaí agus táillí uisce a phlé.

Rud nach bhféadfaí a dhéanamh gan na hábhair díospóireachta a bheith curtha ar Chlár na Dála roimh ré le toil an rialtais, mar is eol do Gerry Adams. Phléigh ionadaithe na bpáirtithe agus na neamhspleách leasú ar an gcóras seo Dé Céadaoin, mar chuid d’atheagrú ar riar iomlán na Dála.

Bhí an Ceann Comhairle sa chathaoir ag an gcruinniú sin, agus táthar ag súil go dtiocfar ar chomhréiteach faoi rialacha nua sula dtiocfaidh an Dáil le chéile arís ar 6 Aibreán.

Ach go dtí sin, níl aon rogha ag Seán Ó Fearghaíl ach na Buan-Orduithe reatha a chur i bhfeidhm.

Thug sé an méid sin le fios, go neamhbhalbh agus go béasach do Theachta Dála eile de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh. Chuir Ó Fearghaíl i gcuimhne dó go raibh tréimhse níos faide caite ag Aengus mar Theachta Dála ná mar a bhí aige féin. Is ina dhiaidh sin a dúirt sé leis go bhféadfaí an riail a athrú. Ní theastaíonn ach comhthuiscint, a dúirt an Ceann Comhairle leis. Nod don eolach. 

Teastaíonn stuaim i gcónaí, agus an ‘modh díreach scaití’, ó gach Ceann Comhairle. Dhá thréith atá á léiriú ag Seán Ó Fearghaíl ó chuaigh sé i gceannas ar an Dáil nua éidreorach. 

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.